Dóiteán i gColáiste Mhagh Éne, Bun Dobhráin

Magh Ene College Logo

Bhí dóiteán i gColáiste Mhagh Éne, Bun Dobhráin go luath maidin Dé Céadaoin, 24 Bealtaine 2023. Is iar-bhunscoil í atá faoi bhainistíocht Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB). Nuair a fuarthas amach go raibh dóiteán sa scoil cuireadh na seirbhísí éigeandála chuig an suíomh láithreach agus rinne comhraiceoirí dóiteán gach iarracht leis an […]

Cuairt Tugtha ag an Aire Oideachais Norma Foley T.D. ar Choláiste na Maoile Ruaidhe

Ba mhór an onóir do dhaltaí, do bhaill foirne, do Bhord Bainistíochta agus do thuismitheoirí Choláiste na Maoile Ruaidhe fáilte a chur roimh an Aire Oideachais, Norma Foley ar an 31 Márta. Chuir an Príomhoide Fiona Temple fáilte roimh an Aire Foley; threoraigh sí isteach sa scoil í, áit ar chas sí leis an chuid […]

Óstálann an Cumann Foirne Scoir an Chéad Chruinniú Ginearálta

People at a desk.

Tar éis seoladh rathúil Chumann Foirne Scoir ETB Dhún na nGall (RSA) ar an 30 Samhain 2022 i mBealach Féich, tháinig os cionn seasca ball foirne ar scor le chéile i mBaile Dhún na nGall ar an 3 Márta dá chéad Chruinniú Ginearálta. Roimhe sin bhí caint ó Helen Kelly faoin Aireachas agus faoin bhFolláine […]

Rath Choláiste an Eargail ag Babhtaí Ceannais an Chontae i gComórtas Fiontraíochta

Student holding a trophy and a representative from LEO and Letterkenny Mayor.

Bhí cúis mhaith chéiliúrtha ag Coláiste an Eargail Dé Céadaoin, 8 Márta 2023 mar gur éirigh go maith le trí cinn dá mhionchomhlacht Idirbhliana ag Babhtaí Ceannais an Chontae sa Chomórtas Fiontraíochta do Dhaltaí a reáchtáil Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ) Dhún na nGall in Óstán an Clanree i Leitir Ceanainn. Bhí roinnt mhaith mionchomhlachtaí i […]

Gradam Sármhaitheasa ETBI sa Bhreisoideachas agus Oiliúint Bainte ag ETB Dhún na nGall

Four people, one holding an award.

Bhain Ionad Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall i mBaile na nGallóglach an Gradam Sármhaitheasa sa Bhreisoideachas agus Oiliúint le haghaidh a thionscnaimh Aitheantais Réamhfhoghlama (RPL), ag searmanas bronnta Ghradaim Shármhaitheasa ETBI, ócáid a reáchtáladh den chéad uair le gairid. Reáchtáil Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) an searmanas Déardaoin, 2 Márta mar pháirt […]

Labhraíonn Tommie Gorman ag Seimineár Oideachais Pobail

Image of person speaking at a microphone.

Iareagarthóir an Tuaiscirt le RTÉ, Tommie Gorman, ba ea an t-eochairchainteoir ag Seimineár Oideachais Pobail ETB Dhún na nGall a reáchtáladh le déanaí. Ócáid bhliantúil atá ann agus déanann Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) an ETB í a óstáil. Bhí sé deas an ócáid a fheiceáil beo arís i ndiaidh di a bheith á reáchtáil […]

Gealltanas Tugtha ag Réaltaí Spóirt as Dún na nGall go ndéanfaidh siad ‘Giota Léitheoireachta’ ar an 25 Feabhra

Image of sports star and logos

Tá gealltanas tugtha ag lear mór réaltaí spóirt as Dún na nGall go ndéanfaidh siad ‘giota léitheoireachta’ Dé Sathairn, 25 Feabhra agus tá siad ag impí ar an phobal déanamh amhlaidh. Thug na réaltaí a gcuid gealltanas i bhfíseán arna chur le chéile ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall […]

Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn ar Cuairt chuig Coláiste na Maoile Rua

Four people standing at entrance to a school.

Ba mhór an onóir é do mhic léinn, do bhaill foirne, do Bhord Bainistíochta agus do thuismitheoirí Choláiste na Maoile Rua fáilte a chur roimh an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn Dé hAoine, 10 Feabhra. Chuir an Príomhoide Fiona Temple fáilte roimh an Uachtarán Ó hUigínn agus threoraigh sí isteach sa scoil é, áit ar […]

Ceapacháin Úra Déanta ag ETB Dhún na nGall le Tacú le Daltaí Úcránacha

Tá beirt daoine ceaptha ag ETB Dhún na nGall le gairid mar atá Rosaleen Harkin mar Chomhordaitheoir na Foirne Réigiúnaí Oideachais agus Teanga (REALT) i nDún na nGall agus an tUasal Lochlainn McCool mar Oifigeach Tacaíochta Scoileanna maidir le Béarla do Chainteoirí Teanga Eile (BCTE). Tá Liz Potter ina riarthóir ar an fhoireann REALT agus […]

Príomhoide Tánaisteach Úr Ceaptha i gColáiste na Maoile Rua i mBaile na nGallóglach

Image of person appointed.

Tá lúcháir ar ETB Dhún na nGall a fhógairt gur ceapadh Amanda Quinn sa phost mar Phríomhoide Tánaisteach breise ar Choláiste na Maoile Rua i mBaile na nGallóglach. Tá Amanda ag dul isteach san fhoireann ardbhainistíochta i gColáiste na Maoile Rua as siocair go bhfuil níos mó ná sé chéad dalta ag freastal ar an […]