Déanann Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall comhghairdeachas le Daltaí Ardteistiméireachta as a gcuid Torthaí

Image of Chief Executive Anne McHugh

Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall leis na mic léinn atá ag fáil a gcuid torthaí Ardteistiméireachta, Ardteistiméireachta Feidhmí agus LCVP. Bainistíonn ETB Dhún na nGall 15 den 27 n-iar-bhunscoil i gCo. Dhún na nGall, agus is comhpháirtí iontaobhais é fosta do na hocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheacha sa chontae. Agus í ag caint níos […]

Scéal Spóirt Scoile 1950-2020: Scéalta Spóirt i gColáiste na Carraige

Cnuasach úrfhoilsithe de scéaltaí faoi spóirt agus faoi Choláiste na Carraige (ar a dtugtaí Gairmscoil na Carraige tráth) is ea Scéal Spóirt Scoile 1950-2020. Tarraingíonn an leabhar aird ar éachtaí CLG na scoile bige sin. “Solas lonrach ar chósta an Atlantaigh”; sin mar a chuir Jimmy Smyth, Rúnaí Gairmscoileanna Uladh, síos ar an scoil. Insíonn […]

Eolaire Breisoideachais agus Oiliúna 2022-2023 Foilsithe ag ETB Dhún na nGall

D’fhoilsigh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall a hEolaire FET úr don bhliain acadúil atá ag teacht, 2022-2023, eolaire a áiríonn roinnt cúrsaí úrnua a bheidh ag tosú ar fud an chontae i Meán Fómhair. Cuireann an Eolaire mioneolas ar fáil maidir le níos mó ná 120 cúrsa lánaimseartha agus páirtaimseartha i […]

Stiúrthóir Úr Ceaptha in Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh ETB Dhún na nGall

Marty McCann

Tá Marty McCann ceaptha ag ETB Dhún na nGall mar an Stiúrthóir úr ar a Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh (OETC) i nGartán. Eastát 87 acra de chuid an ETB is ea OETC Ghartáin agus tá sé lonnaithe i gcroílár Chontae Dhún na nGall. In 2021 bhain beagnach 4,300 dalta tairbhe as réimse leathan clár […]

Comhordaitheoir Úr Oideachais Bhunata Ceaptha ag ETB Dhún na nGall

Image of person

Tá Comhordaitheoir úr Oideachais Bhunata, Teresa Kealy, ceaptha ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB). Tá Teresa ag dul isteach i bhfoireann de chúigear Eagraithe Litearthachta Aosaigh (ELAnna) ar fud an chontae sa tSeirbhís Breisoideachais agus Oiliúna, ag cur teagasc ar fáil d’aosaigh maidir le litearthacht, uimhearthacht, scileanna digiteacha, foghlaim teaghlaigh agus Béarla […]

Ceapacháin Úra Ardbhainistíochta déanta ar Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall

Image of two people

Tá dhá cheapachán úra ardbhainistíochta déanta ag ETB Dhún na nGall ar a Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET). Ceapadh Deirdre McColgan ar phost úr mar Bhainisteoir Cúnta Ionaid Oiliúna agus í freagrach as dearbhú cáilíochta den chuid is mó fad is gur ceapadh an tUasal Aidan McCloskey mar Oifigeach Oideachais Aosaigh agus é ag teacht […]

Cúrsa Úr maidir le hOibríochtaí agus Cothabháil Oibreacha Poiblí Seolta ag an ETB agus ag an Chomhairle Contae

Seoladh cúrsa oiliúna úr inniu a bhfuil sé mar aidhm aige oibrithe lánoilte a chur ar fáil le haghaidh poist bhunleibhéil oibríochtaí agus cothabhála san earnáil tógála nó in údaráis áitiúla. Tá an cúrsa oiliúna in Oibríochtaí agus Cothabháil Oibreacha Poiblí forbartha ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) trína Sheirbhís Breisoideachais agus […]

Sraith Straitéisí Seolta mar Thoradh ar Thionscnamh Rathúil maidir le hAitheantas Réamhfhoghlama

Tá deireadh tagtha le tionscnamh a chumasaigh thar dhá chéad duine i nDún na nGall, i Luimneach agus sa Chlár atá ag obair sna hearnálacha cúraim sláinte agus airgeadais aitheantas, dearbhú agus deimhniú a fháil mar gheall ar a gcuid taithí. Le dhá bhliain anuas tá baill foirne ó na Boird Oideachais agus Oiliúna (ETBanna) […]

Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Úr Ceaptha ag ETB Dhún na nGall

Image of person

Tá an tUasal Ciaran O Brien ceaptha ag ETB Dhún na nGall mar a Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna (FET) úr; tá sé ag teacht in ionad Cróna Gallagher a d’éirigh as ag deireadh mhí na Bealtaine. Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae é le tuairim is […]

Eagraí Litearthachta Aosaigh Úr Ceaptha ag ETB Dhún na nGall in Inis Eoghain

Image of person

Tá Eagraí Litearthachta Aosaigh úr, Claire McNicholl, ceaptha in Inis Eoghain ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB). Tá Claire ag dul isteach i bhfoireann de chúigear Eagraithe Litearthachta Aosaigh (ELAnna) ar fud an chontae faoina Sheirbhís Breisoideachais ags Oiliúna, ag cur teagasc ar fáil d’aosaigh maidir le litearthacht, uimhearthacht, scileanna digiteacha, foghlaim […]