Iar-Bhunscoileanna

CAD A DHÉANANN MUID?

Cuireann ETB Dhún na nGall seirbhísí oideachais lánaimseartha ar fail i 15 iar-bhunscoil sa chontae. Cé go bhfuil ainmneacha éagsúla ar ár gcuid scoileanna – Coláiste Pobail, Gairmscoil, Coláiste. Tá an t-éiteas agus na croíluachanna céanna ag gach scoil de chuid ETB Dhún na nGall. Cuireann ár gcuid scoileanna timpeallacht iomlánaíoch foghlama ar ardchaighdeán ar fáil a ullmhaíonn daltaí le haghaidh ardoideachais/breisoideachais nó le dul díreach isteach san ionad oibre, agus tugann siad na scileanna dóibh atá de dhíth le bheith ina saoránaigh ghníomhacha i sochaí dhaonlathach.

AN TSRAITH SHÓISEARACH

Tosaíonn daltaí an tSraith Shóisearach agus iad 12 bhliain d’aois de ghnáth; déantar scrúdú stáit (an Teastas Sóisearach) i ndiaidh 3 bliana. Is é príomhchuspóir na Sraithe Sóisearaí go gcríochnaíonn daltaí cúrsaí léinn atá leathan, cothrom agus comhleanúnach i réimse ábhar agus le ligean dóibh leibhéil inniúlachta a bhaint amach a chuirfidh ar a gcumas dul ar aghaidh chuig oideachas na Sraithe Sinsearaí.

AN TSRAITH SHINSEARACH

Freastalaíonn an tSraith Shinsearach ar dhaltaí san aoisghrúpa 15 bliana go 18 mbliana. Go díreach i ndiaidh na Sraithe Sóisearaí, féadfaidh daltaí tabhairt faoin Idirbhliain. I ndiaidh na hIdirbhliana, (sa 2 bhliain dheireanacha den tSraith Shinsearach), tugann daltaí faoi cheann amháin de thrí chlár agus bíonn scrúdú stáit mar thoradh ar gach ceann acu – an Ardteistiméireacht thraidisiúnta, Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP) nó an Ardteistiméireacht Fheidhmeach (LCAP).

Ár nIar-Bhunscoileanna