Ethos logo in Irish

Éiteas Scoileanna ETB Dhún na nGall

Éiteas

Cuireann ETB Dhún na nGall seirbhísí oideachais lánaimseartha ar fail i 15 iar-bhunscoil sa chontae. Cé go bhfuil ainmneacha éagsúla ar ár gcuid scoileanna – Coláiste Pobail, Gairmscoil, Coláiste. Tá an t-éiteas agus na croíluachanna céanna ag gach scoil de chuid ETB Dhún na nGall. Cuireann ár gcuid scoileanna timpeallacht iomlánaíoch foghlama ar ardchaighdeán ar fáil a ullmhaíonn daltaí le haghaidh ardoideachais/breisoideachais nó le dul díreach isteach san ionad oibre, agus tugann siad na scileanna dóibh atá de dhíth le bheith ina saoránaigh ghníomhacha i sochaí dhaonlathach.

Éiteas Scoileanna ETB Dhún na nGall

Cuireann éiteas scoileanna ETB Dhún na nGall síos ar an dóigh a maireann na comhpháirtithe inár bpobail scoile le chéile, an dóigh a n-oibríonn siad le chéile agus an dóigh a réitíonn siad lena chéile. Clúdaíonn éiteas an cultúr, na polasaithe, na cleachtais agus na caidrimh atá ann laistigh dár bpobail scoile. Cuireann an tAcht Oideachais 1998 síos ar éiteas mar “spiorad sainiúil” na scoile.

Ráiteas Éitis

Tá scoileanna ETB Dhún na nGall ina n-iar-bhunscoileanna stáit, comhoideachais, il-sainchreidmheacha a bhfuil croíluachanna feabhais sna nithe seo a leanas mar bhonn fúthu:  Sármhaitheas san Oideachas, Cúram, Comhionannas, Pobal agus Meas.

Stát

Is scoileanna ‘stáit’ iad scoileanna ETB Dhún na nGall atá faoi phátrúnacht comhlacht poiblí.

Ethos logo in Irish

Comhoideachas

I scoileanna ETB Dhún na nGall téann ‘comhoideachas’ níos faide ná peirspictíocht dhénártha ar inscne le héagsúlacht iomlán na bhféiniúlachtaí inscne agus na léirithe inscne i bpobal na scoile a chur san áireamh agus tá sé mar bhonn faoi chaidrimh mheasúla ar fud na héagsúlachta sin. Féachann ár gcuid scoileanna le deireadh a chur le steiréitíopaí inscneacha agus an tionchar atá ag steiréitíopaí mar sin.

Il-sainchreidmheach

I scoileanna ETB Dhún na nGall, ciallaíonn ‘il-sainchreidmheach’ go dtugtar deiseanna cothroma do gach dalta le páirt iomlán a ghlacadh sa churaclam agus i saol na scoile. Déanann ár scoileanna an-iarracht le gach dalta a chumasú lena lánacmhainneacht a chomhlíonadh beag beann ar aon ghné dá bhféiniúlacht nó cúlra. Cuireann ár gcuid scoileanna timpeallacht shábháilte, fhisiciúil agus shóisialta ar fáil do gach ball de phobal na scoile, rud a threisíonn an mothú a bhíonn ar dhaoine go bhfuil siad mar pháirt lárnach de phobal na scoile agus den tsochaí i gcoitinne.

Tá cúig chroíluach mar bhonn faoi scoileanna ETB Dhún na nGall:

Sármhaitheas san Oideachas

Clúdaíonn Sármhaitheas san Oideachas:: 

  • torthaí, an dóigh a gcumasaítear gach ball de phobal na scoile lena lánacmhainneacht a chomhlíonadh
  • eispéiris, an dóigh a gcuirtear soláthar in oiriúint do scileanna agus do riachtanais aonair, agus timpeallacht dhearfach a chuireann sábháilteacht agus tacaíocht ar fáil agus a spreagann daoine le hiniúchadh a dhéanamh agus dul i riosca maidir lena gcuid foghlama
  • ionchas, an dóigh a gcomhoibríonn gach ball de phobal na scoile lena chéile, an dóigh a n-imríonn siad a gcuid ról chomh maith agus is féidir leo, agus an dóigh a mbíonn siad spreagtha le foghlaim ar bhealaí éagsúla
  • cultúir scoile ina gcuirtear na croíluachanna chun cinn mar atá: cúram, comhionannas, pobal agus meas
  • gnéithe intleachtúla, spioradálta, fisiciúla, sóisialta agus morálta fhéiniúlacht na ndaltaí

Cúram

Baineann sé sin le leas, le folláine agus le sábháilteacht gach baill de phobal na scoile. Léirítear é sin i gcaidrimh fhiúntacha, an dóigh a bhfuil daoine bainteach lena chéile, agus ionbhá mar aon le tacaíocht agus dlúthpháirtíocht.

Comhionannas

Baineann sé sin leis an dóigh a gcaitear le gach ball de phobal na scoile go cothrom fad is go ndéantar éagsúlacht agus dínit na mball sin a aithint agus a cheiliúradh. Léirítear é sin trí acmhainní a chur in ord tosaíochta de réir riachtanas agus cultúr ionchuimsithe a chur chun cinn.

Pobal

clúdaíonn sé sin daltaí, foireann, tuismitheoirí/caomhnóirí agus an pobal áitiúil. Baineann sé sin le fís, le luachanna agus le haidhm chomhroinnte a bheith ag scoil mar son leis an mhothú go bhfuil tú mar pháirt de phobal agus go gcuirtear do chuid tuairimí san áireamh. Léirítear é sin trí chomhoibriú tairbheach, trí bhearta dearfacha agus trí chumarsáid éifeachtach ar fud phobal na scoile.

Meas

Baineann sé sin leis an dóigh a seastar le dínit agus le cearta gach baill de phobal na scoile agus leis an dóigh a dtugtar aitheantas dá bhféiniúlacht agus dá gcúlra. Léirítear é sin trí chaidrimh idir gach ball de phobal na scoile agus trí chinnteoireacht a théann i bhfeidhm go dearfach ar chearta, ar mhothúcháin agus ar ardaidhmeanna na ndaoine éagsúla atá mar pháirt de phobal na scoile.

Tá gach scoil de chuid ETB Dhún na nGall páirteach sa phróiseas a bhaineann le croíluachanna ETB a leabú ina gcuid polasaithe agus cleachtas trí úsáid a bhaint as Creat Phátrúin BOOÉ maidir le hÉiteas mar threoir. Tá cuid dár gcuid scoileanna ag úsáid Féinmheastóireacht Scoile (FS) le bonn a chur faoi éifeachtacht an phróisis sin.


Tá breis eolais ar fáil fríd na naisc seo a leanas: