Sainmhíniú ar Obair Ógra

SEIRBHÍSÍ ÓGRA 

San Acht um Obair Ógra, 2001, sainmhínítear obair ógra mar chlár pleanáilte oideachais atá leagtha amach chun críche cuidiú le forbairt phearsanta agus shóisialta daoine óga agus feabhas a chur ar an bhforbairt sin trína rannpháirtíocht dheonach agus:  

a) a chuireann leis an oideachas agus oiliúint acadúil; agus 

b) atá á chur ar fáil ag eagraíochtaí oibre ógra den chuid is mó.

An ról atá ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB)   

  • Cuidiú agus tacaíocht a chur ar fáil do na heagraíochtaí Oibre Ógra i gCo. Dhún na nGall;
  • Deontais a bhaineann le gnóthaí óige ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) agus gníomhaireachtaí reachtúla eile a riaradh; 
  • An Creat Um Chaighdeáin Cháilíochta Náisiúnta (CCCN) d’Obair Ógra a chur i bhfeidhm;      
  • Páirt a ghlacadh san obair a dhéanann Coiste Dhún na nGall um Sheirbhísí do Dhaoine Óga agus do Pháistí (CYPSC);
  • Páirt a ghlacadh i gCoistí nó i nGrúpaí eile a bhaineann le gnóthaí óige;
  • Tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a chur le chéile agus a chur faoi bhráid RLCMLÓ; agus,          
  • Tacú le Coiste Oibre Ógra ETB Dhún na nGall le comhairle a thabhairt agus moltaí a dhéanamh maidir le feidhmíocht fheidhmeanna oibre ógra an ETB. 
Cláir Oibre Ógra i nDún na nGall

Cuireann ETB Dhún na nGall, i gcomhar leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) tacaíocht riaracháin/airgeadais ar fáil, cé acu go díreach nó i gcomhar lena chéile do na Cláir Óige seo a leanas ar fud Dhún na nGall:

  • Foróige Dhún na nGall (UBU D’Áit Do Spás)
  • Rannpháirtíocht CLG Dhún na nGall (UBU D’Áit Do Spás)
  • Seirbhís Óige Dhún na nGall (UBU D’Áit Do Spás)
  • Ionad Eolais d’Aos Óg Leitir Ceanainn
  • An Scéim Deontas do Chlubanna Óige Áitiúla
  • Scéim Maoinithe Caipitil le haghaidh Tionscadail/Seirbhísí arna stiúradh ag Baill Foirne agus Clubanna/Grúpaí arna stiúradh ag Oibrithe Deonacha
  • Saintionscnamh Tacaíochta maidir le hInfhostaíocht an Aosa Óig
  • Tionscnamh Maoinithe LADTI+
Do Áit Do Spás

Eagraíocht á lorg ag ETB Dhún na nGall le Seirbhís don Ógra a chur ar fáil i gCo. Dhún na nGall

Tá muid ag lorg eagraíochta faoi láthair a bhfuil taithí aici ar sheirbhísí a chur ar fáil do dhaoine óga, le freastal ar dhaoine óga in Inis Eoghain, Co. Dhún na nGall. Tá an tionscadal úr seo á bhunú faoin scéim UBU Do Spás D’Áit arna maoiniú ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ).

Ba chóir go mbeadh an eagraíocht atá muid a lorg ábalta na critéir seo a leanas a shásamh:

  • Dea-chleachtas a léiriú maidir le fís, modheolaíochtaí, rialachas, comhlíonadh, cláir a dhearadh, a sheachadadh agus a mheas.
  • Taithí ar oibriú le daoine óga 10-24 bliain d’aois a bhfuil réimse leathan riachtanas acu, ag úsáid modheolaíochtaí oideachasúla neamhfhoirmiúla.
  • Feidhmiú i suíomh lasmuigh den scoil, lena n-áirítear, tráthnónta, deirí seachtaine agus saoirí scoile.
  • Nádúr agus riachtanais na ndaoine óga atá ag maireachtáil i bpobail faoi mhíbhuntáiste a thuiscint agus freagairtí cuí a thabhairt.
  • Bheith ábalta freagairtí éifeachtacha a cheapadh agus a thomhas maidir le riachtanais an spriocghrúpa.
  • Bheith tiomanta don fhoghlaim a roinnt agus don chomhoibriú ar bhonn leanúnach.

Tá sonraí breise ar fáil ar www.etenders.gov.ie, Tag. ID 195364. 25 Lúnasa 2021 is ea an dáta deiridh le tairiscintí a chur isteach.

Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla 2024

Tá sé mar aidhm ag an scéim deontais do chlubanna óige áitiúla maoniú a sholáthar i dtreo riachtanais grúpaí agus clúbanna óige faoi stiúr oibrithe deonacha ar fud Co. Dhún na nGall. Is é Dé hAoine 19 Aibreán 2023 an dáta deiridh d’iarrataisí. Ba cheart foirmeacha a sheoladh chuig paddymuldoon@donegaletb.ie nó jacquieknox@donegaletb.ie.

Foirm Iarratais 

Nóta Faisnéise  

An creat um Chaighdeáin Náisiúnta Cáilíochta (CCCN)

Uirlis tacaíochta agus forbartha don Earnáil Oibre Ógra is ea an Creat um Chaighdeáin Náisiúnta Cáilíochta (CCCN).

Sonraí Teagmhála

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil linn ar na sonraí thíos.

Paddy Muldoon, Oifigeach Forbartha Óige
Oifigí Riaracháin ETB
Ard Uí Dhónaill
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall, F92 DP98

Guthán: 074 9161600
Fón póca: 087 9213299
Ríomhphost: paddymuldoon@donegaletb.ie

Jacquie Knox, Riarthóir Oibre Óige
Oifigí Riaracháin ETB
Ard Uí Dhónaill
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall, F92 DP98

Guthán: 074 9161600
Fón póca: 086 4401936
Ríomhphost: jacquieknox@donegaletb.ie