“Bua an Phinn” | “The Gift of the Pen”

Bua an Phinn.jpg [lang_ie]Bhí lá mór ag roinnt scoláirí de chuid Choláiste Phobail Cholmcille  ar an Déardaoin, 02 Feabhra  nuair a bhronn Micheál Mac Aoidh duaiseanna orthu as ucht a gcuid scríbhneoireachta. Ghlac na girseacha páirt i gComórtas Liteartha do Mheánscoileanna na Gaeltachta, 2011 agus d’éirigh go rímhaith leo. Bhí an bronnadh in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair. Bhain Lauren Ní Bhaoill an duais don iarracht is fearr in Éirinn agus bhain Ciara Ní Dhubhgáin an duais don iarracht is fearr i dTír Chonaill (don dara uair!); bhain Áine Máire Nic Ruaidhrí an chéad duais fá choinne aiste (aoisghrúpa 16 – 18). Bhí téarmaí éagsúla idir shean agus nua-aimseartha ag na scríbhneoirí agus beidh a gcuid saothar le feiceáil ar shuíomh na scoile ar leathanach Saothar Scoláirí. Maith sibh a ghirseacha agus gur fada buan bhur scríbhneoireacht![/lang_ie]
[lang_en-uk]Some of Coláiste Phobail Cholmcille’s students had a great day on Thursday, 02 February when Micheál Mac Aoidh presented them with prizes for their writing. The girls took part in Comórtas Liteartha do Mheánscoileanna na Gaeltachta, 2011 and they did extremely well. The presentation took place in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair. Lauren Ní Bhaoill won the prize for best entry in Ireland and Ciara Ní Dhubhgáin the prize for best entry in Donegal (for the second time!). Áine Máire Nic Ruaidhri won first prize in the essay competition (age group 16 – 18). The writers had both old and modern themes and their work will soon be available on the Students’ Work page on the school website. Well done girls and keep up the writing![/lang_en-uk]