Iontráil Tapaidh ag Coláiste Chineál Eoghain. | Coláiste Chineál Eoghain’s Speedy Entrance.

[lang_ie]Bhí na cluichí ceannais náisiúnta don Chomórtas F1 do Scoileanna ann le déanaí i gColáiste Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath. Tá an comórtas faoi leith seo dírithe ar mic léinn pleanáil, dearadh, anailís, tástáil agus ansin rásaí bheith acu leis an tSamhail Carr Foirme 1 atá cruthaithe acu. Tá na samhlacha a cruthaíodh de réir scála 1:20 agus tá siad in ann luasanna de níos mó ná 110 km/uair a bhaint amach. Chomh maith leis seo tá fós ag na mic léinn fillteán tionscadail de 20 leathanach a dhéanann cuir síos iomlán ar an obair déanta, tá cuir i láthair le tabhairt os comhair phainéal de mholtóirí, tá áit oibre le leagan amach a bhfuil an obair ar taispeáint agus ansin, ar ndóigh, rásaí bheith acu in aghaidh iomaitheoirí eile. Tá F1 i Scoileanna ann anois le 6 bhliana anuas agus ag éirí níos coitianta leis na mic léinn an t-am ar fad, idir an tSraith Shóisearach agus Shinsearach, áit a mbíonn úsáid ar bogearraí dearadh 3D, teicneolaíocht déantúsaíochta uathoibrithe chomh maith le hionchur nuálacha aonair agus mar ghrúpa.
Sa chomórtas i mbliana bhí 3 scoil atá faoi scáth Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall, (Coláiste Cranncha, Coláiste Chineál Eoghain agus Gairmscoil na Mainistreach) agus tháinig Coláiste Chineál Eoghain amach le dhá ghradam ar an lá ag na cluichí ceannais. Bhí iomaíocht ag CCE sa tSraith Shóisearach le dhá iontráil – Foireann Sliotar a fuair trófaí as an charr a ba ghaiste agus Foireann Marc 11 a chríochnaigh san 3ú háit ina iomláine sa chatagóir. Ní raibh siad ag dréim leis seo mar is é seo an chéad uair acu bheith páirteach sa chomórtas seo. Comhghairdeas leis na mic léinn agus na múinteoirí uile as bhur gcuid iarrachtaí. Go hiontach ar fad![/lang_ie]

[lang_en-uk]The national finals of the prestigious F1 in Schools National Championships were held recently in Griffith College, Dublin. This unique competition where students have to plan, design, analyse, test and then race their newly created Formula 1 Model Car. The models are created to a scale of 1:20 and when complete are capable of travelling at speeds of over 110 km/hr. Along with this the students have to compile a 20 page portfolio which outlines every aspect of the work, give an oral presentation to a panel of judges, design a pit area where the work is displayed and then of course race their cars against other finalists. F1 in Schools which is now in it’s 6th year is becoming more popular with Junior and Senior Cycle students using advanced 3D design software, automated manufacturing technology along with individual and group innovative input. This year’s competition saw 3 schools from Donegal VEC taking part (Coláiste Chineál Eoghain, Crana College and Abbey Vocational School) with Coláiste Chineál Eoghain coming away with two awards on the day at the overall finals. CCE competed in the Junior Cycle with two entries – Foireann Sliotar who picked up the trophy for the fastest car and Foireann Marc 11 who finished in 3rd place overall in the category. They exceeded all expectations in winning two awards particularly as this is their first time entering the competition. Congratulations to all the students and teachers involved for your efforts. Well Done.[/lang_en-uk] [youtube width=”300″ height=”200″]http://www.youtube.com/watch?v=5ph2iDYHweE[/youtube]