Searmanas Bronnta Céimeanna CnDBO ag Coláiste Earagail.| Errigal College FETAC Graduation Ceremony.

fetac.jpg[lang_ie]Chuir Coláiste Earagail fáilte ar ais roimh na daltaí ón Chúrsa Iar-Ardteistiméireachta CnDBO ó 2011/12 cúpla seachtain ó shin, ar an Aoine 7ú Meán Fómhair le ceiliúradh a dhéanamh leo siocair ghradaim a bhaint amach ón Choláiste. Bhí bronnadh ann ar Leibhéal 5 CnDBO thar réimsí leathan disciplíní – Ealaín, Ceardaíocht & Dearadh, Staidéar Gnó / Rúnaíochta, Cúram Leanaí, Staidéar Altranais agus Staidéar Spóirt agus Áineasa.
Mar aíonna speisialta i láthair ag an ócáid seo bhí Cathaoirleach ar Chomhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn, Mr.John Watson agus Iar-Phríomhoide an Choláiste Earagail féin, Ms.Anne Nic Aodha agus atá anois ag obair le ról nua le Coiste Gairmoideachais Contae Dhún na nGall.
Chuaigh an searmanas go hiontach agus gach duine sásta – na céimithe féin go bródúil, a gcuid tuismitheoirí / caomhnóirí, teaghlaigh agus cairde agus ar ndóigh foireann Coláiste Earagail fós. Bronnadh Teastais Speisialta ar an oíche ar na mic léinn a bhain amach ardchaighdeán sna réimsí éagsúla agus atá le feiceáil sna  pictiúr thíos. Labhair Michelle O’Reilly atá mar Chomhordaitheoir ar na cúrsaí CnDBO faoi na mic léinn ina iomláine agus ar son Coláiste Earagail agus ghuí sí gach rath orthu sa todhchaí lena gcuid staidéar agus gairmeacha beatha. Maith sibh.[/lang_ie]

[lang_en-uk]On Friday 7th September last, Errigal College welcomed the return of their 2011/12 FETAC Post Leaving Certificate students to celebrate their graduation from the college. Students graduated in QQI Level 5 in disciplines such as Art, Craft & Design, Business Studies/Secretarial, Childcare, Nursing Studies and Sport & Recreation.
Special guests attending the function included Mr John Watson, Chair of the Letterkenny Chamber of Commerce. There was also a welcome return made by former Principal Ms Anne McHugh, who is now working in a new role within Co. Donegal VEC.
The evening was a great success with smiles all round from proud graduates, parents/guardians and staff from Errigal College. Special Awards were presented on the night to the highest achievers in each discipline as can be seen in the attached pictures below.
And finally, Michelle O’Reilly, FETAC Coordinator in praise of the students said, “It was a privilege to welcome back our graduating students who excelled in many areas both personally & professionally. On behalf of our team at Errigal College I would like to wish them every success in their future studies & career”.   Well Done to all concerned.[/lang_en-uk]

QQI Awards at Errigal College.