Seoladh Bhreacadh ag Oireachtas na Gaeilge. | Breacadh Books Launch at Oireachtas na Gaeilge.

[lang_ie]Sheol Cróna Ní Ghallchóir, Oifigeach Oideachais Aosaigh le Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall, ‘Scéalta an Luain’ – cnuasach nua gearrscéalta leis an scríbhneoir Helen Ó Murchú – ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn Dé hAoine a chuaigh thart, 2 Samhain. Tá  leaganacha de na scéalta seolta anois i nGaeilge Uladh agus Chonnacht. Tá leagan i nGaeilge na Mumhan seolta cheana féin.

Ceithre ghearrscéal atá sa bhailiúchán ‘Scéalta an Luain’, atá dírithe ar dhaoine fásta ar cainteoirí dúchais Gaeilge iad. Tá an greann go láidir sna scéalta nádúrtha seo ina n-insítear faoi Shasanach mná sa chith, faoi bhoc gabhair is é ar mire … agus a thuilleadh nach iad! Tá dlúthdhiosca ag gabháil leis an tsraith ar a gcluintear na scéalta á léamh ag cainteoirí dúchais Gaeilge.

Seoladh dhá leabhar eile fosta atá dírithe ar an Ghaeilge atá le feiceáil thart orainn sa Ghaeltacht – ainmneacha áite, ainmneacha siopaí, fógraí agus araile. ‘Stad agus Léigh! An Ghaeilge Thart Orainn’ an teideal atá ar na cnuasaigh de na comharthaí poiblí seo.  Tuilleadh eolais ó Breacadh.ie[/lang_ie]

[lang_en-uk]Cróna Ní Ghallchóir, Adult Education Officer with Donegal VEC,  launched  ‘Scéalta an Luain’ – a collection of new short stories by Helen Ó Murchú – at  Oireachtas na Gaeilge in Letterkenny last Friday, 2 November. The collection was first released in Munster Irish, but editions are now available in Ulster and Connemara Irish.

‘Scéalta an Luain’ is a collection of 4 humorous stories about the English woman in the shower, a crazy goat … and more! The stories come with an accompanying CD featuring the stories read by native speakers.

Two collections of public signage in Irish, from the Donegal and western Gaeltacht regions, were also  launched at the occasion. ‘Stad agus Léigh! An Ghaeilge Thart Orainn’ were compiled for usage in adult literacy classes in the Gaeltacht but may also be useful in schools, engaging learners with the signs to be read around them daily in the Gaeltacht – placenames, road signs, notices etc. Further Information from Breacadh.ie [/lang_en-uk]

Seoladh Bhreacadh