Coláiste Phobail Cholmcille – Scannán fá shaothar scoláirí le léiriú i Londain

I 2007 ghlac scoláirí idirbhliana páirt i dtionscadal nuálach sna meáin faoi choimirce an Nerve Centre, Doire agus An Gailearaí, An Fál Charrach. Thaifead na scoláirí seanamhráin thraidisiúnta ó amhránaithe an Oileáin agus ansin d’fhoghlaim siad cén dóigh le eagarthóireacht a dhéfilmanamh ar na taifid chéanna. Chuir siad buillí agus éifeachtaí éagsúla leis na hamhráin ansin agus d’eisigh siad dlúthdhiosca dar teideal ‘Buille Bhaloir’. Rinneadh scannán faisnéise, dar teideal céanna, faoin tionscadal fad agus a bhí an obair idir lámha ag na scoláirí agus roghnaíodh an scannán seo le bheith mar chuid de thaispeáint nua sa British Museum, Londain, dar teideal: ‘Celts: Art and identity’ atá ar taispeáint an mhí seo. Léireofar an scannán Dé Sathairn, 21 Samhain. Cé gur fada an lá na scoláirí ar shiúil ón choláiste anois is ábhar bróid dúinn go fóill a saothair a bhfuil tóir i gcónaí air.

Beidh an scannán ar taispeáint i seomra Léachta Stevenson, British Museum, Londain ar a 2.00pm, De Sathairn 21 Samhain 2015.