Cuairt Ghairmscoil Chú Uladh ar Gàidhealtachd na hAlban

Tá daltaí Rang na h-Idirbhliana ó Ghairmscoil Chú Uladh
taréis filleadh óna gcuairt ar Albain an tseachtain seo.Cuairt Ghairmscoil Chú Uladh ar Gàidhealtachd na hAlban
Tá an rang páirteach i gClár Malartaithe le Ard Sgoil a Phluic  i Gàidhealtachd na hAlban agus bhí cuairt iontach
rathúil ar fad ag na daltaí.
Bhí na scoláirí ag fanacht i Sabhal Mór Ostaig ar Oileán Sgitheanach agus chaith siad lá ag obair le daltaí Ard Sgoil a Phluic ag obair ar Ghaeilge na hÉireann agus Gaidhlig na hAlban.  Tá an tógra seo mar pháirt de Scéim Cholmcille atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Chaith an rang lá agus oíche i nGlaschú chomh maith.