Message from the Minister of Education and Skills

Teachtaireacht ón Aire Oideachais agus Scileanna

Inniu táimid ag seoladh an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas, arb é a chuspóir go mbeidh córas oideachais agus oiliúna na hÉireann ar an cheann is fearr san Eoraip faoi  2026.
Tugann se pléisiúr dom cóip den doiciméad a chur leis seo ar mhaithe le heolas a thabhairt duit agus ba bhreá linn go dtabharfá do thacaíocht don seoladh agus don Phlean Gníomhaíochta don Oideachas 2017. Tabhair do d’aire go bhfuil cosc ar an eolas seo go dtí mean lae inniu.

Tá breis is 400 sainghníomhaíochtaí agus foghníomhaíochtaí pleanáilte le haghaidh 2017 agus clúdaíonn siad an réimse iomlán de sheirbhísí oideachais agus oiliúna. Ceapadh iad chun feabhas a chur ar rochtain agus ar thorthaí d’fhoghlaimeoirí atá faoi mhíbhuntáiste, chun aghaidh a thabhairt ar scileanna sainaitheanta ó phointe luath sa chóras, chun cur le forbairt ghairmiúil oideachasóirí, chun droichid a thógáil idir seirbhísí agus pobail, agus chun a chinntiú go bhfuil na struchtúir agus na córais atá mar thaca ag an seachadadh chomh maith agus is féidir. 

Tá an seoladh ina chéim thábhachtach i bpróiseas an Phlean Gníomhaíochta; is é an chéad phlean gníomhaíochta bliantúil é, atá mar thoradh ar ghealltanas sa Phlean Gníomhaíochta 2016- 2019.

Tá an t-oideachas i gcroílár ár n-uaillmhianta, ag tacú le geilleagar láidir atá ag fás ach ag cothú sochaí chothrom agus leis an Phlean seo, creidim go n-éireoidh linn oibriú le chéile chun go mbeidh ár seirbhís oideachais agus oiliúna ar an cheann is fearr  san Eoraip agus ár n-uaillmhianta náisiúnta comhlíonta.  

Go raibh maith agat

 

Richard Bruton T.D.

Aire Oideachais agus Scileanna

Message from the Minister of Education and Skills

Today we are launching the Action Plan for Education 2017, aimed at making Ireland’s education and training system the best in Europe by 2026.

I am pleased to attach a copy of the document for your information and your support of the launch and the Action Plan for Education 2017 would be most welcome. Please note this information is embargoed until 12 noon today.

 

There are over 400 specific actions and subactions planned for 2017 and they cover the full range of education and training services. They are designed to improve access and outcomes for disadvantaged learners, address identified skills needs from an early point in the system, enhance the professional development of educators, build bridges between services and communities, and ensure that the structures and systems underpinning delivery are the best that they can be. 

The launch is an important step in the Action Plan process; it is the first annual action plan, arising from a commitment in the Action Plan for Education 2016- 2019.

Education is central to our ambitions, supporting a strong growing economy while sustaining a fair society and with this Plan, I believe that we can successfully work together to make our education and training service the best in Europe and deliver on our national ambitions.  

Thank you

 

Richard Bruton T.D.

Minister for Education and Skills