Seomra Léitheoireachta Nua Oscailte i nGairmscoil Chú Uladh

Bhí oscailt oifigiúil Seomra Léitheoireachta Ghairmscoil Chú Uladh sa scoil Dé hAoine seo caite. Bhí lá ghalánta ag gach duine agus buíochas ó chroí leis na h-aíonna speisialta a bhí ann ar an lá – file agus scríbhneoir Denise Blake, staraí Noel Ó Gallachóir, ealaíontóir Stephen Bennett agus stiúrthóir na scoileanna leis an mBord Oideachais agus Oiliúna, Martin Ó Gormaile.