Seoladh ar Chomórtas Seó Rac le BEO. | Launch of BEO Rock Show Competition.

Launch of Comórtas BEO[lang_ie]Seoladh comórtas náisiúnta in Ionad Cúltúrtha Réigiúnach Dhún na nGall i Leitir Ceanainn inné, 19 Eanáir, a bhaineann leis na freagrachtaí  le heagrú , cur chun cinn agus na spriocanna a bhaint amach le gig nó seó rac a reáchtáil agus a chuir i láthair ina iomláine.

Ag an seoladh dúirt Comhairleoir Martin Farren, Cathaoirleach Coiste Gairmoideachais Contae Dhún na nGall, go raibh áthas agus bród air bheith páirteach leis na comhpháirtithe eile leis an chomórtas seo a sheoladh go hoifigiúil. Dúirt sé go raibh CGDnG an-bhródúil as bheith bainteach le BEO agus leis an ardán nuálach agus ábhartha atá cruthaithe acu do cheoltóirí anseo in Éirinn, leis na cláir gnó do dhaltaí idirbhliana agus an cur chun cinn an teanga Ghaeilge i measc daoine óga le 3 bliana anuas.
Lean Cllr Farren ar aghaidh ag tabhairt aitheantas don fhís agus obair a rinne na scoileanna agus gníomhaireachtaí atá páirteach ann agus go háirithe na scoileanna áitiúla, na múinteoirí agus na mic léinn ó Choláiste Ailigh, Coláiste Naomh Adhamhnáin agus Scoil Chlochair Loreto anseo i Leitir Ceanainn a rinne an fhorbairt an comórtas seo a thabhairt go leibhéal náisiúnta. Mhol sé na scoileanna as a bheith ag obair as láimh a chéile. Beidh an phríomhbhabhta don chomórtas ar siúl anseo san Ionad Cúltúrtha Réigiúnach an Bhealtaine seo chugainn, áit a mbeidh na phríomhbuaiteoirí bronnta le seic €5,000. Is féidir tuilleadh eolais agus foirmeacha iontrála a fháil má dhéantar cliceáil ar an nasc seo do BEO.[/lang_ie]
[lang_en-uk]A national competition has been launched in the Donegal Regional Cultural Centre, Letterkenny which involved the complete responsibility for the organising, promoting and realisation of a rock gig.
At the launch on Thursday 19th January, Cllr Martin Farren, Chairperson of Co.Donegal VEC said that he was delighted to join with the promoting partners in launching this competition. He added that Co.Donegal VEC were proud to be associated with BEO and the highly innovative and relevant platform created to promote Irish musicians, a relevant business programme for transition year students and the promotion of the Irish language among young people over the last 3 years.
Cllr. Farren also acknowledged the vision and work of the schools and agencies involved and in particular the local schools and teachers of Coláiste Ailigh, St.Eunan’s College and Loreto Convent here in Letterkenny who have developed this competition and brought it to the national stage. He commended the three schools for working so close together.
The Grand Final of the competition will be held in the Regional Cultural Centre in May next, where the First National Champions will be presented with the €5,000 prize. Further information and application forms can be had by clicking on this link for BEO.[/lang_en-uk]