Dea-Scéala do Ghairmscoil Mhic Diarmada, Oileán Árainn Mhóir | Good News for Gairmscoil Mhic Diarmada, Arranmore Island.

Gairmscoil Mhic Diarmada, Oileán Árainn Mhóir.

[lang_ie]Tá Gairmscoil Mhic Diarmada ar Oileán Árainn Mhór uair amháin arís roghnaithe le bheidh sa choimhlint do na duaiseanna Náisiúnta sa Chomórtas Clár Raidió Gael Linn 2012 (urraithe ag Raidió na Gaeltachta).  Bhain Gairmscoil Mhic Diarmada an chéad Duais Náisiúnta sa bhliain 2011, mar sin, tá éacht déanta acu.  I mbliana, bhí ardú ar líon na n-iontrálacha (os cionn 80 iontráil ar an iomlán) agus is iad na trí chlár a roghnaíodh le dul sa choimhlint do na duaiseanna náisiúnta i mbliana:

(1) Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór, Tír Chonaill, (Oileán na dTaibhsí)
(2) Coláiste na nUrsulach, Sligeach (Mar a spreag Sligeach Dracula)
(3) Pobalscoil Chorca Dhuibhne (An idirbhliain, an fiú é a dhéanamh)
Fógrófar na buaiteoirí (An chéad áit, an dara háit an tríú háit) i nGaillimh, stiúideo Radio na Gaeltachta, Déardaoin, 19ú Aibreán 2012 ag a dó ó chlog.
Tá trí chatagóir sa chomórtas seo:
(a) Duaiseanna Náisiúnta
(b) Duaiseanna Roinn A (i scoileanna ina bhfuil an teagasc déanta trí Ghaeilge)
(c) Duaiseanna Roinn B (i scoileanna nach bhfuil an teagasc déanta trí Ghaeilge)
Ba mhaith leis an Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall comhghairdeas a dhéanamh fosta le Coláiste Phobail Cholmcille, Oileán Thóraí as an chéad duais a bhain siad i mbliana sa chomórtas seo, roinn A (thuas luaite) leis an chlár “Ceist agam Ort”.
Is dea scéala é seo do scoileanna gaeltachta na n-oileán, Tír Chonaill agus do Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall.[/lang_ie]
[lang_en-uk]Gairmscoil Mhic Diarmada on Arranmore Island has once again been selected to compete for the national prizes in the Gael Linn Radio Programme Competition 2012 (sponsored by Raidió na Gaeltachta).  Gairmscoil Mhic Diarmada won the top national prize in 2011, a great achievement.  This year there was an increase in the number of entries to the competition country-wide (over 80 entries in all) and the following three programmes are to receive national prizes (1st/2nd/3rd prizes) in 2012.
(1) Gairmscoil Mhic Diarmada, Arranmore island, Co. Donegal (Island of Ghosts)
(2) The Ursuline College, Sligo (How Sligo inspired Dracula)
(3) Pobalscoil Chora Dhúibhne, Co. Cork (Transition year, is it worthwhile?)
The winners will be announced (1st place/2nd place/3rd place) in the Galway studio on Thursday 19th April 2012 at 2.00 p.m.
There are three categories in this competition:
(a) National Prizes
(b) Prizes section A (pertaining to schools where tuition is wholly through the medium of Irish)
(c) Prizes section B (pertaining to schools where tuition is not through the medium of Irish)
Co. Donegal VEC would also like to congratulate Coláiste Phobail Cholmcille, Tory Island on winning the first prize this year in section A (mentioned above) with the programme “I have a question for you”.
This is indeed very good news for island/gaeltacht schools in Co. Donegal and for Co. Donegal VEC.[/lang_en-uk]