Cuairt Aire Stáit na Gaeltachta ar Choláiste Phobail Cholmcille | Visit of Minister of State for the Gaeltacht to Coláiste Phobail Cholmcille.

[lang_ie]Thug Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, Uas., T.D. cuairt ar Choláiste Phobail Cholmcille Déardaoin, 29 Márta chun suíomh úr idirlíne an Choláiste a sheoladh go hoifigiúil. Mhol an tAire caighdeán ard an tsuímh agus luaigh sé go speisialta ilteangachas an tsuímh atá ar fáil i nGaeilge, i mBéarla agus i Spáinnis. Tharraing an tAire aird ar thábhacht teicneolaíochta na faisnéise i gcúrsaí oideachais sa lá atá inniu ann agus mhol sé foireann agus scoláirí an Choláiste as a gcuid iarrachtaí maidir le húsáid na teicneolaíochta.
Le linn a óráide, rinne an tAire tagairt do chultúr, thraidisiúin, oidhreachta agus teanga an Oileáin. Mhol sé an pobal as a dhílseacht dá theanga dhúchais agus dúirt go lom go raibh ról lárnach ag na Gaeltachtaí i gcaomhnú agus i mbuanú na Gaeilge. Anuas air sin, tharraing sé aird ar thábhacht na scoile i saol Thoraí agus a ról ina thodhchaí mar Oileán Gaeltachta. Le críochnú, dúirt an tAire go raibh sé ag súil le teacht ar ais am éigin amach anseo.[/lang_ie]
[lang_en-uk]The Minister of State for the Gaeltacht, Dinny Mc Ginley, Esq., T.D. visited Coláiste Phobail Cholmcille on Thursday, 29th March to officially launch the College’s new website. The Minister praised the high standard of the website and noted its multilingualism – the site is available in Irish, English and Spanish. The Minister drew attention to the importance of information technology in education today and he praised the College’s staff and students for their use of new technology.
During his address, the Minister referred to the culture, traditions, heritage and language of the Island. He praised the Islanders for their loyalty to their native language and stated clearly that the Gaeltacht has a central role in the preservation and promotion of the Irish language. Furthermore,  he highlighted the importance of the College in the life of Tory and the College’s role in Tory’s future as a Gaeltacht island. In conclusion, the Minister stated that he looked forward to coming again in the future.[/lang_en-uk]