Blagáil do Léirmheas. | Blog your Review.

Small[lang_ie]Tá Niamh Ní Dhúgáin, atá san idirbhliain, ag glacadh páirt san am atá i láthair i Scéim na Blagála. Seo scéim atá forbartha ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne le cúpla bliain anuas, le ceangal a dhéanamh idir léitheoireacht as Gaeilge, agus plé as Gaeilge agus gnách nós an duine óig: is é sin ag baint úsáide as suíomh cainte agus blagála ar an idirlíon. D’éirigh thar barr leis an scéim go dtí seo agus i mbliana tá Coláiste Phobail Cholmcille ag glacadh páirt ann.
‘Tá sé suimiúil’, arsa Niamh. ‘Cha léim mórán as Gaeilge taobh amuigh de na téacsanna scoile ach tá an scéal seo maith, (Dordán le hÉilís Ní Dhuibhne), agus ansin bíonn deis agat amharc ar na rudaí atá scríofa ag scoláirí eile fán leabhar agus tig leat do bharúil féin a chur ann nó freagra a thabhairt ar scoláire eile. Mise an t-aon duine as Tír Chonaill atá ag glacadh páirt an iarraidh seo’, a deir sí, ‘ Agus is as Corcaigh agus Conamara an chuid eile. Tá cúpla focal acu nach dtuigim, ach ansin is dócha nach dtuigeann siadsan mo chuid Gaeilge iontach maith ach an oiread.’Tá monatóireacht leanúnach déanta ar an bhlagáil go huile le déanamh cinnte nach gcuirfear rud ar bith maslach ná mímhúinte ann. Is ar Mhatt Mac Carthaigh, de chuid Fios Feasa, a thiteann an obair sin agus eisean atá ag cothú an tsuímh féin, Leabhartha Léite. Lean an bhlagáil ar aghaidh go dtí an 21 Nollaig.[/lang_ie]

[lang_en-uk]Niamh Ní Dhúgáin, a Transition Year student, is taking part in Scéim na Blagála”. This scheme, has been developed by Oidhreacht Chorca Dhuibhne over the last few years to integrate Irish-language reading with discussion through Irish and the normal habits of young people, ie the use of chat sites and blogging on the internet. The scheme has been a great success up to now and this year, Coláiste Phobail Cholmcille is taking part.
“It’s interesting”, remarks Niamh. “I don’t read that much in Irish outside school texts but this story is good, (Dordán by Éilis Ní Dhuibhne) and then you can look at what other students have written about the book and you can give your own opinion or answer that of the other students. I am the only person from Donegal taking part this time’ she says, ‘And the others are from Cork and Conamara. There are a few words that I don’t understand, but then they probably don’t understand my Irish terribly well either.”
There is continuous monitoring of all the blogging to ensure that nothing insulting or inappropriate is uploaded. Matt Mac Carthaigh of Fios Feasa is the person responsible and he is also the person who maintains the site itself, Leabhartha Léite. The blogging continued until 21st December.[/lang_en-uk]