Comórtas F-14 an Contae le Gairmscoil na Mainistreach.| Abbey Vocational School take the U14 Boys Co. Championship Title.

u-14 team[lang_ie]Chríochnaigh bliain 2012 le sásamh iontach do Scoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall nuair a bhain na Peileadóirí Óga F-14 Craobh an Contae amach. Bhuail siad Pobalscoil Chloich Cheannfhaola ar an lá agus tugadh Corn Mhic Dhaibhéid abhaile don chéad uair le deich mbliana anuas a fuair an scoil seans rud éigin a bhaint amach.
Ag fáil fhad leis an Chluiche Ceannais bhí gach cluiche bainte acu agus dúirt Bainisteoir na Foirne, Pauric Ó Domhnaill “go raibh sé an-bhródúil astu. Is coiscéim iontach don scoil, a deir sé agus d’obair na himreoirí go crua i rith na bliana le seo a bhaint amach.
Lean an Ghairmscoil ar aghaidh le hionadaíocht don Chontae isteach sa Chraobh Uladh – áit ar bhuail siad Scoil Naomh Iósaf, Inis Ceithleann ar na mallaibh agus anois tá siad fhad leis an Chluiche Leathcheannais Cúige Uladh in éadan Scoil Naomh Muire, Clóidigh, Doire. Sílim go bhfuil an cluiche sin tar éis an sos lár  théarma atá ann ar an tseachtain seo chugainn. Ádh mór oraibh uile ansin.[/lang_ie]

[lang_en-uk]2012 ended in great satisfaction for the Abbey Vocational School U14 boys team. They defeated P.C.C Falcarragh in the Mc Devitt Cup Final on December 19th last and in doing so is the first Team from the School to lift any silverware on the GAA grounds in over a decade. In the run up to the final the AVS Team was undefeated in this years campaign. Team Manager Pauric O’Donnell described the win as “a good stepping stone for the school and one that everyone is very proud of”. The players have worked very hard this year”.
Abbey advanced to represent Donegal in the Ulster Championship quarter final. There they recently beat St. Joseph’s of Enniskillen and in the coming weeks will play St.Mary’s College, Clady in the Ulster Semi-Final. This match is due to be played after the Mid-term break. Best of luck to all involved.[/lang_en-uk]