Beireann scoláirí Thoraí leo an chraobh i gComórtas Scríbhneoireachta.| Toraigh students sweep the boards in Writing competition.

[lang_ie]Don dara bhliain as a chéile, bhuaigh scoláirí as Coláiste Phobail Cholmcille an dá dhuais mhóra i gComórtas Liteartha do na Scoileanna Gaeltachta. Bhuaigh Ciara Ní Dhúgáin an duais don iarracht is fearr go náisiúnta lena scéal ‘Caomhnóirí an Fhéinics’ agus bhuaigh a deirfiúr Niamh an chéad áit,  agus Duais Eibhlín Ní Chnaimhsí , don iarracht is fearr i dTír Chonaill lena scéal ‘An Siogairlín’.

Baineann scéal Chiara leis an tseantroid idir An Mhaith agus an t-Olc. Caithfidh scoláirí atá ar thuras idirbhliana san Iodáil dul siar in am, leis an Fhéinics, draíocht láidir chumhachtach, a chaomhnú agus a choinneáil ó fhórsaí an Oilc. Is ar thaibhseoireacht a dhíríonn Niamh ár n-aird: Cúpla céad bliain ó shin briseadh croí mná agus gearrann sí léim leis na beanna. Nuair a thagann girseach muinteartha di ar an siogairlín a chaitheadh sí thart ar a muineál, faigheann sí seans theacht ar ais, i gcorp na girsí óig.

Chomh maith leis sin fuair Ciara an chéad duais don amhrán ‘Foscail do Shúile’  agus d’éirigh le Niamh an chéad áit a bhaint amach i gcomórtas Agallamh Beirte.

Agus d’éirigh go geal le scoláirí eile sa chomórtas fosta. Thug Karen Ní Dhuibhir léi an chéad duais i gComórtas Gearrscéalta ( faoi 16) agus fuair Lauren Ní Bhaoill an dara háit sa roinn chéanna. Tugadh teastas agus ardmholadh d’Áine Máire Nic Ruairí dona scéal ‘An Ryder Cup’ i Roinn na nGearrscéalta (faoi 18).

Cibé faoi na Naoimh is léir gur Oileán na nOllamh atá i dToraigh![/lang_ie]

[lang_en-uk]For the second year in a row, students from Coláiste Phobail Cholmcille have won the two major awards in the Literary Competition for Gaeltacht Secondary Schools. Ciara Ní Dhúgáin won the prize for the best entry nationally with her story ‘Caoimhnóirí an Fhéinics (Defenders of the Phoenix)’ and her sister Niamh won the first place, and Duais Eibhlín Ni Chnaimhsí, for her story An Siogairlín (The Pendant).

Ciara’s story draws on the age-old battle between Good and Evil. Transition Year students on a trip to Italy have to travel back in time to protect and keep the Phoenix (a very powerful and strong magical force) out of the hands of the forces of evil. Niamh captures our attention with a story of a haunting: a few hundred years ago a young woman jumps off a cliff after her heart has been broken but when a young female relative finds the pendant she used to wear, she gets her chance to return in the young girl’s body.

But the girls’ success doesn’t end there. Ciara also came first in the song section with her entry ‘Foscail do Shúile (open your eyes)’ and Niamh secured first place in the Agallamh Beirte competition.

Other students were also very successful in this year’s competition: Karen Ní Dhuibhir won first place in the short story (under 16) section with Lauren Ní Bhaoill taking second place in the same section. Aine Máire Nic Ruairí was highly commended for the story, ‘An Ryder Cup (The Ryder Cup) in the short story (under 18) section also.

Whatever about the Saints, it’s clear that Toraigh is the island of Scholars anyway![/lang_en-uk]

Comórtas Scríbhneoireachta 2013.