Cuirtear fáilte roimh Phríomhoide nua, Coláiste na Daoile – Seosamh Ó Baoill | Donegal ETB welcomes new Principal, Mr Joe Boyle to Deele College, Raphoe

Joe Boyle[lang_ie]Bhí tús ar oideachas Seosamh sa Ghaeltacht in Anagaire, sular bhog sé fhad le Coláiste na Rosann ar an Chlochán Liath agus go dtí an tríú leibhéal mar mhac léinn den ghrúpa deiridh i gColáiste Thuamhurnhan, Luimneach.

Céimí ó Ollscoil Luimnigh, thosaigh Seosamh a slí bheatha mar mhúinteoir le Coláiste De La Salle, Ráth Eanaigh. Theagasc sé Miotalóireacht agus Innealtóireacht ansin agus fós i gColáiste an Earagail, Leitir Ceanainn, áit a roghnú é mar Leas- Phríomhoide Gníomhach sa bhliain 2012 agus anois tá sé le bogadh fhad le Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth mar Phríomhoide.

Bhí Seosamh go gníomhach i Spórt i gcónaí agus bhí post ardiomráiteach aige le Cumann Peile na hÉireann (FAI) – ar dtús mar Chomhordaitheoir Náisiúnta leis na Scoileanna agus Coláistí ó 2002-2004 sular bhog sé go ról mar Oideoir Cóitseálaí go 2007 agus é freagra as an Chlár Buntús agus Traenálaí a sheoladh amach ó cheann go ceann na tíre. Sa bhliain 2003, bhí Seosamh mar an Phríomh Thraenálaí le foirne sacar na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha Speisialta Domhanda a tharla i mBaile Átha Cliath. “Bhí an ról sin seo go hiontach”, a deir sé “go pearsanta dom féin bheith ag obair leis na himreoirí ar feadh bliain roimh ré agus ag na Cluichí Domhanda féin i 2003”.

Bhí Seosamh fós mar Cóitseálaí Cúnta leis na foirne sacar na hÉireann F-17, F-18, F-19 agus F-21 agus a d’éirigh go maith leo i 2008 nuair a fuair an fhoireann F-17 fhad leis na Cluichí Ceannais na hEorpa sa Tuirc. “Bhí an taisteal ar fud na hEorpa le haghaidh cluichí a imirt ina thaithí agus deis iontach”

Leanann Seosamh ag rá – “sé mo chúlra sa traenáil agus bheith ag obair leis na foirne idirnáisiúnta seo a thug dom léargas iontach ar an dinimic a bhaineann le foireann de chineál ar bith agus a thug taithí bhainistíochta luachmhara dom agus tá súil agam go mbeidh sin liom i mo ról nua i gColáiste na Daoile”

Tá sé ag tnúth go mór le bheith ag obair leis an fhoireann scoile, na daltaí agus a gcuid tuismitheoirí ó Choláiste na Daoile agus fós an luach saothair agus na dúshláin a bhaineann leis an phost mar Phríomhoide. “Tá súil agam go dtabharfaidh mo chuid taithí forbairtí nua fhad le Coláiste na Daoile agus go mbeidh mé ábalta leanúint ar aghaidh leis an tsárobair atá déanta romham ag mo réamhtheachtaí – an tUasal PJ McGowan. “Beidh a chuid buataisí deacair a líonadh” a deir Seosamh

“Tugadh spreagadh iontach agus deiseanna dom féin bheith ag obair don Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall le haghaidh tuilleadh forbairt a bhaint amach ar an éiteas le hardchaighdeán foghlama agus teagaisc a sheachadadh i seirbhís oideachais atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir” “Tá súil agam leanúint leis an obair go dlúth leis an Phríomhfheidhmeannach Shaun Purcell agus a Fhoireann atá trasna ar na hearnálacha uilig”.[/lang_ie]

[lang_en-uk]Joe’s formal education began in the Annagry Gaeltacht, before moving on to second level at the Rosses Community School, Dungloe and to third level as a student of the final year group to enter Thomond College, Limerick.

A graduate of the University of Limerick, Joe began his teaching career at the De La Salle College in Raheny. He taught Metalwork and Engineering in both the De La Salle and Errigal College where he also was appointed Acting Deputy Principal in 2012 and will now transfer to Deele College as the newly appointed Principal.

Actively involved in sport, Joe had a high profile role with the FAI, as their Schools and Colleges National Co-ordinator in 2002-2004 before moving into Coach Education from 2004-2007 and was instrumental in developing the FAI’s Buntus and Coach Programmes across the country. In 2003, Joe was Head Coach of the Irish Special Olympics soccer squads for the World Special Olympics in Dublin. “This was a truly amazing sporting and personal experience working with the players for 12 months prior to the games and at the 2003 World Games”.

Joe was also assistant coach to the Republic of Ireland U17, 18, 19 and U 21 teams which proved successful in 2008 with the U17 squad reaching the European Finals in Turkey, “The opportunity of travelling across Europe for matches has been a great experience”.

Joe says, “ my background in coaching and working with the international teams has given me tremendous insight into the dynamics of team building and invaluable managerial experience which I hope to bring to my new role in Deele College.”

He looks forward to working with the staff , students and parents in Deele College and the rewards and the challenges which his new post as Principal will bring.  “I hope that my experience will bring new developments to Deele College and that I will also continue the good work of my predecessor, Mr PJ McGowan who’s boots will be hard to fill.”

“Working for the Donegal ETB has given me great motivation and opportunity to further develop the ethos of delivering quality teaching and learning, in a learner-centred education service. I hope to continue to work closely with Shaun Purcell, Chief Executive and his Team, across the sectors”[/lang_en-uk]