Daltaí de Ghairmscoil Chú Uladh ag Coinneáil Aclaí agus Sláintiúil

Rinne pobal na scoile G.C.U. ceiliúradh as a bheith an chéad mhéanscoil sa chondae a bheith bronnta le Brat na Scoileanna Sláintiúla agus Brat Ghníomhach. Bronnadh na mbratach seo mar thoradh ar obair an Choiste Sláinte le dhá bhliain anuas. I lathair ag an ardú bhí Aire na Gaeltachta Joe Mc Hugh, Anne Mc Ateer & Lynda Mc Guinness ón HSE, Ciarán Thompson, Foireann Sinsir Dhún na nGall, Karen Guthrie & Yvonne Nic Mhonagail Foireann Peile na mBan an Chondae. Coinníodh na daltaí gníomhach ag an ócaid le Danny and Cian Ryan ina dteannta le Bridget Robins ó ‘Zumba Fitness’. Tá ‘Comhghairdeas Mór’ tuillte ag Coiste Sláinte G.C.U. as an éacht seo.

‘Is fearr an tsláinte ná na táinte”