Author Archives: Donegal ETB

Teachtaireacht Nollag ó Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall

Image of Chief Executive Anne McHugh

Agus muid ag druidim le Nollaig 2022 ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le pobail an ETB inár Scoileanna, inár nIonaid agus inár nOifigí Riaracháin ar fud an chontae; chuir siad go mór leis an obair iontach a bhí ar bun ag ETB Dhún na nGall le linn 2022 agus muid ag fágáil […]

An Clr Michael McBride Tofa mar Chathaoirleach ETB Dhún na nGall

Image of three peopel standing in front of a Christmas tree.

Toghadh an Clr Michael McBride mar Chathaoirleach Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall maidin inniu. Toghadh Patsy McVicar mar Leaschathaoirleach. Tá siad ag teacht in ionad an Chathaoirligh, an Clr Barry Sweeny, agus an Leaschathaoirligh, an Clr Martin Harley, atá ag dul as oifig. Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais […]

Cumann Foirne ar Scor (CFS) Seolta

Sheol Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh ár gCumann Foirne ar Scor (RSA) go foirmiúil Dé Céadaoin, 30 Samhain in Óstán Jackson’s, Bealach Féich. Bhí Coiste Bunaithe, a raibh gach catagóir de bhaill foirne ar scor páirteach ann agus á stiúradh ag ár iarStiúrthóir OSD, Jim McGlynn, thar a bheith gnóitheach le míonna beaga […]

Treoirchomhairleoir Úr d’Aosaigh Ceaptha i nDeisceart Dhún na nGall

Image of Person

Tá Treoirchomhairleoir úr d’Aosaigh ceaptha ag ETB Dhún na nGall ina Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) i nDeisceart Dhún na nGall. Tosóidh Deirdre McLoone ina post úr an mhí seo. Is as Leitir Ceanainn ó dhúchas di Deirdre agus bhain sí céim amach sna Dána agus Teastas Iarchéime san Oideachas in Ollscoil Uladh. I ndiaidh […]

Tuarascáil Bhliantúil 2021 Foilsithe ag ETB Dhún na nGall

3D image of report.

D’fhoilsigh Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) a Thuarascáil Bhliantúil do 2021 inniu, doiciméad a thugann achoimre ar an réimse leathan seirbhísí agus gníomhaíochtaí a chuir sé ar fáil i rith na bliana seo a chuaigh thart. In ainneoin shrianta leanúnacha na paindéime a lean ar aghaidh ar feadh tamaill in 2021, bhain […]

Gradaim Bronnta ar Dhaichead Printíseach as Dún na nGall

Bhí tríocha agus a seacht printíseach as Dún na nGall i measc grúpa de 120 printíseach ceardaíochta ó ocht gclár printíseachta dhéag ar bronnadh gradaim orthu ag an chéad searmanas beo i réigiún an Iarthuaiscirt ón bhliain 2019. Ní raibh 54 printíseach eile as Dún na nGall a bhain cáilíocht amach ó dheireadh 2019 ábalta […]

Creat Pátrún ar Éiteas Scoileanna ETB Seolta ag ETBI

Sheol Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) Creat Pátrún ar Éiteas Scoileanna ETB ar fud na tíre ag ócáid Dé Céadaoin, 23rd Samhain in Óstán Chill Uasaille, Bóthar Chill Chuillinn, Cill Uasaille, An Nás, Co. Chill Dara. Tá scoileanna ETB ina scoileanna stáit, comhoideachais, il-sainchreidmheacha a bhfuil croíluachanna feabhais sna nithe seo a leanas mar […]

Saotharlann Úr ETIM agus Códúcháin Seolta ag Coláiste an Eargail

Group of people cutting a ribbon.

Tá saotharlann nuálach Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM) agus códúcháin oscailte ag Coláiste an Eargail, atá urraithe ag Optum Ireland and UK. Chuir comhpháirtíocht cúig bliana le Optum ar chumas na scoile saotharlann shaincheaptha a chruthú laistigh de sheomra ranga ríomhaireachta atá ann cheana féin, rud a chuirfidh ETIM agus códúcháin chun cinn níos […]

Eagraí Litearthachta Aosaigh Úr Ceaptha i nDeisceart Dhún na nGall

Image of person.

Tá Eagraí Litearthachta Aosaigh úr, Patricia Walsh Gillespie, ceaptha i nDeisceart Dhún na nGall ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB). Tá Patricia ag dul isteach i bhfoireann de chúigear Eagraithe Litearthachta Aosaigh (ELAnna) ar fud an chontae sa tSeirbhís Breisoideachais agus Oiliúna, ag cur teagasc ar fáil d’aosaigh maidir le litearthacht, uimhearthacht, […]

Áit bainte amach i dTaispeántas Eolaí Óg & Teicneolaíochta BT 2023 ag Dhá Thionscadal Déag ó scoileanna de chuid ETB Dhún na nGall

BTYSE 2023 logo

Tá áit bainte amach sa 59ú Taispeántas Eolaí Óg & Teicneolaíochta ag dhá thionscadal déag de chuid scoileanna ETB Dhún na nGall. Beidh an ócáid ar siúl san RDS, Baile Átha Cliath ón 11-14 Eanáir, 2023. Tá sé mar aidhm ag an Taispeántas daoine óga a spreagadh ionas go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar […]