Author Archives: Donegal ETB

Aonach Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall ar siúl 23-24 Samhain

Poster about Fiar - text on a green background.

Beidh Aonach Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall ar siúl ón 23-24 Samhain san Óstán Radisson Blu, Leitir Ceanainn. Díríonn an tAonach ar sholáthar cuimsitheach FET ETB Dhún na nGall ar fud an chontae agus beidh lúcháir ar dhaoine é a fheiceáil beo arís den chéad uair le trí bliana. Mheall an tAonach […]

‘Comhdháil faoin Iarthuaisceart Chliste’ á hóstáil ag OT an Atlantaigh le hacmhainneacht réigiún an Iarthuaiscirt a fhiosrú

D’óstáil Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh comhdháil Dé hAoine, 7 Deireadh Fómhair, le hacmhainneacht eacnamaíoch agus sóisialta réigiún an Iarthuaiscirt a fhiosrú i dtéarmaí oideachais agus fostaíochta; thug réimse aoichainteoirí roinnt léargas faoin téama ag an ócáid. Labhair an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an tUasal Simon Harris TD, ag an chomhdháil agus […]

Ráiteas ó Choláiste na Maoile Rua agus ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) mar Fhreagairt ar an Tragóid Uafásach ar an Chraoslach

Tá daltaí, foireann, Bord Bainistíochta agus tuismitheoirí Choláiste na Maoile Rua suaite go mór mar gheall ar an tragóid a tharla Dé hAoine ar an Chraoslach. Is oth linn a rá go raibh beirt dár gcuid daltaí, James Monaghan agus Leona Harper, agus beirt mháithreacha daltaí atá rollaithe inár scoil, Catherine O Donnell agus Martina […]

ASPIRE Inis Eoghain Seolta

Sheol Seirbhís Óige Dhún na nGall (DYS) Tionscadal Óige úr ASPIRE Inis Eoghain Dé hAoine, 30 Meán Fómhair san Óstán Inishowen Gateway i mBun Cranncha. Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) faoin líne mhaoinithe UBU – D’Áit, Do Spás agus á reáchtáil ag Bord Oideachais agus […]

Mol Tacaíochta do Mhic Léinn Seolta ag an tSeirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET)

Tá Mol Tacaíochta do Mhic Léinn FET seolta ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall. Ionad ilfhreastail atá ann ina bhfuil an t-eolas uilig ar fáil do mhic léinn FET, eolas d’fhéadfadh a bheith de dhíth orthu roimh nó le linn a gcuid cúrsaí. Foireann Dearbhaithe Cáilíochta FET a d’fhorbair an Mol […]

Mic Léinn de chuid FET ETB Dhún na nGall Páirteach i WorldSkills Ireland 2022

Bhí roinnt mac léinn agus printíseach de chuid Bhreisoideachas agus Oiliúint (FET) ETB Dhún na nGall páirteach san ócáid WorldSkills Ireland 2022 a reáchtáladh san RDS ón 13-15 Meán Fómhair. Chuaigh Lee Davison, mac léinn reatha de chuid ETB Dhún na nGall (táthúchán píobáin chódaithe), san iomaíocht sa chomórtas táthúcháin. I ndiaidh dó bunchúrsa táthúcháin a […]

Comhordaitheoir Úr Ceaptha le Seirbhís Treorach d’Aosaigh ETB Dhún na nGall a Bhainistiú

Ceapadh Comhordaitheoir úr, Eileen Patton, le bainistíocht a dhéanamh ar an tSeirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh, seirbhís atá curtha ar fáil ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) trína Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET). Cuireann an tSeirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh eolas, comhairle, treoir agus comhairliúchán neamhchlaonta agus rúnda ar fáil d’aosaigh maidir […]

Eagraí Litearthachta d’Aosaigh Úr Ceaptha ag ETB Dhún na nGall

Image of perosn

Cheap Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall Adele McElhinney mar Eagraí Litearthachta d’Aosaigh (le Freagracht Tosaigh as an Litearthacht Réigiúnach a Chomhordú) ina Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET). Chruthaigh an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta an post úr mar fhreagairt ar Litearthacht d’Aosaigh don Saol (LAS) a seoladh níos luaithe i […]

Leas-Phríomhoide Úr Ceaptha ag ETB Dhún na nGall

Image of person

Tá lúcháir ar ETB Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil Aoife De Náis ceaptha mar an Leas-Phríomhoide úr ar Ghairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir. Tagann sí in áit Pháraicín Ní Fhaoláin a d’éirigh as le gairid i ndiaidh trí bliana agus tríocha de sheirbhís laistigh den scoil, ceithre bliana déag acu sin […]