Author Archives: Donegal ETB

Taispeántas Grianghrafadóireachta Chumasóige ar an Fhál Charrach

Óstálfaidh mic léinn Chumasóige Ghort an Choirce taispeántas grianghrafadóireachta sa tSean Bheairic ar an Fhál Charrach ón 9-13 Bealtaine. Tá an taispeántas mar thoradh a gcuid iarrachtaí le dhá bhliain anuas, arna mhaoiniú fríd an tionscnamh Scoileanna Ildánacha ina raibh beirt áisitheoirí ó Artlink, Martha McCullough agus Rebecca Strain, ag obair leis na mic léinn […]

Lá Oscailte Ionad FET Leitir Ceanainn

Reáchtálfaidh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall lá oscailte Dé Céadaoin seo chugainn, 11 Bealtaine san Ionad FET is úire dá cuid ar Bhóthar an Phoirt i Leitir Ceanainn. Bhíodh an t-ionad FET lonnaithe in Oifigí Riaracháin an ETB roimhe seo ag Ard Uí Dhomhnaill agus ansin ar an Bhóthar Ard, ach […]

Síníonn ETB Dhún na nGall agus Údarás na Gaeltachta Meabhrán Tuisceana

Tá Meabhrán Tuisceana (MoU) cúig bliana sínithe ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) agus Údarás na Gaeltachta chun caidreamh a fhorbairt ina n-aithníonn an dá pháirtí a chéile mar eagraíochtaí comhpháirtíochta a rachaidh chun tairbhe don dá eagraíocht agus do Chontae Dhún na nGall agus réigiún an Iarthuaiscirt. Cuireann sé le stair […]

An Chéad Chúrsa Deimhnithe san Fhíodóireacht in Éirinn Seolta

Seoladh an chéad chúrsa deimhnithe san fhíodóireacht riamh sa tír i gCill Charthaigh i gContae Dhún na nGall. Tá an cúrsa oiliúna lánaimseartha i bhFíodóireacht Dhún na nGall forbartha ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) trína Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) agus tá sé deimhnithe ag Údarás Cáilíochtaí na hAlban. Rinne an […]

Ráiteas Straitéise 2022-2026 Seolta ag ETB Dhún na nGall

Sheol ETB Dhún na nGall a Ráiteas Straitéise don tréimhse 2022-2026. Leagann an Ráiteas amach misean an ETB thar an chéad chúig bliana eile maidir le ‘deiseanna oideachais agus oiliúna a chur ar fáil a chuidíonn le mic léinn a lánacmhainneacht a bhaint amach agus cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta a gcuid pobal.’ […]

Cumhacht bhunathraitheach an oideachais allamuigh d’fhoghlaimeoirí agus don timpeallacht molta go hard ag imeacht náisiúnta a reáchtáladh

Thug an tAire Stáit do Scileanna agus Breisoideachas, Niall Collins T.D. ardmholadh do na hIonaid Oideachais agus Oiliúna Allamuigh (OETC) atá á reáchtáil ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann agus é ag seoladh Creat Straitéiseach úr don earnáil ar Acaill Dé Luain seo caite. Bhí an méid seo a leanas le rá aige, “d’fhéadfadh go […]

Seirbhís Treorach d’Aosaigh Oscailte don Phobal arís ón 1 Márta

Beidh an tSeirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh de chuid Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall oscailte don phobal arís i Leitir Ceanainn agus i mBaile Dhún na nGall ón 1 Márta. Bhí an tseirbhís á reáchtáil ar líne ar feadh an dá bhliain seo caite de bharr na paindéime agus tá Treoirchomhairleoirí […]

Comhoibriú idir Coláistí in Iarthuaisceart na hÉireann maidir le Feithiclí Leictreacha

Tá na foirne léachtóireachta ó ETB Dhún na nGall, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT), Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt (NWRC) agus Coláiste an Iardheiscirt (SWC) ag comhoibriú le speisialtóirí feithiclí leictreacha Hyundai le hullmhú don aistriú mhór atá ag teacht .i. chuig Feithiclí Leictreacha. Cuireadh tús leis an chomhoibriú sin ag Ionad Náisiúnta Foghlama Hyundai i […]

Is í Gairmscoil Chú Uladh ar an Chéad Scoil in Éirinn le Páirt a Ghlacadh i gclár Ghnó sa Phobal in Éirinn trí Ghaeilge

Tá Gairmscoil Chú Uladh ar an chéad scoil lán-Ghaeilge sa tír le páirt a ghlacadh sa chlár Saothar an tSaoil trí mheán na Gaeilge, atá á reáchtáil ag Gnó sa Phobal in Éirinn (BITC). Tá daltaí Staidéir Gnó sa dara bliain ón scoil de chuid ETB Dhún na nGall atá lonnaithe i mBéal an Átha […]

Úrchúrsa Cúraim Leanaí Seolta

Tá clár úr maidir le cúram leanaí seolta ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall i Leitir Ceanainn. Beidh an cúrsa Luathfhoghlama agus Cúraim ar fáil mar dhámhachtain lánaimseartha bliana QQI Leibhéal 5 ó Mheán Fómhair 2022. Forbraíodh an clár de réir dea-chleachtais san earnáil luathfhoghlama agus cúraim (0-6 bliana) agus féachfaidh […]