Author Archives: Donegal ETB

Déanann Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall comhghairdeas le Mic Léinn Ardteistiméireachta as a gcuid Torthaí

Image of person.

Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall le mic léinn atá ag fáil a gcuid torthaí Ardteistiméireachta, Ardteistiméireachta Feidhmí agus LCVP, i ndiaidh bliain eile nach bhfacthas riamh cheana. Bainistíonn ETB Dhún na nGall 15 den 27 n-iar-bhunscoil i gCo. Dhún na nGall agus is comhpháirtí iontaobhais é fosta do na hocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheach […]

Réamheolaire FET 2021-2022 foilsithe ag ETB Dhún na nGall

D’fhoilsigh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall a Réamheolaire FET úr don bhliain acadúil atá le teacht, 2021-2022; tá eolas le fáil ann faoi cheithre chúrsa lánaimseartha spreagúla úra a bheidh ag tosú i mí Mheán Fómhair. Tá eolas mionsonraithe sa Réamheolaire ar níos mó ná 120 cúrsa lánaimseartha agus páirtaimseartha i […]

Coicís FET Seolta ag ETB Dhún na nGall

Sheol Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall Coicís FET inniu; imeacht ar líne atá ann a thosóidh an tseachtain seo chugainn. Mar an soláthróir oideachais agus oiliúna is mó sa chontae, óstálann a Sheirbhís FET Aonach FET ollmhór gach bliain chun a réimse leathan deiseanna oideachais agus oiliúna a chur os comhair […]

Ciste um Míbhuntáiste Oideachasúil a Mhaolú 2021

Tá gairm oscailte ar mhaoiniú seolta ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall, i gcomhar le SOLAS; tá sé mar aidhm ag an mhaoiniú tacaíocht a thabhairt do Sholáthraithe/Ghrúpaí áitiúla Oideachais Pobail. Tógann Ciste um Míbhuntáiste Oideachasúil a Mhaolú (MAEDF) 2021 ar rath an chiste roimhe sin (2020) agus tá sé mar […]

Comhordaitheoir Aitheantais Réamhfhoghlama Úr Ceaptha

Tá Siobhán Murray ceaptha mar an Comhordaitheoir Aitheantais Réamhfhoghlama (ARF) úr le Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall. Is éard is Aitheantas Réamhfhoghlama, nó RPL, ann próiseas trínar féidir scileanna agus eolas a fuarthas trí shaol taobh amuigh d’oideachas agus d’oiliúint fhoirmiúil a mheas agus a dheimhniú. Ligfidh an obair sin do […]

Deireadh Tagtha le Tionscadal Ceannaireachta Pobail Rathúil arna Mhaoiniú ag PEACE IV

Donegal ETB ogo

Tá deireadh tagtha le tionscadal ceannaireachta pobail rathúil arna mhaoiniú ag PEACE IV; bhí seasca a naoi duine páirteach ann ar fud deich mol pobail. Bhí an tionscadal á reáchtáil ag ETB Dhún na nGall i gcomhpháirtíocht le Forbairt Áitiúil Dhún na nGall agus Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain. Thacaigh Clár PEACE IV an Aontais Eorpaigh […]

Áisitheoir Oideachais Pobail Úr Ceaptha ag ETB Dhún na nGall

Tá Orla Winters ceaptha ag ETB Dhún na nGall mar an Áisitheoir Oideachais Pobail úr ina Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) le freastal ar an Ghaeltacht, ar Iarthar agus ar Dheisceart Dhún na nGall. Leanfaidh a comhghleacaí, Catherine Friel, ar aghaidh ina post mar Áisitheoir Oideachais Pobail agus í ag freastal ar Inis Eoghain, ar […]

Athbhreithniú Tionscnaimh ar Chóras Dearbhaithe Cáilíochta na Seirbhíse Breisoideachais agus Oiliúna Tagtha Chun Críche

Chuir an tSeirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) deireadh le hathbhreithniú tionscnaimh seachtaine thar a bheith táirgiúil ar a córas dearbhaithe cáilíochta ar an 28 Bealtaine le foireann athbhreithnithe idirnáisiúnta arna ceapadh ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI). I mí an Mhárta sheol QQI an tAthbhreithniú Tionscnaimh ar Dhearbhú Cáilíochta ar fud na hearnála Breisoideachais […]

Ceapann ETB Dhún na nGall Leas-Phríomhoide úr i gColáiste na Daoile

Tá an tUasal Shane McArt ceaptha mar Leas-Phríomhoide úr i gColáiste na Daoile, Ráth Bhoth. Beidh Shane ag comhoibriú leis an Fhoireann Ardbhainistíochta mar atá an tUasal Joe Boyle, Príomhoide, agus Carmel Mulligan, Uasal, Leas-Phríomhoide. Tháinig an post breise mar Leas-Phríomhoide i gColáiste na Daoile aníos mar gheall ar an chinneadh a rinne an tAire […]

Meamram tuisceana ar chomhoibriú ríomhshínithe ag LYIT agus ag ETB Dhún na nGall

Tá meamram tuisceana (MT) athshínithe ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) agus ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB Dhún na nGall) inniu, rud a chiallaíonn go leanfaidh siad ar aghaidh lena gcuid iarrachtaí le feabhas a chur ar naisc oideachais idir an dá eagraíocht. Síníodh an meamram tuisceana roimhe seo in 2016 […]