Author Archives: Donegal ETB

Réamhbhabhta Comórtais Táthúcháin Worldskills Ireland 2022 Reáchtáilte i nDún na nGall

Reáchtáladh ceann de na réamhbhabhtaí comórtais táthúcháin do chomórtas WorldSkills Ireland 2022 i Leitir Ceanainn le gairid. Ghlac seisear iarratasóirí páirt san imeacht: ó ETB Dhún na nGall (triúr ó Bhealach Féich, ó Charn Domhnach agus ó Bhaile Dhún na nGall) agus ó ETB Phort Láirge agus Loch Garman (triúr). Teagascóirí táthúcháin in Ionaid Oiliúna […]

D’éirigh go geal le mic léinn ETB Dhún na nGall ag BTYSE 2022

Bhí triúr mac léinn de chuid ETB Dhún na nGall i measc na ndaoine a bhain duaiseanna ag babhta ceannais Thaispeántas Eolaithe Óga BT 2022 a reáchtáladh ar líne Dé hAoine, 14 Eanáir 2022: Bhain Ciara Cannon, mac léinn de chuid Ghairmscoil na Mainistreach, an dara duais ina catagóir, Eolaíochtaí Bitheolaíocha agus Éiceolaíocha (Meánleibhéal), lena […]

Teachtaireacht Nollag ó Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall

Image of Chief Executive Anne McHugh

Agus muid ag druidim le Nollaig 2021 ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an fhoireann agus leis na mic léinn inár Scoileanna, inár nIonaid agus inár nOifigí Riaracháin ar fud an chontae; chuir siad go mór leis an obair iontach a bhí ar bun ag ETB Dhún na nGall le linn 2021 […]

Fáiltíonn ETB Dhún na nGall Roimh Thuarascáil Fhoireann Neamhspleách Athbhreithnithe QQI ar an Athbhreithniú Cáilíochta Tionscnaimh

Fáiltíonn ETB Dhún na nGall roimh thuarascáil Fhoireann neamhspleách Athbhreithnithe QQI ar an Athbhreithniú Cáilíochta tionscnaimh níos luaithe i mbliana ar ár Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna. D’ainneoin na ndúshlán a bhain leis an athbhreithniú a dhéanamh ar líne nuair ba threise paindéim Covid-19, bhí an ETB sásta leis na hiarrachtaí oscailte agus croíúla a rinne […]

An Clr Barry Sweeny Tofa mar Chathaoirleach ETB Dhún na nGall

Toghadh an Clr Barry Sweeny mar Chathaoirleach Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall iarnóin inniu. Toghadh an Clr Martin Harley mar Leaschathaoirleach. Tá na comhairleoirí thuasluaite ag teacht in ionad an Chathaoirligh, an Clr Albert Doherty, agus an Leaschathaoirligh, an Clr Gary Doherty, atá ag dul as oifig. Is é ETB Dhún na […]

Caint tugtha ag an Ollamh Emeritus Gearóid Ó Tuathaigh mar pháirt de Sheimineár Oideachais Pobail

D’fhreastail díreach breis agus 80 rannpháirtí ar an tSeimineár bhliantúil Oideachais Pobail le gairid arna óstáil ar líne ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall. Tugann an seimineár bliantúil sin deis dóibh siúd atá páirteach i soláthar an Oideachais Pobail, go háirithe iad siúd a úsáideann maoiniú deontais arna riaradh ag Clár […]

Glór na Mac Léinn, Seó Bóthair na Seirbhíse Breisoideachais agus Oiliúna, Reáchtáilte Ar Líne

Bhí deis ag mic léinn Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) atá ag tabhairt faoi chúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha le Seirbhís FET ETB Dhún na nGall aiseolas a thabhairt maidir leis an tSeirbhís an tseachtain seo caite ag Seó Bóthair FET dar teideal Glór na Mac Léinn. Ba é sin an dara huair a reáchtáladh an t-imeacht […]

Boird Oideachais agus Oiliúna “ag cur go mór le hionchuimsiú gníomhach in Éirinn” dar le Suirbhé

Is léir ó shuirbhé ar Bhreisoideachas agus Oiliúint (FET) arna sholáthar ag na 16 Bord Oideachais agus Oiliúna in Éirinn (ETBanna) a foilsíodh inniu go n-áiríonn na buntáistí agus na torthaí FET do rannpháirtithe réimse leathan buntáistí sna catagóirí seo a leanas: buntáistí pearsanta, buntáistí oideachas, buntáistí sóisialta, buntáistí fostaíochta agus buntáistí pobail: Dar leis […]

Seacht gCúrsa Dhéag ar fáil i nDún na nGall fríd an CAO

Tá roghanna Breisoideachais agus Oiliúna (FET) agus eolas faoi Phrintíseachtaí ar fáil do mhic léinn Ardteistiméireachta fríd an CAO den chéad uair riamh i mbliana. Tá seacht rogha FET déag ar fáil ar fud Dhún na nGall trí Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall. Áiríonn siad Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLCanna) agus cúrsaí oiliúna. Agus í ag […]

Printísigh Leictreacha le Freastal ar Oiliúint Chéim 4 i nDún na nGall den Chéad Uair

Chláraigh an chéad ghrúpa de Phrintísigh Leictreacha le tabhairt faoi Chéim 4 dá bprintísigh i nDún na nGall ar maidin in LYIT le Roinn na hInnealtóireachta Leictreonaí agus Meicniúla agus le Seirbhísí Printíseachta ETB Dhún na nGall ar lá stairiúil don chontae, dar le go leor daoine. Mar thoradh ar an chomhoibriú leanúnach idir ETB […]