Author Archives: Donegal ETB

Teachtaireacht Nollag ó Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall

Tá muid ag druidim leis an Nollaig arís agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an fhoireann agus leis na mic léinn inár Scoileanna, Coláistí agus Ionaid ar fud an chontae a chuir an oiread sin leis an obair mhór mhaith atá déanta ag ETB Dhún na nGall le linn 2019. Bliain […]

Sprioc Dhomhanda 12 á Cur Chun Cinn ag Daltaí Choláiste Pobail Bhun an Phobail – Tomhaltas & Táirgeadh Freagrach

Bhí Coláiste Pobail Bhun an Phobail an-ghníomhach maidir le tomhaltas agus táirgeadh freagrach a chur chun cinn sa scoil sa tréimhse roimh an Nollaig. Cuireadh tae agus seacláid the Fairtrade ar fáil sa chlub bricfeasta le cur i gcuimhne do dhaltaí an tábhacht a bhaineann le smaoineamh faoin áit a dtagann a gcuid bia as […]

Crann Gealltanas Síochána á Cheiliúradh ag Daltaí Choláiste na Daoile agus Cairde ó Scoil Chuimsitheach Ríoga & Prior

Tháinig daltaí ó Choláiste na Daoile agus ó Scoil Chuimsitheach Ríoga agus Prior, an dá cheann acu i Ráth Bhoth, le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar an tionscnamh síochána atá á threorú ag an aos óg Amazing the Space: Pathway to Peace (Bealach i dTreo na Síochána) idir ceithre chéad scoil ar fud Thuaisceart […]

Labhraíonn an tEolaí Aeráide Mór le Rá, an tOllamh Emeritus John Sweeney, le Soláthraithe Oideachais Pobail Dhún na nGall

D’fhreastail os cionn céad rannpháirtí ar Sheimineár Bliantúil Oideachais Pobail Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall i Leitir Ceanainn inniu. Tugann an seimineár bliantúil seo deis dóibh siúd atá páirteach in Oideachas Pobail a chur ar fáil, go háirithe iad siúd a úsáideann maoiniú i bhfoirm deontas arna riaradh ag Clár Tacaíochta […]

Gradaim Bhreisoideachais & Oiliúna (FET) bronnta ar 300 mac léinn i Leitir Ceanainn

Tháinig trí chéad mac léinn Breisoideachais agus Oiliúna (FET), mar aon le teaghlaigh, cairde agus baill foirne, le chéile in Óstán an Radisson, Leitir Ceanainn Déardaoin seo caite le réimse leathan gradam a fháil ó Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall. Bhain mic léinn teastais amach mar gheall ar réimse cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha a […]

Gradaim Bhreisoideachais & Oiliúna (FET) bronnta ar 175 Mac Léinn i nDeisceart Dhún na nGall i mBaile Dhún na nGall

Bhronn Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall réimse leathan gradam ar mhic léinn as gach cearn de Dheisceart Dhún na nGall ag ócáid bhronnta tráthnóna Dé Máirt seo caite. D’fháiltigh Stiúrthóir FET le ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher, roimh na céadta mac léinn, aíonna agus baill foirne chuig an ócáid in […]

Físeán maidir le Cleachtais Aisiríocha Seolta ag Foróige trí Thionscadal maoinithe PEACE IV ETB Dhún na nGall

Tá físeán úr seolta ag Foróige anocht a bhfuil sé mar aidhm aige coincheap na gcleachtas aisiríoch a mhíniú do dhaoine óga agus do dhaoine fásta. Críochnaíodh an tionscadal mar pháirt de Thionscadal Cleachtas Aisiríoch ETB Dhún na nGall ar éirigh leis €200,000 de mhaoiniú PEACE IV an AE a fháil in 2018. Tacaíonn Clár PEACE […]

Réaltacht Fhíorúil in Úsáid ag Tionscnamh um Shábháilteacht ar Bhóithre le Fíor-eispéireas a Thabhairt do Mhic Léinn i dtaca le Timpistí Bóthair

Tá tionscnamh sábháilteachta le béim mhór a leagan ar na contúirtí atá ar ár mbóithre ar fáil anois le húsáid i Meánscoileanna, in Ionaid Chumasóige agus i gclubanna i nDún na nGall; tá sé ábalta fíor-eispéiris de dhrochthimpistí bóithre a thabhairt do mhic léinn. Clár réaltachta fíorúla (VR) maidir le sábháilteacht ar bhóithre is ea […]

Teastais Bronnta ar Phrintíseachtaí

Bhronn an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD, Ardteastais Cheardaíochta ar phrintísigh ó Dhún na nGall a chríochnaigh a gcuid printíseachtaí le gairid. SOLAS, ETB Dhún na nGall agus ETB Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (MSL ETB) a chomhóstáil an ócáid. Agus é ag caint ag an bhronnadh, thrácht an tAire McHugh ar an […]

Caighdeán Sholáthar Oideachais an Iarthuaiscirt le bheith Curtha Chun Cinn i SAM

Beidh sé mar phríomhaidhm ag an mhisean trádála trasteorann a bheidh ag taisteal go Bostún agus Philadelphia an tseachtain seo chugainn oibriú le naisc láidre oideachais idir réigiún an Iarthuaiscirt agus SAM a fheabhsú agus a fhorbairt níos mó. Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin a bheidh […]