Author Archives: Donegal ETB

Fanfaidh Scoileanna agus Ionaid FET ETB Dhún na nGall Druidte go dtí Meán Fómhair 2020

Donegal ETB ogo

Fanfaidh gach scoil de chuid ETB Dhún na nGall, Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET), Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin agus an tseirbhís ceoil druidte go dtí tús na bliana acadúla 2020/21, ach amháin i gcás aon socruithe speisialta a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm do dhaltaí atá ag ullmhú dá Scrúduithe Ardteistiméireachta, i ndiaidh […]

Cumarsáid le Custaiméirí le linn Géarchéime – Seimineár Saor in Aisce Ar Líne do Ghnólachtaí Dhún na nGall

Mar gheall ar an dóigh a bhfuil COVID-19 ag cur isteach go mór ar an saol, is am maith atá ann do ghnólachtaí athbhreithniú a dhéanamh ar an dóigh a ndéanann siad cumarsáid le custaiméirí le linn na géarchéime seo: d’fhéadfadh an dóigh a ndéanann tú cumarsáid le daoine difear suntasach a dhéanamh do do […]

Socruithe Malartacha maidir le Scrúduithe do Mhic Léinn FET ETB Dhún na nGall le linn Éigeandáil COVID-19

Donegal ETB ogo

Faoi mar a d’fhógair an tAire Ardoideachais, Mary Mitchell O Connor, maidin inniu nach mbeidh institiúidí breisoideachais agus ardoideachais ag reáchtáil measúnuithe scríofa, ó bhéal ná praiticiúla in ionaid scrúduithe le linn éigeandáil COVID-19 (https://www.education.ie/en/Press-Events/Press-Releases/2020-press-releases/PR20-04-08.html), is féidir le ETB Dhún na nGall a dheimhniú go ndearnadh socruithe malartacha dá chuid mac léinn Bhreisoideachais agus Oiliúna […]

Freagra tugtha ag 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann ar riachtanais foghlaimeoirí le linn Covid-19

Tá Boird Oideachais agus Oiliúna ar fud na hÉireann ag cur bearta tábhachtacha i bhfeidhm le dul i ngleic leis na dúshláin atá tagtha chun cinn de bharr Covid-19 agus lena chinntiú go mbeidh leanúnachas ann i dtaobh oideachais agus oiliúna do thuairim is 450,000 dalta agus foghlaimeoir ar fud an stáit. Tuigeann earnáil na […]

Tionscnamh Comhoibrithe Múinteoirí ETB Dhún na nGall ag Tacú le Cianteagasc le linn Shrianadh COVID-19 arna chuidiú ag Ciste Sármhaitheasa Scoileanna Digiteacha DES

Tá roinnt múinteoirí i scoileanna ar fud Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) ag obair ar thionscnamh nuálach teagaisc agus foghlama dar teideal ‘Comhoibriú Múinteoirí – Pleanáil Curaclaim na Sraithe Sóisearaí, Cruthú Ábhair agus Comhroinnt Acmhainní’. Tá an tionscnamh á fhorbairt le cúig bliana anuas agus tá físeán gairid curtha le chéile a léiríonn an […]

Scoileanna agus Ionaid ETB Dhún na nGall ag Fannacht Druidte go dtí an 19 Aibreán 2020

Donegal ETB ogo

Ag eascairt ón mhéid a d’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar ar maidin tá gach Scoil de chuid ETB Dhún na nGall, Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna, Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin, an tSeirbhís Oideachais Ceoil agus gach Oiliúint Tráthnóna /Rang Oíche ag fannacht druidte go dtí Dé Domhnaigh, an 29 Aibreán mar fhreagairt ar scaipeadh […]

Preasráiteas maidir le COVID-19 ó na hEagraíochtaí Bainistíochta, ACCS, BOOÉ & JMB

Tá na heagraíochtaí bainistíochta, a fheidhmíonn ar son na hiarbhunscoileanna uile sa Stát, i ndiaidh cumarsáide lena scoileanna, ag iarraidh orthu an teachtaireacht ó Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó Uiginn, maidir le tábhacht an scaraidh sóisialta a chur faoi bhráid gach tuismitheoir agus gach scoláire. Tá Uachtarán Ó Uiginn ag gríosú le daoine óga […]

Faisnéis athbhreithnithe do scoileanna, réamhscoileanna & d’institiúidí tríú leibhéal ar an gCoróinvíreas

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna tar éis faisnéis do scoileanna, réamhscoileanna agus d’institiúidí tríú leibhéal ar Covid-19 a uasdátú; arna cur ar fáil ag an Roinn Sláinte agus Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte an FSS tar éis cruinniú de chuid na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí. Tá dochtúirí sláinte poiblí ar fáil chun dul […]

‘Glór na Mac Léinn’, Fóram de chuid na Seirbhíse FET Óstáilte ag ETB Dhún na nGall den Chéad Uair

D’óstáil Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall, a chéad fhóram neamhspleách riamh ar an 11 Feabhra; “Glór na Mac Léinn” an teideal a bhí air. Tá sé mar aidhm ag an Fhóram, a bheidh ina ócáid bhliantúil as seo amach, aiseolas a bhailiú ó mhic léinn maidir le héifeachtacht sholáthar FET Dhún […]

Gradaim FET Bronnta ar 130 Aosach agus Duine Óg in Iarthar Dhún na nGall

Tháinig os cionn céad tríocha duine le chéile in Óstán an Waterfront, An Clochán Liath, Dé Máirt seo caite le réimse leathan gradam a fháil ó Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall. Bronnadh na gradaim ar mhic léinn i ndiaidh dóibh réimse clár páirtaimseartha agus lánaimseartha a dhéanamh le bliain anuas, cláir […]