Samhlaigh, Léirigh, Lonraigh – an Chéad Ócáid Réaltaí ETB á Seoladh ag ETB Dhún na nGall

ETB Stars event asset

ETB Stars event asset

Tá an chéad ócáid taispeántais ar na taibhealaíona seolta ag Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall dá mhic léinn iar-bhunscoile ó fud fad an chontae.

Beidh ‘Samhlaigh, Léirigh, Lonraigh – Réaltaí ETB’ ar siúl ag 7.30pm in Amharclann An Grianán i Leitir Ceanainn Dé Máirt 19 Samhain.

Déanfar ceiliúradh ar thallann, cruthaitheacht agus coimitmint den scoth na scoláirí agus na mball foirne ar fud scoileanna ETB Dhún na nGall.

Le clár ilghnéitheach ceoil, amhrán, damhsa, dráma agus taibhithe, léireofar saibhreas phobal oideachais ETB Dhún na nGall sa seó mar aon leis na deiseanna éagsúla atá ag a scoláirí a dtallanna a fhorbairt ar an stáitse agus ón stáitse araon.

Bainistíonn ETB Dhún na nGall 15 de na 27 iar-bhunscoil i gCo. Dhún na nGall agus is páirtí iontaobhaí é fosta d’ocht gcinn de Phobalscoileanna agus de Scoileanna Cuimsitheacha eile sa chontae.

D’fhreastail breis is 6,000 scoláire ar scoileanna ETB anuraidh.

Group of Crana College students and a teacher.
Múinteoir ceoil Choláiste Cranncha, Laura Keogh, agus scoláirí, ag ullmhú do chéad ócáid Réaltaí ETB, ETB Dhún na nGall.

B’as múinteoir ceoil Choláiste Cranncha Laura Keogh a tháinig an smaointiú don ócáid tras-eagraíochta sin. Agus í ag labhairt fúithi, dúirt Laura gur “tionscnamh é ‘Samhlaigh, Léirigh, Lonraigh – Réaltaí ETB’ chun staidéar agus taibhiú ceoil, damhsa, agus dráma a fhorbairt agus a spreagadh i bpobal scoileanna an ETB. Mar mhúinteoir sna Taibhealaíona, d’airigh mé go raibh deis de dhíth ar scoláirí a dtallanna a léiriú do lucht féachana níos leithne, trí ardán a thabhairt do scoláirí a scileanna agus saineolas a thaispeáint agus ligean do mhúinteoirí agus baill foirne tacaíochta aithne a chur ar a chéile fosta.”

“Beidh go leor stíleanna agus seánraí taibhealaíon ar siúl sa tráthnóna. Tá mé buíoch dár Stiúrthóir Scoileanna, Dr Martin Gormley agus d’fhoireann an ETB as a dtacaíocht agus a gcúnamh an togra sin a thabhairt ar an saol.” a dúirt sí.

Beidh scoláirí as dhá scoil déag den chúig scoil déag atá ann don chéad taispeántas sin. Is iad Gairmscoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall, Coláiste na Carraige, Coláiste Cranncha i mBun Cranncha, Coláiste na Daoile i Ráth Bhoth, Coláiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir, Gairmscoil Chú Uladh i mBéal an Átha Móir, Coláiste Pobail Bhun an Phobail, Coláiste Mhaigh Éne i mBun Dobhráin, Coláiste na Maoile Rua i mBaile na nGallóglach, agus Gairmscoil Chaitríona ar na Cealla Beaga.

Beidh scoláirí as dá scoil oileánach an ETB, Coláiste Phobail Cholmcille ar Oileán Thóraí agus Gairmscoil Mhic Diarmada ar Oileán Árainn Mhór rannpháirteach fosta.

Agus é ag labhairt faoin ócáid, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, Dr Martin Gormley, “Tá go leor daoine óga a bhfuil tallann acu inár scoileanna ETB Dhún na nGall, agus is deis iontach í an ócáid sin dóibh teacht le chéile agus a thaispeáint a bhfuil siad ábalta a dhéanamh. Tá gliondar ar leith orm go bhfuil scoláirí ón dá scoil oileánach s’againn ag glacadh páirte. Cuireadh obair na gcapall isteach sna hullmhúchán don ócáid sin, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na scoláirí agus aitheantas a thabhairt do na baill foirne freisin dá ndíograis agus dá gcoimitmint. Níl amhras ar bith orm gur tráthnóna taitneamhach agus speisialta a bheidh ann do achan duine atá páirteach.”

Tá ticéid ar díol anois ó Amharclann An Grianán, agus is féidir iad a cheannach tríd an nasc seo: https://angrianan.ticketsolve.com/ticketbooth/shows/873667853.