Cineálacha & Leibhéil Cúrsaí

Leibhéal Iontrála      

DÁMHACHTAINÍ AG LEIBHÉIL 1-3 AR AN NFQ AN TORADH A BHÍONN AR NA CÚRSAÍ SEO     
TIG LEIS NA CÚRSAÍ A BHEITH PÁIRTAIMSEARTHA NÓ LÁNAIMSEARTHA
  • Gearrchúrsaí/Uas-sciliú           
  • Litearthacht agus Uimhearthacht d’Aosaigh            
  • Cúrsaí do Dhaoine a Fhágann an Scoil go Luath

         

RIACHTANAIS IONTRÁLA       

 

Níl aon riachtanais iontrála foirmiúla oideachais ann  

Féach ar gach cúrsa Réimsí Foghlama

Ag Dul Chun Cinn ó Leibhéil 1 go 3 

D’fhág Catherine an scoil nuair a bhí sí 15 bliana d’aois agus ní raibh aon cháilíochtaí foirmiúla aici sular chinn sí staidéar a dhéanamh le haghaidh cúrsa ag Leibhéal 5 i nGnó agus Riarachán.           

Le cuidiú teagascóirí ETB, fuair Catherine amach go raibh disléicse uirthi agus d’athraigh sí chuig an chlár Foghlaim don Saol (litearthacht d’aosaigh) le cur lena scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta, ag déanamh dul chun cinn ó Leibhéal 1 go 3. Tá cáilíochtaí Teastais Shóisearaigh ag Catherine anois i mBéarla, i Mata agus in OSSP (Saoránacht). “Déarfainn gurbh é Foghlaim don Saol an doras ab fhearr a d’oscail mé i mo shaol riamh. Tá na teagascóirí foighneach, cineálta agus léiríonn siad tuiscint duit,” arsa Catherine.

Catherine McLaughlin / Litearthacht D’aosaigh, Leibhéil 1-3

An raibh a fhios agat? Má tá tú ag fáil íocaíochta Leasa Stáit, d’fhéadfá a bheith i dteideal páirt a ghlacadh inár gcúrsaí saor in aisce.


Meánleibhéal      

DÁMHACHTAINÍ AG LEIBHÉIL 3&4 AR AN NFQ AN TORADH A BHÍONN AR NA CÚRSAÍ SEO   
TIG LEIS NA CÚRSAÍ A BHEITH PÁIRTAIMSEARTHA NÓ LÁNAIMSEARTHA 
  • Filleadh ar an Oideachas                           
  • Cúrsaí Dul Chun Cinn                 
  • Cúrsaí do Dhaoine a Fhágann an Scoil go Luath                       
  • Cúrsaí atá Dírithe ar Fhostaíocht Bhunúsach  
RIACHTANAIS IONTRÁLA   

Leibhéal 3 NFQ / Teastas Sóisearach / Taithí ábhartha ar an saol 

Féach ar gach cúrsa Réimsí Foghlama

Ón scoil a fhágáil go luath go dtí céim ollscoile le Cumasóige

“Nuair a bhain mise 16 bliana d’aois amach bhí mo sháith agam den mheánscoil. Chaill mé an tsuim uilig san oideachas agus leis an oiread sin béime ar an Ardteistiméireacht a bhí ag teacht aníos mhothaigh mé gurbh fhearr dom gan triail a bhaint aisti ná triail a bhaint aisti agus teip orm. D’fhág mé an scoil gan aon phlean mar is ceart maidir le cad a dhéanfainn ina dhiaidh sin. Moladh Cumasóige dom agus thosaigh mé ag baint sult as an fhoghlaim den chéad uair le blianta. Bhí sé spreagúil mar go ndeachaigh siad i do mhuinín, mhothaigh tú níos spreagtha le hiarracht níos mó a dhéanamh; spreagadh thú leis na scileanna a bhí agat a chothú. Tá mise sa 3ú bliain de chúrsa céime i néalríomhaireacht in LYIT anois. Céim mhór domsa ba ea Cumasóige maidir le suim a athmhúscailt san oideachas ionam agus tá a fhios agam nach bhfaighinn na deiseanna céanna riamh dá bhfanfainn i scoil phríomhshrutha”.

Stephen Coyle / Cumasóige (Leibhéil 3 & 4)

Ardleibhéal

DÁMHACHTAINÍ AG LEIBHÉIL 5&6 AR AN NFQ AN TORADH A BHÍONN AR NA CÚRSAÍ SEO 
TIG LEIS NA CÚRSAÍ A BHEITH PÁIRTAIMSEARTHA NÓ LÁNAIMSEARTHA  
  • Cúrsaí i Sainscileanna  
  • Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC)    
  • Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG)   
  • Printíseachtaí & Cúrsaí Oiliúna   
RIACHTANAIS IONTRÁLA

NFQ Leibhéal 4 / Teastas Sóisearach (roinnt printíseachtaí) / Ardteistiméireacht  / Taithí ábhartha ar an saol

Féach ar gach cúrsa Réimsí Foghlama

Ón scoil a fhágáil ag 16 bliana d’aois go dtí Tástálaí Bogearraí

“D’fhág Piaras an scoil ag 16 bliana d’aois, gan aon cháilíochtaí; a fhad agus a d’oibir sé ar feadh a shaoil mar dhuine fásta, “d’fhoghlaim mé scileanna, ach níor bhain mé aon cháilíochtaí amach.” Mar sin, shocraigh sé go bhfillfeadh sé ar an oideachas, agus chríochnaigh sé cúrsa Ilmheán sa bhliain 2016, agus chuaigh sé ar aghaidh go dtí an cúrsa Forbartha Bogearraí agus chríochnaigh sé cúrsa oiliúna in Uath-Thástáil Bogearraí agus ba é an toradh a bhí air sin ná go bhfuair sé post le Pramerica ag deireadh na bliana 2018. Dar le Piaras gur “léirigh na cúrsaí dom go dtiocfadh liom mo sprioc a bhaint amach le hobair chrua, le tacaíocht agus le féinmhuinín. Gan an tacaíocht, an treoir agus an muinín ón fhoireann agus ó na teagascóirí ag an ETB, ní bheinn ábalta dul le mo rogha gairme, gan trácht ar mo sprioc a bhaint amach.”

Piaras Buchanan / Cúrsa Oiliúna in Uath-Thástáil Bogearraí

An bhfuil rud beag comhairle de dhíth ort maidir leis an bhealach cheart oideachais a roghnú?
Tig lenár Seirbhís Treorach d’Aosaigh cuidiú leat!