Iirh sMap of Donegal ETB FET Centres

Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna

TÁ 19 N-IONAD SAN IOMLÁN AG BORD OIDEACHAIS AGUS OILIÚNA DHÚN NA NGALL AGUS CUIRTEAR CLÁIR AGUS CÚRSAÍ BREISOIDEACHAIS AGUS OILIÚNA (FET) AR FÁIL IONTU.

Is é Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall an soláthraí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) is mó sa chontae é.  Cuireann muid réimse cúrsaí oideachais agus oiliúna atá uileghabhálach agus spreagúil ar fáil do mhuintir Dhún na nGall a shásóidh sainriachtanais na bhfoghlaimeoirí agus riachtanais forbartha an chontae.  Cuireann muid réimse cúrsaí ar fáil ó fhoghlaim pháirtaimseartha go dtí cúrsaí lánaimseartha a bhfuil breisoideachas agus ardoideachas, oiliúint agus fostaíocht mar thoradh orthu.

Tá sé iontach tábhachtach dúinne go bhfuil an deis ag gach foghlaimeoir sult a bhaint as a bhfoghlaim agus sármhaitheas a bhaint amach as a rogha staidéir. Cuireann muid cúrsaí creidiúnaithe ar fáil trí Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI), City & Guilds agus cáilíochtaí eile atá dírithe ar thionscal.  Chomh maith leis sin cuireann muid cúrsaí neamhchreidiúnaithe ar fáil mar chaitheamh aimsire agus blaschúrsaí gairide trínár gClár Oideachais Pobail.

Ár nIonaid FET    

An tSeirbhís Breisoideachais agus Oiliúna  

Ciaran O’Brien, Uasal, Stiúrthóir FET, a bhainistíonn an tSeirbhís Breisoideachais agus Oiliúna taobh istigh de Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Breisoideachas 

Bainistíonn dhá Oifigeach Oideachais d’Aosaigh ár gcláir Bhreisoideachais ar nós Litearthacht d’Aosaigh, BTEI, Oideachas Pobail, PLCanna, agus Soláthraithe Sainoiliúna, SDOG agus Cumasóige.

Mr Charles Gorney
Mr Aidan McCloskey

Seirbhísí Oiliúna

Vinny McGroary, Mairead Carlin, Colm Richardson agus Deirdre McColgan a bhainistíonn Seirbhísí Oiliúna laistigh d’ETB Dhún na nGall.

Printíseachtaí

Vinny Mc Groary a bhainistíonn Printíseachtaí