Ceannaireacht Teagaisc

BAINISTÍOCHT AN CHURACLAIM AGUS TEAGAISC

Mar mhúnla d’Fhorbairt Gharimiúil, tá foráil sa Cheannaireacht Teagaisc do rannpháirtíocht & bá, múnlú & cleachtas agus forbairt líonraí coláisteacha mar mhodh tacaíochta agus spreagtha. 

Réamhrá    

Féachann an clár le tús a chur le hathrú córasach agus é a éascú, trasna gach leibhéal oideachais, trí dhíriú go sonrach ar:

  • Múinteoirí a spreagadh lena ngníomhaíochtaí teagaisc a mhionathrú go comhfhiosach le cur le foghlaim na ndaltaí
  • Úsáid lántoiliúil agus chomhfhiosach ghíomhaíochtaí an mhúinteora a éascú  – scileanna, bearta & straitéisí;
  • Feasacht a éascú maidir leis an dóigh ar féidir le gníomhaíochtaí múinteoirí dul i bhfeidhm ar fhoghlaim daltaí – inspreagadh, nuacht, barántúlacht, cuntasacht, sábháilteacht; 
  • Múinteoirí a chur ar an eolas (arís) maidir le cé chomh mór agus a dtéann rudaí ar leith i bhfiedhm ar fhoghlaim .i. stíleanna foghlama éagsúla, iléirimí, ‘timpeallacht i mbaol’ srl.;
  • Cur le bainistíocht seomraí ranga Spreag / Tacaigh le hathbhreithniú – aonair / roinn ábhar  / scoil

Buntáistí

Cúrsaí inseirbhíse agus oiliúna a éascú le foireann teagaisc ETB Dhún na nGall.

Forbairtí reatha agus amach anseo 

Cúrsaí inseirbhíse agus oiliúna a éascú le foireann teagaisc ETB Dhún na nGall.

Ceannaireacht agus Cur Chun Cinn   

Cuirtear Ceannaireacht Teagaisc chun cinn agus spreagadh í i scoileanna ETB Dhún na nGall i réimse bealaí:

  • Reáchtáladh laetha pleanála braislithe, áit a raibh baill foirne ó scoileanna in aice lena chéile ábalta freastal ar oiliúint inseirbhíse ar ghnéithe a bhaineann le Ceannaireacht Teagaisc.
  • Éascaítear comhroinnt agus comhoibriú ar chleachtais.
  • Buaileann Coiste Stiúrtha le chéile go rialta le hoibriú ar phleanáil straitéiseach agus Ceannaireacht Teagaisc a leabú i gcultúr an teagaisc agus na foghlama ag ETB Dhún na nGall.
  • Tá Ceannaireacht Teagaisc mar pháirt den phlé ag cruinnithe den Chomhairle Teagaisc & Foghlama.

Maoiniú  

Is clár náisiúnta atá ann agus tacaíonn ETBI leis. Tá Coiste Náisiúnta Stiúrtha le haghaidh Cleachtais Teagaisc le ETBI. Reáchtáiltear Comhdháil Náisiúnta gach bliain i Meán Fómhair agus tá Comhdháil Idirnáisiúnta beartaithe don bhliain 2016. Tabhair cuairt ar www.instructionalleadership.ie

Go háitiúil tacaíonn ETB Dhún na nGall le cúrsaí inseirbhíse sa réimse sin. Ní mór do scoileanna ar mian leo freastal ar an chúrsa i gCeatharlach rannpháirtíocht a mhaoiniú óna mbuiséid scoile.

Teagmháil    

Le níos mó eolais a fháil ar Cheannaireacht Teagaisc in ETB Dhún na nGall déan teagmháil leis an ETB ar 074 9161600 nó info@donegaletb.ie