Réimsí Foghlama

Cuireann Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall réimse cúrsaí ar fáil ag Leibhéil 1-6 ar an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí i réimsí éagsúla foghlama. Seiceáil na Catagóirí Foghlama thíos le fáil amach níos mó faoi na cúrsaí atá ar fáil i do réimse spéise.

Cuirtear ár gcuid cúrsaí ar fáil ar bhonn lánaimseartha agus páirtaimseartha agus d’fhéadfadh siad a bheith lonnaithe in ionaid nó curtha ar fáil i suíomhanna for-rochtana sa phobal. 

Féach ar gach cúrsa

An raibh a fhios agat? Má tá tú ag fáil íocaíochta Leasa Stáit, d’fhéadfá a bheith i dteideal páirt a ghlacadh inár gcúrsaí saor in aisce.

Teicneolaíocht Faisnéise  

Tá ár gcúrsaí Teicneolaíochta Faisnéise dírithe ar earnáil na tionsclaíochta agus tá dlúthbhaint acu le scileanna an chontae agus riachtanais fostóirí. Tig le foghlaimeoirí dul chun cinn laistigh de chúrsaí FET an ETB ó Leibhéal 1 suas go dtí cúrsaí teicniúla ardleibhéil atá de dhíth le dul isteach sa mhargadh fostaíochta.

Féach na cúrsaí
SAMPLA DE CHÚRSAÍ ATÁ AR FÁIL      
  • Forbróir Bogearraí      
  • Java Foundation  
  • Microsoft MTA – Bunphionsabail Riaracháin Bunachar Sonraí 
  • Cúrsa Oiliúna Gairme in Uath-thástáil Bogearraí  
  • Teicneolaíocht Faisnéise (Leibhéil 1-4)
  • Dearadh Suíomh Gréasáin     

Cúram Sláinte, Teaghlaigh & Sóisialta           

Tá ár gcúrsaí Cúram Sláinte, Teaghlaigh agus Sóisialta deartha le freastal ar riachtanais fostóirí nó le tacú le breis staidéir. Tig le foghlaimeoirí dul chun cinn a dhéanamh laistigh dár gcúrsaí FET ó Leibhéil 1 go 6 le hiad a chumasú le dul isteach sa mhargadh fostaíochta nó dul ar aghaidh chuig ardoideachas.

Féach na cúrsaí
SAMPLA DE CHÚRSAÍ ATÁ AR FÁIL   
  • Staidéar Altranais     
  • Cúram agus Oideachas na Luath-Óige          
  • Riachtanais Speisialta le Staidéar Intleachta               
  • Cúram an Duine Bhreacaosta agus Tacaíocht Chúraim      
  • Staidéar ar Mhíchumas Intleachta           
  • Obair Ógra          
  • Scileanna Seirbhíse Sláinte 

Teangacha

Cuireann muid cúrsaí teanga ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla dóibh siúd ar mian leo cur lena gcuid scileanna sa réimse sin.    

Féach na cúrsaí
SAMPLA DE CHÚRSAÍ ATÁ AR FÁIL  
  • Ranganna Gaeilge        
  • TEG (Teastas Eorpach na Gailge)      
  • BCTE (Béarla do Chainteoirí Teangacha Eile)                    

Innealtóireacht, Déantúsaíocht & Tógáil  

Tá dlúthbhaint ag ár gcúrsaí Innealtóireachta, Déantúsaíochta agus Tógála le fostóirí áitiúla agus dearadh roinnt mhaith acu i gcomhar le tionscail áitiúla. Tig le foghlaimeoirí dul chun cinn trí chúrsaí FET ó tháthú bunúsach suas go dtí cúrsa oiliúna in Oibríochtaí Innealtóireachta mar shampla, á gcumasú le dul isteach sa mhargadh fostaíochta go gasta ar chríochnú na gcúrsaí dóibh.  

Féach na cúrsaí
SAMPLA DE CHÚRSAÍ ATÁ AR FÁIL   
  • Táthú Bunúsach       
  • Táthú (Meánleibhéal)              
  • Táthú Píobán Códaithe              
  • Táthú Mig               
  • Cúrsa Oiliúna Oibríochtaí Innealtóireachta           
  • Stuatháthú de Láimh   
  • Oibrí Tógála  

Gruaig agus Scéimh

Cuireann ár gcúrsaí Gruaige agus Scéimhe réimse leathan cúrsaí oiliúna ar fáil le foghlaimeoirí a chumasú le dul isteach sa mhargadh fostaíochta ar chríochnú na gcúrsaí dóibh. Is féidir na cúrsaí a dhéanamh ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha i rith an lae nó sna tráthnónta.

Féach na cúrsaí
SAMPLA DE CHÚRSAÍ ATÁ AR FÁIL 
  • Gruagaireacht       
  • Cúrsa Oiliúna Speisialtóir Scéimhe   
  • Lámh-mhaisiú agus  Cosmhaisiú  
  • Smideadh 
  • Teicneolaíocht Ingne   

Oideachas agus Forbairt Ghairmiúil    

Trínár gcúrsaí Oideachais agus Forbartha Gairmiúla gheobhaidh foghlaimeoirí an t-eolas, scileanna agus inniúlacht le riachtanais oiliúna agus forbartha a shainaithint agus le hidirghabháil oiliúna a sheachadadh agus a mheas laistigh de chomhthéacsanna oiliúna agus forbartha.

Féach na cúrsaí
SAMPLA DE CHÚRSAÍ ATÁ AR FÁIL    
  • Oiliúint agus Forbairt (Oiliúint don Oiliúnóir)     
  • Cleachtas Measúnaithe                   

 

Tógáil agus an Timpeallacht Thógtha

Cuireann ár gcuid cúrsaí i dTógáil agus sa Timpeallacht Thógtha an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí ar fáil d’fhoghlaimeoirí atá de dhíth ar an earnáil tógála go háitiúil agus go náisiúnta, á gcumasú le dul isteach sa mhargadh fostaíochta go gasta i ndiaidh dóibh na cúrsaí a chríochnú.

Féach na cúrsaí
SAMPLA DE CHÚRSAÍ ATÁ AR FÁIL  
  • Tógáil agus Scileanna Oibre Talún            
  • Tógáil Bád

Foghlaim Ghinearálta 

Tá ár réimse cúrsaí maidir le Foghlaim Ghinearálta deartha le foghlaimeoirí a chumasú le tógáil ar a n-eolas ginearálta agus scileanna. Tig le foghlaimeoirí dul chun cinn a dhéanamh laistigh dár gcúrsaí FET ó Leibhéil 1 go 6 le hiad a chumasú dul chun cinn chuig breisoideachas agus ardoideachas nó dul isteach sa mhargadh fostaíochta. 

Féach na cúrsaí
SAMPLA DE CHÚRSAÍ ATÁ AR FÁIL
  • Ardteistiméireacht    
  • Scileanna Fostaíochta              
  • Spriocanna Foghlama        
  • Gairmthreoir 

Spórt, Áineas agus Corpacmhainn

Tá ár gcuid cúrsaí lánaimseartha maidir le Spórt, Áineas agus Corpacmhainn deartha le foghlaimeoirí a chumasú le dul isteach sa mhargadh fostaíochta ar chríochnú na gcúrsaí dóibh nó le dul chun cinn go hardoideachas.

Tá réimse modúl spórt agus aclaíochta agus gearrchúrsaí i gceist i gcláir ar nós Cumasóige agus é mar aidhm acu tuiscint a chothú ar bhunphrionsabail na corpacmhainne.

Féach na cúrsaí
SAMPLA DE CHÚRSAÍ ATÁ AR FÁIL  
  • Teagascóir Gníomhaíochtaí Allamuigh     
  • Spóirt, Áineas agus Aclaíocht              
  • Teagascóir Surfála agus Garda Tarrthála Trá   

Bia, Deochanna & Fáilteachas                             

Tá ár gcuid cúrsaí maidir le Bia, Deochanna agus Fáilteachas deartha i gcomhar le hearnáil na tionsclaíochta le cuidiú le foghlaimeoirí dul isteach sa mhargadh fostaíochta ar chríochnú na gcúrsaí dóibh.

Cuireann cláir ar nós Cumasóige gearrchúrsaí ar fáil i scileanna barista nó modúil maidir le bia agus cothú.

Féach na cúrsaí
SAMPLA DE CHÚRSAÍ ATÁ AR FÁIL
  • Lónadóireacht    
  • Bia agus Deochanna                                     
  • Cúrsaí Oiliúna Oibríochtaí Fáilteachais  

Iompar agus Dáileadh      

Tá ár gcuid cúrsaí maidir le hIompar agus Dáileadh deartha leis an phearsanra oilte a chur ar fáil don earnáil iompair atá inniúil maidir le trucailí agus busanna a thiomáint.  

Féach na cúrsaí
SAMPLA DE CHÚRSAÍ ATÁ AR FÁIL
  • Tiomáint Busanna & Cúram do Thurasóirí                       
  • Tiomáint Feithiclí Earraí Troma (HGV)

Riarachán, Gnó agus Airgeadas   

Tá ár réimse de chúrsaí Riaracháin, Gnó agus Airgeadas deartha leis na scileanna cuí a thabhairt d’fhoghlaimeoirí a chuideoidh leo oibriú go neamhspleách agus faoi mhaoirseacht i ról riaracháin, cuntasaíochta nó maoirseachta i réimse comhthéacsanna gnó agus/nó le dul chun cinn chuig breisoideachas, ardoideachas agus oiliúint nó dul isteach sa mhargadh fostaíochta ar chríochnú na gcúrsaí dóibh.

Féach na cúrsaí
SAMPLA DE CHÚRSAÍ ATÁ AR FÁIL
  • Riarachán Gnó         
  • Teicneoir Cuntasaíochta           
  • Bainistíocht Mhaoirseachta    
  • Próiseáil Faisnéise      

Eolaíocht agus Teicneolaíocht   

Tá ár gcúrsaí eolaíochta deartha le cuidiú le foghlaimeoirí an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí cuí a fhorbairt i réimse leathan comhthéacsanna eolaíochta a chuideoidh leo post a fháil, faoi mhaoirseacht dhíreach, i réimse earnálacha eolaíochta, nó le dul ar aghaidh chuig breisoideachas nó oiliúint.

Tá ábhair aonair ar nós Bitheolaíochta ar fáil fosta mar pháirt dár gcúrsa Ardteistiméireachta d’Aosaigh.  

Féach na cúrsaí
SAMPLA DE CHÚRSAÍ ATÁ AR FÁIL
  • Scileanna Eolaíochta le Ríomhaireacht 

Gairneoireacht  

Tá ár gcúrsaí gairneoireachta deartha le cuidiú le foghlaimeoirí oibriú mar oibrí ginearálta in earnáil na gairneoireachta, ag úsáid eolais, scileanna agus inniúlachtaí le réimse torthaí, plandaí agus glasraí a roghnú, a bhunú, a fhás agus a choinneáil.

Féach na cúrsaí
SAMPLA DE CHÚRSAÍ ATÁ AR FÁIL
  • Gairneoireacht     
  • Ag Fás Torthaí agus Glasraí    
  • Tógáil Tírdhreacha             
  • Gairdíní Pobail       

Ealaíon agus Dearadh

Tá ár gcuid cúrsaí Ealaíne agus Deartha ag Leibhéil 4 agus 5 deartha le cuidiú le foghlaimeoirí an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí a fháil le tabhairt faoi réimse cleachtas ealaíne, ceardaíochta agus deartha agus/nó le dul chun cinn chuig cúrsaí breise breisoideachais agus ardoideachais.

Tá modúil aonair curtha ar fáil fosta laistigh de chláir lánaimseartha ar nós Cumasóige.

Féach na cúrsaí
SAMPLA DE CHÚRSAÍ ATÁ AR FÁIL
  • Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh           
  • Dearadh Grafach          
  • Buníomháú Digiteach       
  • Próiseáil Faisnéise 

An bhfuil rud beag comhairle de dhíth ort maidir leis an bhealach cheart oideachais a roghnú? Tig lenár Seirbhís Treorach d’Aosaigh cuidiú leat!