Folúntais

DEISEANNA FOSTAÍOCHTA AG ETB DHÚN NA NGALL

Ag ETB Dhún na nGall spreagann ár gcuid daoine muid; áiríonn sé sin ár mbaill foirne, mic léinn, foghlaimeoirí fásta agus páirtithe leasmhara. Is iad ár ndaoine an acmhainn is fearr atá againn agus foinse ár gcuid láidreachta. Cuireann muid oideachas ar ár gcuid foghlaimeoirí agus cuireann muid oiliúint ar ár gcuid daoine lena lánacmhainneacht a chomhlíonadh i dtimpeallacht ardspreagtha agus comhbhách.

Tá muid ag iarraidh daoine ardspreagtha agus tiomanta a earcú le dul isteach san Fhoireann s’againn. Cuireann muid seirbhís chuimsitheach ar fáil le tacú lenár scoileanna, lenár n-ionaid agus lenár mbaill foirne. Tá sé mar aidhm againn na struchtúir, polasaithe agus gnásanna dea-chleachtais HR a bheith againn a chuireann taca faoi bhunú agus feidhmiú ETB Dhún na nGall mar mhóreagraíocht phoiblí.

Clár Múinteori Ionad

  • Is féidir le Múinteoirí atá cláraithe leis an Chomhairle Mhúinteoireachta (CM) le haghaidh na hearnála Iar-bhunscoile, FET nó Bunscoile Foirm Múinteoirí Ionaid ETB Dhún na nGall a chomhlánú anois.
  • Is féidir le múinteoirí atá ag fanacht le clárú leis an CM an Fhoirm a chomhlánú.  Mura féidir sonraí clárúcháin leis an CM a chur isteach ar an Fhoirm Múinteoirí Ionaid, tabhair le fios go bhfuil Clárúchán leis an CM ar feitheamh. 
  • Cuir isteach ábha(i)r atá aitheanta ag an CM nó Ábhair atá tú ag iarraidh ar an CM a aithint. 
  • Is féidir ceisteanna faoi Mhúinteoirí Ionaid Páirtaimseartha a sheoladh chuig recruitment@donegaletb.ie
  • Cliceáil anseo le go gcuirfear san áireamh thú do Phoist Múinteoireachta Ionaid ar bhonn Páirtaimseartha.

Clár Glantóir Ionaid Páirtaimseartha

  • Foirm Glantóir Ionaid Páirtaimseartha

Clár Airíoch Ionadach Ionaid Páirtaimseartha

  • Foirm Airíoch Ionadach Ionaid Páirtaimseartha

Earcaíocht agus Cosaint Sonraí

Caithfidh ETB Dhún na nGall le gach eolas, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a chuireann tú ar fáil mar pháirt de na próisis earcaíochta thuas, mar ábhar rúnda, faoi réir fhreagrachtaí ETB Dhún na nGall faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí. Leagann sonraí iomlána Pholasaí Cosanta Sonraí Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall amach cén dóigh a n-úsáidfidh muid do shonraí pearsanta mar aon le heolas maidir le do chearta mar ábhar sonraí. Tá cóipeanna de na Polasaithe Cosanta Sonraí ar fáil ANSEO.

Teagmhálaithe HR

Ba chóir gach ceist/fiosrú a chur faoi bhráid:

Ríomhphostrecruitment@donegaletb.ie
Guthán: 074 9161600

Fostóir comhdheiseanna is ea Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.