Seirbhís do Chustaiméirí

Tá ETB Dhún na nGall tiomanta don leibhéal seirbhíse do chustaiméirí a fheabhsú agus glacann sé leis gur chóir go mbeadh gach seirbhís phoiblí deartha agus curtha ar fáil le freastal ar riachtanais an duine aonair, riachtanais lucht gnó, nó riachtanais an phobail.


Geallann ETB Dhún na nGall go ndéanfaidh sé na bearta seo a leanas:

  • Seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar bhealach éifeachtúil agus cúirtéiseach dár gcuid foghlaimeoirí uilig;              
  • A chinntiú go ndéileáiltear le ceisteanna ó fhoghlaimeoirí i gceart, go neamhchlaonta agus chomh gasta agus is féidir;                          
  • Mura bhfuil muid ábalta do cheist a fhreagairt, cuirfidh muid i dteagmháil thú le duine a bheidh ábalta cuidiú leat;                   
  • An oiread príobháideachais agus compoird agus is féidir a chur ar fáil duit;
  • Rochtain ar ár gcuid seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas; 
  • Cloí le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003;

Féachann muid leis an tseirbhís is fearr agus is féidir a chur ar fail dár gcuid foghlaimeoirí uilig. Má bhíonn tú míshásta lenár seirbhís, molann muid go ndéanann tú teagmháil le ball foirne ag an Oifig/Scoil/Ionad cuí le feiceáil an dtig leis/léi déileáil le d’fhadhb. Má bhíonn tú fós míshásta leis an fhreagra sin tig leat teagmháil a dhéanamh lenár nIonadaí Seirbhísí do Chustaiméirí.

Más mian le tuismitheoirí/caomhnóirí dalta(í) atá cláraithe i scoil/in ionad de chuid ETB Dhún na nGall gearán a dhéanamh faoi bhall foirne atá fostaithe ag ETB Dhún na nGall, ba chóir dóibh teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an scoil/ionad. Le bhur dtoil, leanaigí an nós imeachta a bhfuil achoimre tugtha air in Modh Déanta Gearán ETB Dhún na nGall – Nós Imeachta le Próiseáil a Dhéanamh ar Ghearáin atá Déanta ag Tuismitheoirí/Caomhnóirí Dalta(í) nó Foghlaimeora/Foghlaimeoirí Aosaigh atá Cláraithe i Scoil/Ionad Faoi Láthair in Éadan Ball Foirne atá Fostaithe ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall. Is féidir an nós imeachta sin a fháil ar ár rannán Foilseacháin agus Acmhainní (Polasaithe).

Ceistneoir maidir le Seirbhís do Chustaiméirí Foirm Gearán

Sonraí Teagmhála

Ionadaí Seirbhísí do Chustaiméirí:
Liz Potter

Oifigí Riaracháin ETB
Ard Uí Dhónaill
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall

Ríomhphost: lizpotter@donegaletb.ie
Guthán: 0749161574