Faoi ETB Dhún na nGall

Is é Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó i gContae Dhún na nGall é; cuireann sé réimse leathan seirbhísí oideachais agus oiliúna ar fáil do thuairim is 25,000 dalta agus foghlaimeoir ar bhonn bliantúil.

Léigh níos mó

Eolas Úsáideach

Folúntais

Ag ETB Dhún na nGall spreagann ár gcuid daoine muid; áiríonn sé sin ár mbaill foirne, mic léinn, foghlaimeoirí fásta agus páirtithe leasmhara. Is iad ár ndaoine an acmhainn is fearr atá againn agus foinse ár gcuid láidreachta. Cuireann muid oideachas ar ár gcuid foghlaimeoirí agus cuireann muid oiliúint ar ár gcuid daoine lena lánacmhainneacht a chomhlíonadh i dtimpeallacht ardspreagtha agus chomhbhách.

Léigh níos mó

Foilseacháin & Acmhainní

Ligeann ár láithreán gréasáin dúinn ábhar tábhachtach a bhfuil níos mó ná leathanach gréasáin amháin eile de dhíth air a chur os comhair an phobail. Tá gearr-leabharlann doiciméad againn, áit ar féidir leat do rogha foilseachán agus acmhainní a íoslódáil ag brath ar do chuid riachtanas.

Léigh níos mó

Ár bhFoireann

Cas lenár bhPríomhfheidhmeannach, Stiúrthóirí agus bainisteoirí sinsearacha inár scoileanna, seirbhísí allamuigh, ceoil agus ógra, Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) agus Seirbhísí Corparáideacha.

Léigh níos mó

Déan Teagmháil Linn

  • Foireann Oifig Riaracháin ETB                
  • Seirbhísí Scoileanna agus Ógra        
  • Breisoideachas agus Oiliúint          
  • Oideachas Ceoil               
  • Oideachas Allamuigh
Léigh níos mó

Seirbhísí Corparáideacha

Comhaltaí Boird

De réir fhorálacha an Achta um Boird Oideachais agus Oiliúna, ar an 1 Iúil 2013, tháinig deireadh le Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall agus cuireadh le chéile i gcomhlacht úr é, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.     

Léigh níos mó

Comhlíonadh

Ba chóir d’ETB Dhún na nGall gníomhú go stuama trédhearcach mar eintiteas poiblí agus ba chóir dó a chuid gníomhaíochtaí a dhéanamh de réir a chuid freagrachtaí reachtúla.

Léigh níos mó

Bainistíocht Eastáit

Tá an Rannóg Bainistíochta Eastát freagrach as luach réadmhaoine agus áiseanna ETB Dhún na nGall a uasmhéadú agus lena chinntiú go bhfuil an t-infreastruchtúr cuí ann nuair is gá agus san áit chuí le cur le folláine mac léinn, foghlaimeoirí agus ball foirne, trí infreastruchtúr caipitil agus plean bliantúil caipitil na heagraíochta a bhainistiú. 

Léigh níos mó

Cosaint Sonraí

Tá ETB Dhún na nGall faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go dtí 2018 agus, dá réir sin, tá sé cláraithe le hOifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.  Tugann na hAchtanna um Chosaint Sonraí cearta príobháideachais do dhaoine aonair a bhfuil eolas pearsanta s’acu i seilbh nó á rialú ag ETB Dhún na nGall.

Léigh níos mó

Seirbhís do Chustaiméirí

Tá ETB Dhún na nGall tiomanta don leibhéal seirbhíse do chustaiméirí a fheabhsú agus glacann sé leis gur chóir go mbeadh gach seirbhís phoiblí deartha agus curtha ar fáil le freastal ar riachtanais an duine aonair, riachtanais lucht gnó, nó riachtanais an phobail.

Léigh níos mó

Saoráil Faisnéise

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall san áireamh anois faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ón Mháirt, 14 Aibreán, 2015 ar aghaidh.

Léigh níos mó

Sláinte agus Sábháilteacht

I gcomhréir leis an Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005 tá sé mar pholasaí ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall sábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair a chinntiú, a oiread agus is féidir, do gach ball foirne agus foghlaimeoirí, cuairteoirí, conraitheoirí agus daoine eile ar ár n-áitribh a chosaint ó ghortú agus ó thinneas mar gheall ar aon ghníomhaíocht oibre.

Léigh níos mó

Soláthar

 Déantar soláthar ar fud na mBord Oideachais agus Oiliúna de réir: Rialacháin & Treoracha, Reachtaíocht, Polasaí agus Treoirlínte maidir le Soláthar Poiblí ag leibhéal Náisiúnta agus ag leibhéal an Aontais Eorpaigh. Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí lena chinntiú go gcuirtear gach rud a bhaineann le soláthar poiblí i bhfeidhm go heiticiúil, go hionraic agus go cothrom ar bhealach a chinntíonn an luach is fearr ar airgead.

Léigh níos mó

Tionscnaimh Oideachais

Cleachtais Aisiríocha

Tá Cleachtais Aisiríocha (RP) bunaithe ar an fhealsúnacht agus ar na prionsabail a bhaineann le ceartas aisiríoch agus cuireann siad éiteas agus fealsúnacht ar fáil atá mar bhonn agus mar thaca le caidrimh a dhéanamh, a choinneáil agus a dheisiú agus le meon freagrachta sóisialta agus cuntasacht chomhroinnte a éascú.  Tá ETB Dhún na nGall ar cur Cleachtais Aisiríocha chun cinn le fada an lá ina scoileanna, ionaid agus cláir FET le daltaí, foghlaimeoirí agus baill foirne.

Léigh níos mó

Ceannaireacht Teagaisc

Mar mhúnla d’Fhorbairt Gharimiúil, éascaíonn Ceannaireacht Teagaisc rannpháirtíocht & bá, múnlú & cleachtas agus forbairt líonraí coláisteacha mar mhodh tacaíochta agus spreagtha.

Léigh níos mó

Feasacht maidir le Drugaí agus Alcól

 I gcomhar le Tascfhórsa Réigiúnach an Iarthuaiscirt um Dhrugaí agus Alcól (NWRDATF), an Fóram Alcóil, FSS an Iarthair (Dún na nGall) agus Ollscoil Luimnigh, déanann ETB Dhún na nGall réimse cúrsaí maidir le hAlcól agus Drugaí a dhearadh, a fhorbairt agus a reáchtáil.

Léigh níos mó