Ráiteas Inrochtaineachta

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) tiomanta dá shuíomh gréasáin a dhéanamh inrochtana, de réir Rialacháin 2020 an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí).

Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le hábhar atá foilsithe ar www.donegaletb.ie.  

Stádas Comhlíonta

Tá an suíomh gréasáin seo páirt-chomhlíontach le Treoirlínte Inrochtaineachta Ábhar Gréasáin 2.1 leibhéal AA, mar gheall ar an ábhar neamh-inrochtana atá liostaithe thíos.

Ábhar neamh-inrochtana

Dá mba mhian leat teagmháil a dhéanamh linn maidir le cúrsaí inrochtaineachta, le do thoil, féach aiseolas agus sonraí teagmhála thíos. Déanfaidh muid ár ndícheall lena chinntiú go gcuirfear aon ábhar atá tú a iarraidh ar fáil duit agus go mbeidh sé inrochtana.

Tá muid ag obair le feabhas a chur ar chomhlíonadh inrochtaineachta ár suímh gréasáin agus féachfaidh muid le gach caighdeán inrochtaineachta a chur i bhfeidhm ar ábhar a bheidh á fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin amach anseo. 

Níl codanna ar leith de shuíomh gréasáin ETB Dhún na nGall iomlán inrochtana. Mar shampla:  

  • Ábhar leabaithe: áiríonn líon beag leathanach ábhar leabaithe ó fhoinsí tríú páirtí, .i. físeáin YouTube, fothaí Twitter/X agus ábhar Google Drive. Seans nach bhfuil an chodarsnacht dathanna (WCAG 1.4.3), na tréithe teanga (3.1.2), téacs in-aitheanta (2.4.4) do gach nasc agus ARIA ceart agus tréithe teidil cearta ag an ábhar sin (4.1.2). 
  • Bosca cuardaigh: tá easpa tréithe aitheantais uathúil ar an bhosca cuardaigh, rud a théann i bhfeidhm ar an dóigh a bhfuil sé nasctha lena lipéad (1.3.1, 4.1.2).
  • Cúrsa-Aimsitheoir: lódáiltear an t-ábhar a líonann leathanaigh na gcúrsaí go dinimiciúil trí fhotha ó www.fetchcourses.ie. Agus muid ag obair chun a chinntiú go dtaispeántar seo ar bhealach inrochtana, thiocfadh leis nach gcomhlíonfadh roinnt míreanna na ceanglais maidir le struchtúr agus lipéadú (1.3.1, 4.1.2) faoi láthair.  
  • Codarsnacht dathanna: tá míreanna ar líon beag leathanach nach bhfuil go leor codarsnachta datha acu (1.4.3); tá siad á n-uasdátú faoi láthair.
  • PDFanna: níl ord ceart táb (2.4.3) ná struchtúr ceart ceannteideal (1.3.1, 2.4.6) ag roinnt doiciméad.
  • PDFanna: thiocfadh leis nach mbeadh ábhar in aguisíní i roinnt tuarascálacha taighde — amhail suirbhéanna nó ceistneoirí páipéir a scanadh — inrochtana go hiomlán (1.1.1, 1.3.1).
  • PDFanna: tá tréithe teanga (3.1.2) nó struchtúir tábla (1.3.1) neamhbhailí nó ar iarraidh i roinnt doiciméad.

Úsáideann muid Seiceálaí Inrochtaineachta Adobe Acrobat le hinrochtaineacht ár bPDFanna a sheiceáil. Dar leis an Údarás Náisiúnta Míchumais go bhfuil PDF comhlíontach más rud é gurb é ‘pas’ an toradh ón Seiceálaí Inrochtaineachta; chuir an tÚdarás Náisiúnta Míchumais an méid sin in iúl ar an 2 Nollaig 2022. Is é an tÚdarás Náisiunta Míchumais an comhlacht náisiúnta monatóireachta maidir le Rialacháin (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Ghutháin Chomhlachtaí na hEarnála Poiblí) an Aontais Eorpaigh 2020.

Ní liosta uileghabhálach é seo d’ábhar neamh-inrochtana agus oibreoidh muid tríothu uilig agus trí shaincheisteanna eile le haghaidh a thabhairt orthu a oiread agus is féidir linn.  

Tá dhá bheart ar leith á dhéanamh ag ETB Dhún na nGall le feabhas a chur ar inrochtaineacht a shuímh gréasáin:

  • Tá baill foirne ag déanamh athbhreithnithe agus ag feabhsú inrochtaineacht gach PDF ar bhonn leanúnach. Táthar ag lorg leaganacha inrochtana de roinnt PDFanna riachtanacha a bhí curtha ar fáil ag tríú páirtithe. 
  • I gcomhar lenár bhforbróir gréasáin tá ETB Dhún na nGall ag tabhairt faoi fhorbairt leanúnach ar a shuíomh gréasáin le feabhas a chur ar fheidhmiúlacht agus ar mhodhanna comhlíonta le treoirlínte inrochtaineachta. 

Ábhar díolmhaithe

Tá ábhar a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair, 2028 díolmhaithe faoi Threoir Inrochtaineachta Gréasáin an AE. Dar le ETB Dhún na nGall nach bhfuil an costas measta agus an dua atá de dhíth lena chinntiú go mbeidh roinnt PDFanna roimh Mheán Fómhair 2018 ag cloí le WCAG2.1/EN 301 549 indéanta. Mar sin féin, tá ETB Dhún na nGall tiomanta do chinntiú go bhfuil ár gcuid ábhair uilig chomh hinrochtana agus is féidir. Déan teagmháil le ETB Dhún na nGall, le do thoil, má tá aon ábhar neamh-inrochtana ann a foilsíodh ar ár suíomh gréasáin roimh Mheán Fómhair, 2018 atá tú ag iarraidh a fháil i bhformáid inrochtana agus féachfaidh muid le cuidiú leat.

An dóigh ar ullmhaíodh an ráiteas inrochtaineachta seo

Ullmhaíodh an ráiteas seo ar an 05 Aibreán, 2022.

Agus muid ag ullmhú leis an ráiteas seo a chur le chéile rinne an tÚdarás Náisiúnta Míchumais measúnú ar an dóigh a bhfuil an suíomh gréasáin ag cloí le riachtanais Threoir (AE) 2016/2102 trí úsáid a bhaint as uirlis iniúchóireachta uathoibríoch (axe Monitor ó Deque: https://www.deque.com/axe/monitor/) in Aibreán 2022 in éadan WCAG 2.1 le béim a leagan ar shaincheisteanna inrochtaineachta trí Athbhreithniú Simplithe ar an suíomh gréasáin. 

I measc na n-uirlisí eile a d’úsáid baill foirne ETB Dhún na nGall agus a fhorbróir gréasáin le cuidiú le comhlíonadh an tsuímh gréasáin bhí Microsoft Accessibility Checker, Accessibility Check (Acrobat DC) agus uirlisí forbróra Chrome agus axe DevTools

Rinneadh athbhreithniú ar an ráiteas seo den uair dheireanach ar an 12 Nollaig, 2025. Rinne ETB Dhún na nGall an t-athbhreithniú seo ag baint úsáide as Chrome Developer Tools agus axe DevTools, chomh maith le seiceálacha láimhe ar dhoiciméid a uaslódáladh.

Mar gheall ar an athbhreithniú sainaithníodh roinnt saincheisteanna a bhfuil baill foirne ag obair orthu faoi láthair lena gcur ina gceart – féach an chuid thuas maidir le hÁbhar Neamh-inrochtana.

Aiseolas agus Sonraí Teagmhála

Tá ETB Dhún na nGall tiomanta do chinntiú go bhfuil a chuid ábhair dhigitigh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Fáiltíonn muid roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo. Má bhíonn tuairim nó gearán agat faoi inrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo cuir ríomhphost chugainn, le do thoil, ag web.accessibility@donegaletb.ie

Más mian leat ábhar ar leith a iarraidh i bhformáid inrochtana, cuir na sonraí seo a leanas san áireamh, le do thoil:

  • An fhormaid atá de dhíth ort.
  • An t-ábhar ba mhaith leat a fháil (cuir url an ábhair san áireamh, le do thoil).
  • D’ainm agus do sheoladh ríomhphoist. 

Déanfaidh muid gach iarracht réasúnach le freastal ort.

Eolas maidir le Cúrsaí Inrochtaineachta

Déileálann ball foirne atá freagrach as saincheisteanna inrochtaineachta le ceisteanna agus le gearáin faoi chúrsaí inrochtaineachta.  Ba chóir ceisteanna/tuairimí a chur chuig access.officer@donegaletb.ie.

Mura bhfuil tú sásta leis an dóigh ar láimhseáil muid do ghearán, tig leat iarraidh ar an Ombudsman do ghearán a fhiosrú. Seo a  leanas na sonraí teagmhála agus an treoir maidir le gearán a dhéanamh ó Oifig an Ombudsman  nó cuir scairt orthu ar 01 639 5600.