Cleachtais Aisiríocha

CAIDRIMH A FHEABHSÚ IDIR DAOINE AGUS POBAIL 

Tá Cleachtais Aisiríocha bunaithe ar an fhealsúnacht agus ar na prionsabail a bhaineann le ceartas aisiríoch agus cuireann siad éiteas agus fealsúnacht ar fáil atá mar bhonn agus mar thaca le caidrimh a dhéanamh, a choinneáil agus a dheisiú agus le meon freagrachta sóisialta agus cuntasacht chomhroinnte a éascú.  Tá ETB Dhún na nGall ar cur Cleachtais Aisiríocha chun cinn le fada an lá ina scoileanna, ionaid agus cláir FET le daltaí, foghlaimeoirí agus baill foirne.

Réamhrá

Cad atá i gceist leis:

  • Ag amharc ar olc trí lionsa ‘caidreamhach’ – ag tuiscint go ndearnadh dochar do dhaoine agus do chaidrimh;  
  • Ag tuiscint nuair a dhéantar dochar mar sin, go gcruthaíonn sé oibleagaidí agus dliteanais;  
  • Ag díriú ar an dochar a dheisiú agus rudaí a chur ina gceart; 

Nuair a rinneadh dochar mar gheall ar iompar iomchuí, in amanna gan smaoineamh, diúltach ní mór do gach taobh:   

  • seans a bheith acu lena dtaobh den scéal a insint agus mothú gur tugadh cluas éisteachta dóibh;  
  • tuisicint níos fearr cén dóigh ar tharla an eachtra;
  • tuiscint cén dóigh ar féidir a leithéid a sheachaint arís;
  • mothú gur thuig na daoine eile a bhí páirteach sa scéal iad;
  • bealach a aimsiú le bogadh ar aghaidh agus mothú níos fearr fúthu féin.
Cén dóigh a n-oibríonn Cleachtas Aisiríoch?

Tá réimse cineálacha Cleachtas Aisiríoch ann lena n-áirítear teanga aisiríoch a úsáid, comhráití aisiríocha a dhéanamh, am ciorcail a reáchtáil, comhdhálú aisiríoch srl. Nuair a théann rudaí mícheart:

  • Cuireann tú na daoine a bhí freagrach as an eachtra agus iad siúd a ndeachaigh sí i bhfeidhm orthu san áireamh leis an fhadhb a réiteach
  • Ardleibhéil tacaíochta a chur ar fáil do gach páirtí, cé acu déantóirí na coire nó iad siúd a ndeachaigh sí i bhfeidhm orthu;
  •  Aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine uilig a bhí páirteach in eachtraí dochracha;
  • Teachtaireachtaí láidre agus meabhrúcháin a chur ar fáil maidir le cad iad na saghsanna iompair atá inghlactha agus neamh-inghlactha;

I measc na gceisteanna aisiríocha a bhfuil sé mar aidhm acu cuidiú leo siúd a ndearnadh gíomhaíochtaí daoine eile dochar dóibh tá:

  • Cad a tharla?
  • Cad a cheap tú nuair a thug tú faoi deara cad a bhí ag tarlú?
  • Cén dóigh a ndeachaigh an eachtra seo i bhfeidhm ort? Ar dhaoine eile?
  • Cad é an rud ba chrua duit?
  • Cad is gá tarlú anois le rudaí a chur ina gceart?

Is iomaí dúshlán a bhaineann le cur chuige bunaithe ar an eagraíocht nó institiúid uilig a chur i bhfeidhm ós rud é go gceistíonn an bealach aisiríoch tuairimí láidre faoi chumhacht agus smacht agus an fonn le rudaí a dhéanamh gránna do dhuine éigin nuair a dhéanann sé/sí rud éigin mícheart nó nuair a bhíonn sé/sí freagrach as ‘mí-iompar’.

Cleachtais Aisiríocha agus ETB Dhún na nGall

Chuir ETB Dhún na nGall Tionscadal Cleachtais Aisirígh i bhfeidhm ar fud an chontae arna mhaoiniú ag Síocháin III 2011-2014. Cuireadh é sin i bhfeidhm thar dhá chéim. Sa chéad chéim thug ceithre iar-bhunscoil déag amach as an seacht n-iar-bhunscoil is fiche sa chontae, mar aon leis an sé ionad Cumasóige, Seirbhís Ógra Dhún na nGall, agus Foróige faoin tionscadal seo i mí na Bealtaine sa bhliain 2011 le hoibriú i dtreo cleachtas aisiríoch a leabú ina n-eagraíochtaí thar an dá bhliain ina dhaidh sin.

Tá cleachtais aisiríocha bunaithe ar fhealsúnacht agus ar phrionsabail an cheartais aisirígh. Ciallaíonn sé sin go n-amharctar ar olc a rinneadh ar dhaoine mar dhochar a rinneadh ar dhaoine agus ar chaidrimh. Nuair a dhéantar dochar mar sin cruthaíonn sé oibleagaidí agus dliteanais agus díríonn na cleachtais aisiríocha ar an dochar a dheisiú agus rudaí a chur ina gceart.  Is comhpháirteanna riachtanacha iad forbairt caidreamh agus meas.

Tá Contae Dhún na nGall ceannródaíoch maidir le cleachtais aisiríocha a chur chun cinn le blianta beaga anuas. D’fhéadfaí a rá gur cuireadh tús leis an obair sa bhliain 2004 le tionscnamh dar teideal Ceartas Aisiríoch i Scoileanna, agus thacaigh FSS an Iarthair leis. Mar gheall ar mhaoiniú de chuid Shíocháin III bhíothas ábalta cleachtais aisiríocha a leathnú amach laistigh de shuíomhanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla oideachais agus chomh maith leis sin lig sé d’ETB Dhún na nGall freastal ar scoileanna nach mbaineann leis an ETB agus ar sheirbhís ógra an chontae. B’ionann sin agus céim mhór chun tosaigh i dtreo na físe maidir le Co. Dhún na nGall a bheith ina ‘chontae aisiríoch’ do na daoine óga atá ina gcónaí anseo agus do na daoine fásta a oibríonn leo. Chuir an maoiniú sin go mór le ‘cumhacht choincheap na gCleachtas Aisiríoch laistigh de na háiteanna sin a bhfuil roinnt cleachtais ar siúl agus cothaíonn sé poíntí úra fáis’ (Dréacht-thuarascáil Taighde UU).

Bhí trí eilimint i gceist sa chéad chéim den tionscadal – taighde, oiliúint agus gníomhaíocht eagraíochtúil. Coimisiúnaíodh Foireann Cleachtas Aisiríoch Ollscoil Uladh (An Dr Derick Wilson, Tim Chapman agus Hugh Campbell) leis an eilimint taighde den tionscadal a chur i gcrích. Bhí sé mar aidhm acu a fháil amach cén leibhéal a bhí amhlaidh maidir le forbairt agus seachadadh cleachtas aisiríoch in eagraíochtaí a bhí rannpháirteach sa tionscadal mar mhodh le cásanna coinbhleachta a réiteach agus caidrimh a dheisiú. Chomh maith leis sin, d’fhéach sé ar chóras a fhorbairt don scoil uilig le cleachtas aisiríoch a leabú sna scoileanna, ionaid agus tionscadail oibre ógra sin agus dhear sé modh le dul chun cinn a thomhas agus a mheas ar feadh shaolré an tionscadail. Ghlac baill foirne ó gach eagraíocht, nócha is a naoi san iomlán, páirt in oiliúint ag deireadh Shamhain 2011 le hiad a chumasú le cur le húsáid modhanna mar sin ina n-eagraíocht. Ina theannta sin ghlac cúig bhall foirne déag páirt i gcúrsa dar teideal Teastas Iarchéime i gCleachtas Aisiríoch in Ollscoil Uladh. Ó Mheán Fómhair 2012 go dtí Bealtaine 2013, bhain scoileanna rannpháirteacha, ionaid Chumasóige agus eagraíochtaí oibre ógra tairbhe as rud beag maoinithe le caitheamh mar ba ghá dar leo le Cleachtas Aisiríoch a leabú níos mó ina gcuid ionad i measc baill foirne agus daoine óga.

Bhí thar 3,250 foghlaimeoir, ball foirne, tuismitheoir agus oibrí deonach páirteach san eilimint sin den tionscadal maidir leis an choincheap a thabhairt isteach agus oiliúint. Bhí an chomhdháil deiridh don chéim sin ar siúl ar an 3 Bealtaine, 2013 agus bhí sé mar aidhm aici foghlaim ón tionscadal a roinnt agus amharc ar an dóigh le hobair mar sin a chothú amach anseo. An Dr Helen Flanagan, Sainchomhairleoir Oideachais Aisirígh agus Tionscadal le Shares Ltd sa RA, ba ea an príomhchainteoir. Tharla an dara céim den tionscadal idir Márta-Lúnasa 2014 nuair a cuireadh tuilleadh maoinithe de chuid Shíocháin III ar fail trí shíneadh. Faoin chéim sin d’éirigh leis na scoileanna, na hionaid Chumasóige agus na heagraíochtaí oibre ógra cleachtais aisiríocha a leabú níos mó ina gcuid oibre trí oiliúint a chur ar fáil do níos mó ná 1,400 foghlaimeoir, ball foirne, tuismitheoir agus oibrí deonach, sainacmhainní a cheannach agus póstaeir agus físeanna bolscaireachta a chur le chéile. 

Is iad na scoileanna a bhí páirteach sa tionscadal le linn a shaolré ná Gairmscoil Chaitríona, Na Cealla Beaga; Coláiste Mhaigh Éne, Bun Dobhráin; Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór; Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn; Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir; Coláiste Cranncha, Bun Cranncha; Coláiste Pobail Bhun an Phobail; Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir, Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach; Scoil Chuimsitheach Cholmcille, Na Gleanntaí; Pobalscoil Chloich Cheannfhaola, An Fál Carrach; Pobalscoil Charn Domhnach; Coláiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn; Pobalscoil na Rosann, An Clochán Liath, agus Scoil Chuimsitheach Ríoga agus Prior, Ráth Bhoth. Tá an cúig ionad Cumasóige lonnaithe i mBaile Átha Seanaidh, i mBun Cranncha/Gleann Gad, i nGort an Choirce, i Leitir Ceanainn agus i Leifear. 

Foilseacháin

Campbell, Hugh, Wilson, Derick, Chapman, Tim and McCord, John, Developing a Whole System Approach to Embedding Restorative Practices in Youthreach, Youth Work and Schools in County Donegal (Ulster University, 2013)

Costelle, Bob, Joshua Wachtel and Ted Wachtel The Restorative Practices Handbook for Teachers, Disciplinarians and Administrators (Bethlehem, PA: International Institute for Restorative Practices, 2009)

Cowie, Helen and Jennifer, Dawn, New Perspectives on Bullying (Berkshire: Open University Press, 2008)

Fellegi, Borbála and Szego, Dóra Handbook for Facilitating Peacemaking Circles (2013)

Finnis, Mark, Building Relationships, Improving Behaviour and Creating Stronger Communities (Independent Thinking Press, November 2019)

Fronius, Trevor, Darling-Hammond, Sean, Persson,Hannah, Guckenburg, Sarah, Hurley, Nancy, Petrosino, Restorative Justice in US Schools (Wested Justice and Prevention Research Center, 2019)

Hopkins, Belinda (Editor), Restorative Theory in Practice: Insights into What Works and Why (London/Philadelphia: Jessica Kingsley Publishers, 2015)

Hopkins, Belinda Restorative Classroom Practice (Mortimer: Transforming Conflict, nd)

Hopkins, Belinda, Just Schools: A Whole School Approach to Restorative Justice (London/New York: Jessica Kingsley Publishers, 2004)

Hopkins, Belinda, The Restorative Classroom: Using Restorative Approaches to Foster Effective Learning (1999)

International Institute for Restorative Practices, Start Off the Year with Restorative Practices (IIRP)

Pranis, Kay, The Peer Mediation and Mentoring Trainer’s Manual (London: Optimus Education, 2007)

Pranis, Kay, The Little Book of Circle Processes: A New/Old Approach to Peacemaking (Intercourse, PA: Good Books, 2005)

Roffey, Sue, Circle Time for Emotional Literacy (London/California/New Delhi: Sage Publications Ltd, 2006)

Restorative Practices in Schools (Milton Keynes: Speechmark Publishing, 2008)

Thorsborne, Margaret and David Vinegrad Restorative Practices in Classrooms (Milton Keynes: Speechmark Publishing, 2004 / Abington: Routledge, 2017)

Thorsborne, Margaret and Blood, Peta, Implementing Restorative Practices in Schools: A Practical Guide to Transforming School Communities (London/Philadelphia: Jessica Kingsley Publishers, 2013)

Thorsborne, Margaret and David Vinegrad Restorative Justice Pocketbook (Teachers’ Pocketbooks, 2009)

Thorsborne, Margaret and David Vinegrad, How to Resolve Disciplinary Matters by Enabling Those Involved to Repair Harm Done to People and Relationships (Alresford, Hampshire: Teachers’ Pocketbooks, 2009)

Thorsborne, Margaret and David Vinegrad, Restorative Practices and Bullying (Milton Keynes: Speechmark Publishing, 2008)

Thorsborne, Margaret, Nancy Riestenberg and Glean McCluskey, Getting More Out of Restorative Practice in Schools (Jessica Kingsley Publishers December 21, 2018)

Thorsborne, Margaret, Nick Burnett, Foreword by Nancy Riestenberg, Restorative Practice and Special Needs: A Practical Guide to Working Restoratively with Young People, (Jessica Kingsley Publishers)

Thorsborne, Margaret, Foreword by Andrew Becroft, Edited by Vernon C. Kelly, Jr. THE PSYCHOLOGY OF EMOTION IN RESTORATIVE PRACTICE: How Affect Script Psychology Explains How and Why Restorative Practice Works, (Jessica Kingsley Publishers)

Thorsborne, Margaret and Vinegrad David, Restorative Practices in Schools: Rethinking Behaviour Management

Whalen, John J., Classroom Circles: A Toolkit for Building Relationships and Strengthening School Communities (Austin: ED311, 2019)

Wilson, Derek, Campbell, Hugh and Chapman, Tim, Some Ideas to Consider to Promote Developmental Restorative Responses Within or Between Schools, Youth Work Projects and Youthreach Centre (University of Ulster/Donegal ETB, 2012)

Zehr, Howard, The Little Book of Restorative Justice (The Little Books of Justice and Peacebuilding) (Good Books: 2002)

Oiliúint

Edward M Kennedy Institute

University of Ulster