Cosaint Sonraí

POLASAÍ ETB DHÚN NA NGALL MAIDIR LE COSAINT SONRAÍ

Tá ETB Dhún na nGall faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go dtí 2018 agus, dá réir sin, tá sé cláraithe le hOifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.

Polasaí

Tugann na hAchtanna um Chosaint Sonraí cearta príobháideachais do dhaoine aonair a bhfuil eolas pearsanta s’acu i seilbh nó a rialú ag ETB Dhún na nGall. Cuireann na hAchtanna sin oibleagáidí ar ETB Dhún na nGall fosta maidir leis an dóigh a bpróiseáiltear agus a stóráiltear na sonraí sin. Agus é i mbun a chuid gnó, próiseálann ETB Dhún na nGall eolas pearsanta a bhaineann le daoine aonair ar nós baill foirne, mic léinn, tuismitheoirí, srl. Dá bharr sin, tá cuid mhór freagrachtaí ar ETB Dhún na nGall maidir leis an eolas sin a choinneáil slán agus rochtain a chur ar fáil dó, ach na daoine a mbaineann an t-eolas leo an cead sin a iarraidh. 

Lena chinntiú go mbeidh ETB Dhún na nGall ag comhlíonadh na n-oibleagáidí seo, forbraíodh na polasaithe seo a leanas agus cuireadh i bhfeidhm iad ar fud na heagraíochta:

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le conas do chearta príobháideachta a chur i bhfeidhm, déan teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí do ETB Dhún na nGall nó seol ríomhphost chuig dataprotection@donegaletb.ie

 
[google-drive-folder cfid=”23857″ columns=”title” showupload=”no” border=”yes”]

An tOifigeach Cosanta Sonraí

Oifigeach Cosanta Sonraí
Oifigí Riaracháin ETB
Ard Uí Dhónaill
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall

Guthán: 0749161600
Ríomhphost: dataprotection@donegaletb.ie