Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall

OIDEACHAS CEOIL  

Ceann de dhá Sheirbhís Comhpháirtíochta náisiúnta Oideachais Ceoil Áitiúil ba ea Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil (DMEP) Dhún na nGall a reáchtáladh ar bhonn píolótach i gcomhthionscnamh idir Líonra Ceoil agus an Roinn Oideachais sa bhliain 2005, agus a chuaigh ó neart go neart ó shin i leith. 

Cuireann sí teagasc ar ardchaighdeán ar fáil i ndiaidh am scoile maidir le réimse leathan uirlisí ceoil agus amhránaíocht i roinnt mhaith ionad ar fud Dhún na nGall, den chuid is mó sa líonra de scoileanna, coláistí agus ionaid atá ag ETB Dhún na nGall.

An méid a dhéanann DMEP:

I measc na seánraí a theagasctar tá ceol clasaiceach, ceol traidisiúnta, snagcheol agus ceol comhaimseartha/rac-cheol.

Creideann DMEP go dtig le ceol cur go mór le saol gach duine. Má fhoghlaimíonn duine an dóigh le huirlis cheoil a sheinm nó le ceol mar pháirt de chór, cuidíonn sé le daoine a bhféinmhuinín a chothú, iad féin a chur in iúl go cruthaitheach, féinsmacht a fhoghlaim agus na scileanna cuí a fhoghlaim le haghaidh idirghníomhnú sóisialta. Taobh amuigh de na buntáistí sóisialta, tá sé cruthaithe ag staidéir go bhforbraíonn páistí a fhoghlaimíonn an dóigh le huirlis cheoil a sheinm cumas níos fearr maidir le teanga úr a fhoghlaim mar aon le cumas níos fearr i dtaca le matamaitic.


An méid a chuireann DMEP ar fáil:

Teagasc Seachtainiúil

Cuirtear teagasc aonair duine le duine nó teagasc grúpa (uasmhéid de 3 i ngrúpa) ar fáil maidir le réimse uirlisí.

Leanann an fhéilire teagaisc an bhliain acadúil scoile agus tá 30 seachtain teagaisc ann ó Mheán Fómhair go Bealtaine.

Maireann an ceacht seachtainiúil 30 bomaite de ghnáth cé go moltar do na daltaí sin atá ag ullmhú le haghaidh scrúduithe praiticiúla ceachtanna 45-60 bomaite a ghlacadh nuair a bhaineann siad amach caighdeán Grád 5 agus os a chionn.

Reáchtáiltear na ceachtanna i ndiaidh uaireanta scoile.

Cé go bhfuil an tseirbhís dírithe ar pháistí agus ar dhaoine óga den chuid is mó, tá teagasc ar fáil do dhaoine fásta fosta.

Taibhghrúpaí

Mar aon le teagasc seachtainiúil, spreagtar gach dalta le dul isteach i gceann den réimse leathan taibhghrúpaí atá againn, idir ceol uirlise agus ceol gutha, agus tá siad sin oiriúnach do luathfhoghlaimeoirí agus do cheoltóirí a bhfuil níos mó taithí acu araon. I measc na ngrúpaí sin tá: Ceolfhoireann Shóisearach, Ceolfhoireann Ógra agus Ceolfhoireann Aireagail, Cór Ógra agus Cór Sóisearach, Ceolfhoireann Rithime mar aon le grúpa uirlise daoine fásta agus cór daoine fásta.

Gníomhaíochtaí Breise

Ina measc tá: ceolchoirmeacha, ceardlanna, seimineáir, máistir-ranganna agus taibhithe daltaí.

Uirlisí ar Cíos

Tá seirbhís mhaith maidir le huirlisí a ligean ar cíos ar fáil fosta, rud a ligeann do dhaltaí triail a bhaint as uirlis agus cleachtadh a dhéanamh sula ndéanfaidh siad an cinneadh le huirlis dá gcuid féin a cheannach.

Táillí Teagaisc

Íoctar iad sin i 4 ghála de ghnáth i gcaitheamh na scoilbhliana cé gur féidir iad a chur in oiriúint le freastal ar riachtanais aonair.

SONRAÍ TEAGMHÁLA

Níos Mó Eolais

Guthán: (074) 9176293
Ríomhphost: musiceducation@donegaletb.ie

Tabhair Cuairt ar Láithreán Gréasáin DMEP