Sláinte & Sábháilteacht

SÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS AG AN OBAIR

I gcomhréir leis an Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005 tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall freagrach as sábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair a chinntiú, a oiread agus is féidir, do gach ball foirne agus foghlaimeoirí, cuairteoirí, conraitheoirí agus daoine eile ar ár n-áitribh a chosaint ó ghortú agus ó thinneas mar gheall ar aon ghníomhaíocht oibre.

Sláinte agus Sábháilteacht

Freagrachtaí an Fhostóra: Tá an fostóir freagrach as sábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair a chinntiú dá c(h)uid fostaithe, a oiread agus is féidir. Áiríonn sé sin soláthar na nithe seo a leanas:

  • Áit shábháilte oibre
  • Córais shábháilte oibre
  • Fostaithe cumasacha
  • Trealamh sábháilte

Freagrachtaí Fostaithe: Ní mór don fhostaí cloí leis na forálacha ábhartha, de réir mar is cuí, agus a bheith cúramach lena c(h)uid sábháilteachta, sláinte agus leasa a chosaint ag an obair.

Láithreán Gréasáin an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta

Sonraí Teagmhála

Má bhíonn ceist ar bith agat faoi Oiliúint Sláinte agus Sábháilteachta do Bhaill Foirne/d’Fhostaithe, le do thoil, déan teagmháil le Roinn Sláinte agus Sábháilteachta ETB Dhún na nGall thíos:

An Roinn Sláinte agus Sábháilteachta
Oifigí Riaracháin ETB Dhún na nGall
Ard Uí Dhomhnaill
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall

Guthán:  0749161600
Ríomhphost:  hs@donegaletb.ie