Saoráil Faisnéise

AN TACHT UM SHAORÁIL FAISNÉISE 2014

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall san áireamh anois faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ón Mháirt, 14 Aibreán, 2015

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall freagrach as na nithe seo a leanas:

Iarratas a Dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise

Cén dóigh a ndéanaim iarratas FOI?

  • Ní mór iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an Oifigeach um Shaoráil Faisnéise nó tríd an ríomhphost chuig an seoladh foi@donegaletb.ie 
  • Ní mór don iarratas a shonrú go bhfuil sé á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014;

  • Ní mór don iarratas a bheith sínithe agus dátaithe;

  • Ní mór don iarratas a shonrú go soiléir na taifid/an t-eolas go díreach atá á iarraidh agus a oiread sonraí agus is féidir a chur ar fáil (.i. scoil/ionad/oifig/suíomh na hoifige/dátaí tinrimh srl.)

  • Seolfar admháil taobh istigh de 10 lá oibre ó iarratas bailí a fháil;

  • Tabharfaidh ETB Dhún na nGall le fios don iarratasóir cén cinneadh atá déanta aige taobh istigh de 20 lá oibre ó iarratas bailí a fháil;  

  • Seolfar fógra chuig an iarratasóir, má tá síneadh ama de dhíth leis an iarratas a mheas ina iomláine;

Do Cheart Achomharc a Dhéanamh

  • Má tá duine aonair míshásta leis an chinneadh a rinneadh féadfaidh sé achomharc a chur isteach i scríbhinn chuig an Athbhreithneoir Inmheánach, ainmnithe sa Litir Chinnteoireachta laistigh de cheithre seachtaine den bhunchinneadh. Tá an t-athbhreithniú seo neamhspleách ó chinneadh an Chinnteora thosaigh;

  • €30 is an táille ar athbhreithniú inmheánach. 
  • Seolfar cinneadh iomlán ar an achomharc chuig an iarratasóir taobh istigh de 15 lá oibre ó iarratas ar achomharc a fháil;

  • Má bhíonn tú míshásta le cinneadh an Athbhreithneora Inmheánaigh féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh go díreach chuig an Choimisinéir Faisnéise www.oic.gov.ie laistigh de shé mhí ó dháta chinneadh an athbhreithneora inmheánaigh, agus déanfar athbhreithniú neamhspleách ar an chás.

Taifead Nochtadh FOI

Tá sonraí de gach iarratas FOI le haghaidh faisnéis neamhphearsanta a fuarthas ó Aibreán 2015 agus cinntí a rinneadh maidir leis na hiarratais sin ar fáil fosta ar ár dTaifead Nochtadh FOI liostaithe thíos, 

Taifead Nochtadh FOI     

Oifigeach FOI

Freedom of Information Officer
Oifigí Riaracháin ETB
Ard Uí Dhónaill
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall

Guthán: 0749761600
Ríomhphost: foi@donegaletb.ie

>  Le heolas cuí a fháil déan teagmhail leis an Láraonad Polasaí FOI
> An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014