Dearbhú Cáilíochta

AG ETB DHÚN NA NGALL 

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall tiomanta do chultúr cáilíochta a fhorbairt agus déanann sé gach iarracht lena chinntiú go mbíonn foghlaim ar cháilíocht dhearbhaithe agus eispéireas rannpháirtíochta ag a chuid daltaí agus foghlaimeoirí atá ag freastal ar a chuid scoileanna, ionad Cumasóige nó ar ghníomhaíochtaí oibre ógra ar fud an chontae.

Dearbhú Cáilíochta  i Scoileanna

Déantar dearbhú cáilíochta i scoileanna trí Chigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna, eagraíocht atá freagrach as bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus ionaid oideachais lena n-áirítear Cumasóige a mheas. Is iomaí cineál meastóireachtaí a dhéantar ar scoileanna lena n-áirítear meastóireacht ar an scoil uile (WSEanna), cigireachtaí ábhair, cigireachtaí  teagmhasacha (gan choinne) agus cigireachtaí leantacha. Foilsítear tuairiscí cigireachta ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Tá eolas breise maidir le dearbhú cáilíochta i scoileanna ar fáil fosta ar www.education.ie

Dearbhú Cáilíochta i gCumasóige 

Tá ionaid Chumasóige á rialú ag dhá chóras dearbhaithe cáilíochta (QA) – an córas QA le haghaidh QQI agus an Creat Cáilíochta maidir le Cumasóige ar a dtugtar an Plean Meastóireachta agus Feabhsúcháin Ionaid (CEIP); roimhe seo bhí dhá phróiseas ar leith i gceist ar a dtugadh Pleanáil Forbartha Ionaid agus Meastóireacht Inmheánach Ionaid. Cosúil le scoileanna, déanann Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna cigireachtaí ar ionaid Chumasóige agus foilsítear na tuairiscí cigireachta ar a suíomh gréasáin.

Dearbhú Cáilíochta i Seirbhísí Óige   

An Creat um Chaighdeáin Cháilíochta Náisiúnta (CCCN) d’Obair Ógra

Is éard atá i gceist leis an Chreat um Chaighdeáin Cháilíochta Náisiúnta (CCCN) d’Obair Ógra ná uirlis tacaíochta agus forbartha don earnáil Oibre Ógra a chuireann creat struchtúrtha ar fáil trínar féidir obair ógra a mheas agus a chur chun cinn i gContae Dhún na nGall.   

Tá sé mar aidhm aige obair ógra a mheas, cuidiú le forbairt leanúnach, agus meicníocht a chur ar fáil trínar féidir leis an earnáil ógra “a héifeachtacht a léiriú níos fearr agus a cuid cleachtas a fheabhsú”.

Tá níos mó eolais ar fáil ar www.gov.ie/dcediy