Nochtah Cosanta

Tháinig an tAcht um Nochtadh Cosanta, 2014 i bhfeidhm ar an 15 Iúil 2014. Cuireann an tAcht creat ar fáil inar féidir le hoibrithe a n-imní a chur in iúl maidir le míghníomh ionchasach atá feicthe acu san ionad oibre agus fios acu gur féidir leo feidhm a bhaint as cosaintí suntasacha agus eile má ghearrann a bhfostóir pionós orthu nó más rud é gurb é/í an fostaí a bheidh thíos leis faoi sin a dhéanamh.

Tá polasaí curtha i bhfeidhm ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus, nuair a chuirtear é sin i gcomhar leis an reachtaíocht, spreagfaidh sin oibrithe chun míghníomh ionchasach a thuairisciú agus fios acu go nglacfar go dáiríre lena n-ábhair imní, go ndéanfar sin a fhiosrú, nuair is cuí, agus go léireofar meas ar a rúndacht.

Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022

Nochtadh Cosanta a Dhéanamh

De réir fhorálacha an Achta um Nochtadh Cosanta 2014, is é Oifigeach Cosanta Sonraí, arna cheapadh ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, an t-oifigeach ainmnithe chun glacadh le nochtadh cosanta.

Sonraí teagmhála: 0749706077, tríd an ríomhphost Eileendoherty@donegaletb.ie nó tríd an bpost chuig:

An tOifigeach um Chosaint Sonraí

Bord Oideachais agus
Oiliúna Dhún na nGall
Ard Uí Dhomhnaill
Leitir Ceanainn
Co Dhún na nGall F92 DP98

Mír 22 Tuairisc ar Nochtuithe Cosanta

Tuarascáil Bhliantúil 2023 maidir le Nochtadh Cosant

Tuarascáil Bhliantúil 2022 maidir le Nochtadh Cosant

Tuarascáil Bhliantúil 2021 maidir le Nochtadh Cosant

Tuarascáil Bhliantúil 2020 maidir le Nochtadh Cosant