Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin

FÁ CHOINNE SCOILEANNA, BREISOIDEACHAIS, COMHLACHTAÍ,
GRÚPAÍ AGUS DAOINE AONAIR DE GACH SÓRT

Is é an rud a dhéanann Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin
(OETC) ná oideachas, sainchúrsaí agus cúrsaí áineasa a dhearadh agus
a reáchtáil. Cuireann sé eispéiris foghlama ar ardchaighdeán, dúshláin
agus spraoi ar fáil i suíomh atá fiáin ach thar a bheith álainn. Cuirtear
cúrsaí ar fáil ar bhonn cónaitheach nó ar bhonn neamhchónaitheach.
Tá na cláir thar a bheith leathan as siocair go ndíríonn siad ar oiliúint i
scileanna, neartú na foirniúlachta agus oiliúint teagascóirí. Ina theannta
sin, is féidir na háiseanna iontacha, lena n-áirítear Seanteach Bád Loch
Ghleann Bheatha, a chur in áirithe le haghaidh comhdhálacha agus
imeachtaí speisialta.

Tá Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin ag cur cúrsaí agus oiliúint ar fáil i ngníomhaíochtaí eachtraíochta ón bhliain 1988 do pháistí chomh hóg le cúig bliana d’aois agus do dhaoine fásta. Cibé cén spéis atá agat in eachtraíocht allamuigh, tá an freagra ag Gartán. Freastalaíonn Gartán ar gach uile dhuine; cuireann sé cúrsaí ar fail do scoileanna, saoire eachtraíochta do theaghlaigh, cúrsaí oiliúna do dhaoine aonair nó rud éigin difriúil do ghrúpa cairde.

Ní amháin go bhfuil suíomh aoibhinn ag an ionad ar bhruach Loch Ghartáin agus faoi urchar méaróige de Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha le gníomhaíochtaí eachtraíochta spóirt a chur ar fáil, ach tá lóistín ar fáil ann, idir bhrú agus en suite, mar aon le bia baile i ndiaidh lá fada ar an uisce nó sna cnoic.

Tabhair Cuairt ar Láithreán Gréasáin Ghartáin

Sonraí Teagmhála

Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin,
Mín an Lábáin
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall

Guthán: 074 9137032

Ríomhphost: gartanoffice@donegaletb.ie