Cód Rialachais
Cód Cleachtais do Rialachas Boird Oideachais agus Oiliúna
Tá ETB Dhún na Gall faoi réir an CHÓID CLEACHTAIS DO RIALACHAS BOIRD OIDEACHAIS AGUS OILIÚNA (Ciorclán 0002/2019). Tá an Bord (is é sin, an t-eintiteas atá comhdhéanta de bhaill thofa agus cheaptha den ETB) agus an lucht bainistíochta cuntasach as bainistiú iomchuí na heagraíochta, á dtreorú go láidir ag na prionsabail atá leagtha amach sa Chód Rialachais i ndáil lena bhfreagracht a chomhlíonadh d’fhonn a chinntiú go gcomhlíonann a chuid gníomhaíochtaí uilig na caighdeáin is airde den rialachas corparáideach, is cuma cé acu, iad a bheith pléite nó gan a bheith pléite sa doiciméad seo. Éilítear ar an bhord a dheimhniú don Aire Oideachais agus Scileanna sa Tuarascáil Bhliantúil agus i Ráiteas an Chathaoirligh araon go gcomhlíonann siad na rialacháin is déanaí den Chód ina gcuid cleachtas agus nósanna imeachta rialachais.
Tá an Príomhfheidhmeannach cuntasach do Choiste na gCuntas Poiblí (Alt 25, an tAcht um Boird Oideachais agus Oiliúna 2013) agus do choistí eile den Oireachtas (Alt 26, an tAcht um Boird Oideachais agus Oiliúna 2013). Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar ráitis airgeadais ETB Dhún na Gall agus cuirtear faoi bhráid an Oireachtais iad de réir na reachtaíochta rialaithe.
Cód Cleachtais do Rialachas Boird Oideachais agus Oiliúna
Coiste um Iniúchóireacht agus Measúnú Riosca agus Coiste Airgeadais ETB Dhún na nGall: Tá léirithe spéise á n-iarraidh le bheith curtha san áireamh le haghaidh ceapacháin ag an Bhord mar bhaill sheachtracha den Choiste um Iniúchóireacht agus Measúnú Riosca agus den Choiste Airgeadais.
Tá cúigear (5) Comhaltaí seachtracha de dhíth don Choiste um Iniúchóireacht & Measúnú Riosca agus Triúr (3) Ball seachtrach don Choiste Airgeadais. Ba chóir d’iarratasóirí Léiriú Spéise a chur isteach i scríbhinn, ag leagan amach a n-oiriúnacht, lena n-áirítear a gcuid taithí ar airgeadas/chuntasaíocht san earnáil phoiblí, ar bhainistíocht riosca agus ar rialachas corparáideach, má bhaineann an taithí sin le hábhar.
Ba chóir iad sin a chur tríd an ríomhphost chuig corporateservices@donegaletb.ie nó sa phost chuig: Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Oifigí Riaracháin, Ard Uí Dhomhnaill, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 DP98 le bheith ansin tráth nach déanaí ná 5.00 i.n. Dé hAoine, 4 Deireadh Fómhair, 2019.