CCanna Foghlaimeoirí

FAIGH AN CUIDIÚ AGUS AN TACAÍOCHT ATÁ DE DHÍTH ORT LE DO THURAS FOGHLAMA A BHAINISTIÚ LE CCanna, TREORACHA AGUS NÍOS MÓ.

Tá muid tiomanta d’eispéireas foghlama ar ardchaighdeán a chur ar fáil a shásaíonn do riachtanais oiliúna de réir mar a théann tú fríd ár gCláir agus níos faide ná sin. Úsáid ár CCanna Foghlaimeoirí le cuidiú le tú a threorú agus aon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith agat a fhreagairt.

Cuidiú agus Tacaíocht ETB Dhún na Gall

Cén dóigh a ndéanaim cinneadh maidir leis an chúrsa is fearr a oireann dom?

Ofrálann an tSeirbhís Treorach agus Faisnéise d’Aosaigh eolas, comhairle, treoir agus comhairliúchán neamhchlaonta agus rúnda ar na roghanna oideachasúla atá ar fáil duit laistigh d’ETB Dhún na nGall agus le soláthraithe oideachais eile chomh maith.  Tá sé mar aidhm ag an tseirbhís tacaíocht a thabhairt duit chun na cinntí cearta a dhéanamh maidir le filleadh ar oideachas agus oiliúint agus le cuidiú leat na cinntí sin a dhéanamh laistigh de chomhthéacs do shaoil ina iomláine.

Mura bhfuil tú cinnte faoi cén cúrsa ba chóir duit a dhéanamh nó má tá cuidiú de dhíth ort le fáil amach cén leibhéal is fearr a oireann duit, cuir scairt orainn ar (074) 9178088, le do thoil. Nuair a dhéanann tú coinne leis an tseirbhís casfaidh ár nOifigeach Faisnéise leat i dtús báire agus soiléireoidh sé/sí do chuid riachtanas, tabharfaidh faisnéis faoi chúrsaí duit agus cuideoidh leat le haon leasanna agus measúnú gairme.  Cuirfear ansin thú chuig treoir aghaidh ar aghaidh le treoirchomhairleoir má tá tacaíocht bhreise de dhíth ort.

Tá ár Seirbhís Faisnéise oscailte do gach duine.

Acmhainní Treorach agus Faisnéise Ar Líne

Más fearr leat do thaighde féin a dhéanamh, d’fhéadfadh na láithreáin ghréasáin seo a leanas a bheith úsáideach:

  • Is é Cúrsa-Aimsitheoir do láithreán gréasáin aitiúil a chuireann eolas cothrom le dáta agus cuimsitheach ar fáil maidir le cúrsaí agus na tacaíochtaí atá ar fáil duit.
  • Is éard is Qualifax ann bunachar sonraí náisiúnta de na cúrsaí breisoideachais agus ardoideachais atá á gcur ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.
  • Bainistíonn an Lár-Oifig Iontrála an próiseas náisiúnta iarratais le hiontráil chuig staidéar tríú leibhéal.
  • Is éard is Careers ann ná bunachar sonraí gairme agus cúrsaí ar-líne; úsáid an próifíleoir spéise le cuidiú leat do chuid spéiseanna a mheaitseáil le cúrsaí agus bunachar sonraí d’eolas ar shlite beatha.
  • Acmhainn ar-líne is ea Student Finance a mhionsonraíonn gach gné a bhaineann le maoiniú, deontais agus sochair leasa shóisialaigh i dtaca le hoideachas agus oiliúint.
Cén dóigh a gcuirim isteach ar chúrsa Breisoideachais agus Oiliúna?

Tá sé furasta cur isteach ar chúrsa in ETB Dhún na nGall.

  • Tig leat dul i dteagmháil leis an duine cuí atá ainmnithe sa rannán faisnéise faoi chúrsaí ar an leathanach ‘Cúrsa-Aimsitheoir’ dár láithreán gréasáin.
  • Tig leat cur isteach ar chúrsa ar líne tríd an láithreán gréasáin Fetch nó trínár láithreán gréasain www.donegaletb.ie 
  • Nó má tá tú ag fáil íocaíochta cuardaitheora poist beidh d’Oifigeach DEASP Intreo ábalta tú a chur ar aghaidh chugainn go díreach.
  • Mar fhocal scoir, má bhíonn deacrachtaí ar bith agat le haon cheann de na bealaí thuasluaite faigh i dteagmháil le Seirbhís Treorach agus Faisnéise d’Aosaigh Dhún na nGall ar (074) 9178088, nó cuir ríomhphost chuig adultguidance@donegaletb.ie
Cá mhéad a chosnóidh cúrsa orm?

I roinnt mhaith cásanna maidir lenár gcúrsaí lánaimseartha tá an oiliúint saor in aisce. Déanta na fírinne, b’fhéidir go mbeifeá i dteideal Liúntas Oiliúna.

Tá cúrsaí oiliúna lánaimseartha trí Sheirbhísí Oiliúna agus Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS) saor in aisce do gach foghlaimeoir agus tá soláthar páirtaimseartha tríd an Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI) saor dóibh siúd atá ag fáil íocaíochta ón Roinn Coimirce Sóisialaí nó do dhuine ar bith a bhfuil cárta leighis aige nó daoine a bhfuil níos lú ná oideachas sinsearach dara léibhéal acu.

Tugann Cúrsaí Oiliúna* agus Scéimeanna SDOG cead dóibh siúd atá dífhostaithe go fadtéarmach tairbhe a bhaint as cúrsaí oiliúna lánaimseartha agus leanúint de bheith ag fáil íocaíochtaí trí liúntas oiliúna. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh foghlaimeoirí a bheith i dteideal liúntais taistil agus cothaithe chomh maith (tá roinnt coinníollacha i gceist).

*Tá roinnt bheag sainchúrsaí ann a bhféadfadh costais a bheith ag baint leo.

Tá cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) faoi réir táille chlárúcháin de €100.00. Clúdóidh an táille chlárúcháin an costas a bhaineann le leabhair, scrúduithe agus fótachóipeáil.

Tá na catagóirí seo a leanas de rannpháirtithe saor ón tobhach táille scrúdaithe QQI de €50.00 a íoc:

  • Daoine a bhfuil cárta leighis iomlán acu agus ag a bpáistí cleithiúnacha;
  • Iad siúd atá i dteideal faoi scéim deontas na mac léinn;
  • Iad siúd atá ag fáil an Liúntais um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEA).

Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas (LFO/BTEA)

Má tú dífhostaithe, i do thuismitheoir aonair nó má tá tú faoi mhíchumas agus ag fáil íocaíochtaí áirithe ón Roinn Coimirce Sóisialaí, is féidir leat a bheith rannpháirteach i gcúrsa dara leibhéal nó tríú leibhéal agus Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEA) a fháil.  Le níos mó eolais a fhail déan teagmháil le d’oifig aitiúil Leasa Shóisialaigh nó tabhair cuairt ar www.gov.ie/en/organisation/department-of-social-protection/.

Tá an clár Cumasóige saor in aisce do dhaoine a fhágann an scoil go luath, idir 16 agus 20 bliain d’aois. Íocfar liúntas oiliúna le foghlaimeoirí: €40.00 in aghaidh na seachtaine dóibh siúd 16 agus 17 mbliana d’aois agus €208 (d’fhéadfadh sé athrú) in aghaidh na seachtaine dóibh siúd 18 mbliana d’aois agus os a chionn.  Lena chois sin, tá liúntais taistil agus cothaithe ar fáil.

Cuireann an Tionscanamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI) cúrsaí páirtaimseartha ar fáil do dhaoine atá 18+ mbliana d’aois gan aon oideachas foirmiúil dara leibhéal.  Tá na cúrsaí seo saor in aisce do rannpháirtithe (nó a gcleithiúnacha) sna cásanna seo a leanas:

  • Má tá níos lú ná oideachas sinsearach dara leibhéal acu, nó
  • Má tá siad ag fáil íocaíochta cuardaitheora poist nó íocaíochta leasa shóisialaigh de réir tástála acmhainne, nó
  • Má tá siad ag fáil forlíonadh ioncam teaghlaigh, nó
  • Má tá cárta leighis acu

I roinnt cásanna, d’fhéadfadh táillí fós a bheith i gceist. Le níos mó eolais a fháil, déan teagmháil le ETB Dhún na nGall ar (074) 9164199.

Seirbhísí Oiliúna Soláthar Páirtaimseartha (Ranganna Tráthnóna) D’fhéadfadh foghlaimeoirí atá ag fáil íocaíochta ón Roinn Coimirce Sóisialaí a bheith i dteideal tarscaoileadh táille, ag brath ar an chineál íocaíochta atá siad a fháil. B’fhéidir go mbeadh costais ghaolmhara áirithe le ranganna oíche páirtaimseartha dóibh siúd atá fostaithe. Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Seirbhísí Oiliúna ar (074) 91 20500.

Acmhainn ar-líne is ea www.studentfinance.ie a mhionsonraíonn gach gné a bhaineann le maoiniú, deontais agus sochair leasa shóisialaigh i dtaca le hoideachas agus oiliúint.

*Le níos mó eolais a fháil ar na cláir thuasluaite nó dá mba rud é gur mhaith leat labhairt le comhordaitheoir aon cheann de na cláir thuas, le do thoil, tabhair cuairt ar an rannán Míniú ar Chláir FET ar an láithreán gréasáin seo. 

An bhfuil maoiniú ar bith ar fáil le haghaidh staidéar lánaimseartha?

Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI)

Is é SUSI údarás aonair náisiúnta bronnta na hÉireann i dtaobh na ndeontas uile ardoideachais agus breisoideachais.  Beidh méid iomlán an deontais a bheas mac léinn i dteideal a fháil ag brath ar ioncam inríofa an mhic léinn. Tig leat an tÁiritheoir Incháilitheachta a sheiceáil ar shuíomh gréasáin SUSI le fáil amach an sásaíonn tú na critéir chun deontas a fháil.

De ghnáth, bíonn incháilitheacht ar dheontas ag brath orthu seo a leanas:

  • Caithfidh tú a bheith i d’Éireannach, ón AE, ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó i do Náisiúnach Eilvéiseach nó cead sonrach a bheith agat fanacht sa Stát agus caithfidh sé go raibh gnáthchónaí ort in Éirinnn, san AE, sa LEE nó san Eilbhéis ar feadh 3 bliana de na 5 bliana atá caite.
  • Caithfidh tú a bheith ag dul chun cinn le d’oideachas (ag ardú do leibhéil oideachais ar an NFQ) agus caithfidh tú a bheith ag freastal ar chúrsa faofa in institiúid fhaofa.
  • I gcásanna áirithe, d’fhéadfá a bheith i dteideal maoinithe mar mhac léinn ‘dara seans’ más rud é gur fhreastail tú cheana féin ar chúrsa ach nár chríochnaigh tú é; agus go bhfuil briseadh 5 bliana sa staidéar agat ó d’fhág tú cúrsa.
Cad iad na foinsí eile maoinithe, eolais agus tacaíochtaí atá ar fáil?

An Scéim Cúraim Leanaí um Fhostaíocht agus Oiliúint (CETS)

Tig leis an scéim CETS cúram leanaí lánaimseartha, páirtaimseartha nó i ndiaidh am scoile a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil a leithéid de dhíth orthu agus iad ag déanamh cúrsa gairmoiliúna trí Sheirbhísí Breisoideachais agus Oiliúna (FET). Is é Coiste Cúraim Leanaí Chontae Dhún na nGall a riarann CETS. Tugtar áiteanna do dhaoine ar bhonn ‘tús freastail ar an cheann is túisce’. Le hiarratas a dhéanamh ar áit in CETS, ní mór do thuismitheoirí litir incháilitheachta a fháil nuair a fhaigheann siad áit ar chúrsa de chuid ETB Dhún na nGall.  Is é an táille uasmhéide a íocfaidh tuismitheoir ná €25.00 ar áit lánaimseartha, €15.00 ar áit pháirtaimseartha nó ar áit iarscoile le seirbhís bailithe, nó €5.00 ar áit iarscoile amháin. Ní dhíoltar an fóirdheontas ach amháin a fhad is a mhaireann an cúrsa. Má fhágann tú an cúrsa, cuirfear deireadh leis an íocaíocht láithreach bonn.

Le tuilleadh eolais ar an scéim CETS a fháil, déan teagmháil le Coiste Cúram Leanaí Chontae Dhún na nGalll ar an uimhir (074) 91 23442 nó cuir r-phost chuig info@donegalchildcare.com.

An tÚdarás um Ard-Oideachas (HEA) do Mhic Léinn faoi Mhíchumas

Cuireann an HEA deontais ar fáil le seirbhísí a sholáthar agus le trealamh a cheannach d’fhoghlaimeoirí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) faoi mhíchumas, mar shampla, cuiditheoir pearsanta, ateangaire comharthaíochta, tacaíocht disléicse, scríobhaí nótaí, iompar, teagasc breise, teicneolaíocht chúnta.

Moltar d’fhoghlaimeoirí faoi mhíchumas/a bhfuil deacrachtaí foghlama acu a míchumas/a ndeacracht foghlama a chur in iúl ar a n-iarratas PLC ag an am a gcláraíonn siad ar chúrsa PLC le ETB Dhún na nGall.  Ansin, rachaidh an coláiste PLC i dteagmháil leis an fhoghlaimeoir a nochtann a riachtanas tacaíochta agus déanfar iarratas chuig Ciste Sóisialta na hEorpa (CSTE) do Mhic Léinn faoi Mhíchumas nuair is cuí.

Student Finance

Is suíomh gréasáin Rialtais é Student Finance a chuireann foinse faisnéise soláimhsithe ar fáil maidir le tacaíocht airgeadais le haghaidh breisoideachais agus ardoideachais.  Le níos mó eolais a fháil, tabhair cuairt ar www.studentfinance.ie

An bhfuil mise i dteideal liúntas oiliúna a fháil?

Tá na cúrsaí a chuireann seirbhís FET an ETB ar fáil saor in aisce agus d’fhéadfá liúntas oiliúna a fháil ar fhormhór ár gcúrsaí lánaimseartha a fhad is a mhaireann do chúrsa. (***Taobh amuigh de chúrsaí PLC***) Ina theannta sin, tig leat liúntas lóistín a éileamh más gá duit stopadh i bhfad ó bhaile ar feadh fhad an chúrsa nó liúntas taistil agus i roinnt cásanna tá liúntas béilí iníoctha. D’fhéadfá a bheith i dteideal áit chúraim leanaí saor in aisce do do pháiste faoin CETS nó Scéim Cúraim Leanaí Inacmhainne. Níl liúntais oiliúna inchánach.

Tig leis an ionad ETB is giorra duit tú a chur ar an eolas faoi do theidlíocht chun aon liúntais a fháil agus tú chúrsa lánaimseartha FET.

Faigheann daoine óga atá ag freastal ar an chlár Cumasóige liúntas oiliúna sa ghnáthchúrsa ag brath ar a n-aois – €45 do dhaoine 16 agus 17 mbliana d’aois agus €208 do dhaoine 18+ mbliana d’aois. 

Tá mé faoi mhíchumas/tá sainriachtanais agam; cén tacaíocht atá ar fáil dom?

Má tá tú faoi mhíchumas agus/nó má tá sainriachtanais agat, tá réimse clár againn a fhreastalaíonn ar do chuid riachtanas. Chomh maith leis sin, is féidir tacaíochtaí eile oiliúna a chur ar fáil ar nós: 

  • teicneolaíochtaí oiriúnaitheacha, mar shampla bogearraí léitheoireachta scáileáin;
  • troscán, trealamh nó gléasanna oiriúnacha;
  • scrúduithe a athrú nó a leasú, mar shampla trí am breise a cheadú nó léitheoir nó scríobhaí a chur ar fáil;
  • seirbhís léitheoireachta nó ateangaireachta a chur ar fail.

Tá sé tábhachtach go bhfuil ETB Dhún na nGall ar an eolas faoi do riachtanais maidir le do mhíchumas ag an am a roghnaíonn tú cúrsa/earcaítear thú le plé a éascú faoi cé na cláir is fearr a oireann duit. Cuideoidh sé linn fosta aon tacaíochtaí oiliúna breise atá de dhíth a chur ar fáil. Más rud é gur athraigh do chuid cúinsí ón am a chláraigh tú leis an ETB mar fhoghlaimeoir, le do thoil, déan teagmháil leis an tSeirbhís Treorach agus Faisnéise d’Aosaigh le cuidiú agus comhairle a fháil ar (074) 917 8088.

*Le do thoil, amharc ar na rannáin ‘Cad iad na Foinsí Maoinithe, Eolais agus Tacaíochtaí Eile atá ar fáil’ nó ‘An bhfuil mé i dteideal liúntas oiliúna a fháil?’ sa roghchlár CCanna le níos mó eolais a fháil ar na deontais atá ar fáil ón Údarás um Ard-Oideachas do mhic léinn faoi mhíchumas.

An bhfuil mo chúrsa fós ag dul ar aghaidh; chuir mé isteach ar áit ach níor chuala mé aon rud go fóill?

Faigheann iarratasóir freagra uathoibríoch a luaithe agus a chuireann sé/sí isteach ar chúrsa ar líne le hé/hi a chur ar an eolas go bhfuarthas a (h)iarratas agus déanfar teagmháil leis/léi in am is i dtráth. 

Más rud é gur chuir tú isteach ar chúrsa ar líne trí Fetch courses ach ní bhfuair tú freagra i ndiaidh an fhreagra tosaigh uathoibríoch, ná bí buartha; déanfaidh lucht earcaíochta an chúrsa nó comhordaitheoir do chúrsa teagmháil leat níos giorra do dháta tosaigh sceidealaithe an chúrsa. 

Téigh chuig an cúrsa-aimsitheoir ar láithreán gréasáin an ETB le heolas a fháil ar ábhar an chúrsa, sonraí teagmhála chomhordaitheoir an chúrsa agus eolas maidir le aon socruithe eile atá i bhfeidhm don chúrsa.

An bhfuil clár ama ar fáil ar líne maidir le mo chúrsa?

Tig le dátaí tosaigh na gcúrsaí athrú ag brath ar éileamh agus ar an ábhar sin ní chuireann ETB Dhún na nGall cláir ama ranganna ar fáil roimh ré. Má tá eolas breise de dhíth ort, le do thoil, déan teagmháil le comhordaitheoir do chúrsa; tá na sonraí teagmhála cuí ar fáil ar an leathanach Cúrsa-Aimsitheoir ar ár láithreán gréasáin.

Cén dóigh a dtig liom cur isteach ar mhaoiniú le cúrsa a reáchtáil tríd an ETB?

Tacaíonn an Clár Oideachais Pobail le soláthraithe oideachais pobail le deiseanna oideachais ar chostas íseal, atá lonnaithe go háitiúil, a eagrú agus a sheachadadh do ghrúpaí daoine nach dtapaíonn deiseanna mar sin de ghnáth.  Le níos mó eolais a fháil maidir leis an dóigh le cur isteach ar mhaoiniú, amharc ar an fhoirm iarratais nó labhair le duine de na comhordaitheoirí atá freagrach as an Chlár Oideachais Pobail. Tabhair cuairt ar An Clár Oideachais Pobail ar ár láithreán gréasáin, le do thoil.

Cad ba chóir dom a dhéanamh mura bhfuil mé ábalta freastal ar mo chúrsa?

Mura bhfuil tú ábalta freastal ar an chúrsa ar chúis éigin, ní mór duit d’oide, do theagascóir nó d’fhostóir a chur ar an eolas ar maidin lá ar bith a bhíonn tú as láthair. Ní mór do Phrintísigh Cheardaíochta agus d’Fhoghlaimeoirí ar shocrúchán oibre a n-oide, a dteagascóir nó a bhfostóir a chur ar an eolas fosta. 

Coinneoidh d’oide/do theagascóir/chomhordaitheoir taifead ar do neamhláithreacht ar an Leathanach Achoimre Seachtainiúla Tinrimh. 

Cad a tharlaíonn mura ndéanaim teagmháil le m’oide, mo theagascóir nó m’fhostóir?

Mura ndéanann tú teagmháil le d’oide, do theagascóir nó d’fhostóir agus ní fhreastalaíonn tú ar feadh trí lá i ndiaidh a chéile, glacfar leis gur fhág tú an cúrsa oiliúna. Má tharlaíonn sé sin déanfar athbhreithniú ar do rannpháirtíocht ar an chúrsa oiliúna agus seans go gcuirfear as an chúrsa thú.

An íocfar mé le linn dom a bheith as láthair ó mo chúrsa?
  • Má tá tú tinn agus níl tú ábalta freastal ar an chúrsa ar chúis éigin, ní mór duit d’oide, do theagascóir nó d’fhostóir a chur ar an eolas ar maidin lá ar bith a bhíonn tú as láthair. 
  • Mura ndéanann tú teagmháil le d’oide, do theagascóir nó d’fhostóir agus ní fhreastalaíonn tú ar feadh trí lá i ndiaidh a chéile, glacfar leis gur fhág tú an cúrsa oiliúna. Má tharlaíonn sé sin déanfar athbhreithniú ar do rannpháirtíocht ar an chúrsa oiliúna agus seans go gcuirfear as an chúrsa thú.
  • Ní íocfar thú do lá ar bith a bhaineann le tinneas gan teastas dochtúra. Le cruatan nach gá a sheachaint, is féidir leanúint ar aghaidh le híocaíocht na liúntas lóistín agus breosla (de réir mar is cuí) ar feadh thréimhse an Tinnis Deimhnithe agus an Tinnis Neamhdheimhnithe, tréimhsí nach maireann i bhfad de ghnáth. 
  • Tig le híocaíocht liúntas forlíontach (.i. béilí agus taisteal) leanúint ar aghaidh má bhíonn tú i láthair le linn na seachtaine oiliúna (1 lá ar a laghad).

Cad é an scéal má bhím as láthair de bharr coinne dochtúra, fiaclóra nó radharceolaí?

  • Íocfar thú as neamhláithreacht réasúnach a tharlaíonn de bharr coinní leighis. Áiríonn iad siúd cuairteanna ospidéil le haghaidh tástálacha agus scanadh leighis, mar aon le coinní comhairleora, fiaclóra nó radharceolaí.
  • Beidh cruthúnas ar choinne de dhíth le híocaíocht a fháil, mar shampla cóip de litir choinne.
  • Ba chóir gach iarracht a dhéanamh le teorainn a chur le fad na neamhláithreachta.

Cad é an scéal má bhím as láthair mar gheall ar bhás sa teaghlach?

Má bhíonn tú as láthair mar gheall ar bhás céile/páirtí íocfar suas le cúig lá saoire atruach leat má tá tú ag fáil liúntas oiliúna.

Má bhíonn tú as láthair mar gheall ar bhás duine muinteartha (an neasteaghlach), íocfar suas le trí lá saoire atruach leat má tá tú ag fáil liúntas oiliúna. Tá do neasteaghlach sainithe mar do thuismitheoir (nó leastuismitheoir/tuismitheoir céile), dearthair (nó leasdeartháir/deartháir ceile), deirfiúr (nó leasdeirfiúr/deirfiúr céile), seantuismitheoir nó garpháiste.

Gheobhaidh tú lá amháin de shaoire atruach i gcás bás garghaolta eile lena n-áirítear uncail, aintín, neacht nó nia.

Cé na cáipéisí atá de dhíth mura bhfuil mé ábalta freastal ar mo chúrsa?

Cáipéisí Tacaíochta atá de dhíth le haghaidh Neamhláithreacht Íoctha

Ní mór dúinn bunchóip de theastas dochtúra a fháil taobh istigh de dhá sheachtain den chéad lá neamhláithreachta de bharr tinnis.

Maidir le coinní dochtúra, ficalóra nó radharceolaí, ní mor duit cruthúnas a chur ar fáil den choinne leighis roimh an choinne. I gcás éigeandála, ní mór duit cruthúnas a chur ar fáil ar an chéad lá oibre eile i ndiaidh an choinne.

Íocaíochtaí Tinnis Deimhnithe le Foghlaimeoirí atá ag fáil Liúntas de chuid ETB Dhún na nGall

Déantar íocaíochtaí le haghaidh tinneas deimhnithe le foghlaimeoirí atá ag fáil Liúntas Oiliúna ETB Dhún na nGall. Seo a leanas na rialacha a bhaineann le híocaíocht na liúntas le haghaidh tinneas deimhnithe:

  1. a) Maidir le foghlaimeoirí atá ag fáil Liúntas Oiliúna ETB Dhún na nGall nach raibh ag fáil íocaíocht mhíchumais ón Roinn Coimirce Sóisialaí sular thosaigh siad an cúrsa, tá na rialacha seo a leanas i bhfeidhm:

A luaithe agus a fhaightear teastas dochtúra bailí taobh istigh den am riachtanach, déantar íocaíochtaí le haghaidh neamhláithreacht dheimhnithe tinnis. Mar sin féin, tá roinnt srianta i bhfeidhm. Mar shampla:

Is féidir uasmhéid de shé íocaíocht lae tinnis a dhéanamh in aon tréimhse trí mhí i ndiaidh a chéile.

Má bhíonn foghlaimeoir as láthair mar gheall ar thinneas ar feadh tréimhse níos faide ná sé lá, ba chóir dóibh teagmháil a dhéanamh leis an oifig áitiúil de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí maidir le teidlíochtaí chun sochair a fháil. 

Ba chóir do phrintísigh teagmháil a dhéanamh lena bhfostóir maidir le haon íocaíochtaí a d’fhéadfadh siad a bheith i dteideal a fháil.

  1. b) Maidir le foghlaimeoirí a bhí ag fáil íocaíocht mhíchumais ón Roinn Coimirce Sóisialaí sular thosaigh siad an cúrsa, tá na rialacha seo a leanas i bhfeidhm;

A luaithe agus a fhaightear teastas dochtúra bailí taobh istigh den am riachtanach, déantar íocaíochtaí le haghaidh neamhláithreacht dheimhnithe tinnis. Mar sin féin, tá roinnt srianta i bhfeidhm. Mar shampla:

  • Leanfaidh foghlaimeoir faoi mhíchumas le liúntas oiliúna a fháil ar feadh 20 lá oibre (saoire tinnis deimhnithe) san iomlán in aon tréimhse ceithre mhí.
  • Má bhíonn 20 lá tinnis san iomlán ag foghlaimeoir thar thréimhse ceithre mhí, déanfaidh muid athbhreithniú ar an chás leis an fhoghlaimeoir.
  • Más rud é gur dócha nach mbeidh an foghlaimeoir ábalta leanúint ar aghaidh leis an chúrsa oiliúna, déanfar socruithe idir ETB Dhún na nGall agus an Roinn Coimirce Sóisialaí le híocaíocht leasa shóisialaigh an duine a thabhairt ar ais.
  • Is féidir le foghlaimeoirí níos mó soiléirithe a fháil ar na nithe thuasluaite agus ar aon srianta eile a bhaineann lena sainchúinsí ach an scéal a phlé lena n-oide, teagascóir nó fostóir. 

Asbhaint Liúntas Béilí agus Taistil mar gheall ar Neamhláithreachtaí Foghlaimeoirí

Déanfar asbhaintí ó liúntais bhéilí agus taistil bunaithe ar neamhláithreachtaí foghlaimeoirí. Beidh na hasbhaintí sin bunaithe ar líon na mbéilí nó na dturas nár tharla mar gheall ar neamhláithreacht an fhoghlaimeora. 

Má bhíonn tú as láthair de bharr tinnis, tig le híocaíocht liúntas béilí agus taistil leanúint ar aghaidh má bhíonn tú i láthair le linn na seachtaine oiliúna (1 lá ar a laghad).

Tá mé ag iompar clainne; cén saoire atá mé i dteideal a ghlacadh?

Tá tú i dteideal 26 seachtain i ndiaidh a chéile de shaoire mháithreachais bhunúsach a ghlacadh. Glactar saoire mháithreachais dhá go ceithre seachtaine roimh an bhreith a bhfuiltear ag súil léi. Caithfidh tú dhá sheachtain ar a laghad a ghlacadh roimh do sheachtain breithe clainne agus ceithre seachtaine ina diaidh.  Is éard atá i gceist le seachtain breithe clainne ná an tseachtain ina dtabharfaidh tú leanbh ar an saol dar leis na dochtúirí. Tá tú i dteideal 16 seachtaine bhreise de shaoire gan phá go díreach i ndiaidh do do shaoire mháithreachais bhunúsach críochnú.

Cén fógra ba chóir dom a thabhairt d’ETB Dhún na nGall maidir le saoire mháithreachais?

Ba chóir duit d’oide nó do theagascóir a chur ar an eolas a luaithe agus is féidir ionas go dtig linn a chinntiú go dtig linn tacú leat agus le do chuid riachtanas agus tú ag iompar clainne.

Caithfidh tú fógra 4 seachtaine ar a laghad a thabhairt dúinn i scríbhinn go bhfuil sé ar intinn agat saoire mháithreachais a ghlacadh.  Caithfidh tú teastas dochtúra a chur ar fáil ag deimhniú an dáta breithe clainne a bhfuiltear ag súil leis. Caithfidh tú muidne a chur ar an eolas i scríbhinn má tá sé ar intinn agat an tsaoire bhreise 16 seachtaine gan phá a ghlacadh;

  • ar an dáta a chuireann tú in iúl dúinn go bhfuil sé ar intinn agat saoire mháithreachais bhunúsach a ghlacadh; nó
  • ar a laghad 4 seachtaine roimh dheireadh na tréimhse 26 seachtaine de shaoire mháithreachais bhunúsach.

Caithfidh tú a chur in iúl dúinn go bhfuil sé ar intinn agat fileadh ar do chúrsa oiliúna ar a laghad ceithre seachtaine roimh an dáta fillte atá beartaithe agat. Déanfaidh muid iarracht freastal ort a oiread agus is féidir le go dtig leat do chuid oiliúna a chríochnú. B’fhéidir go mbeadh ort do chúrsa oiliúna a chríochnú ag dáta níos déanaí nó i suíomh eile más rud é gur tháinig deireadh le do chlár oiliúna ó chuaigh tú ar saoire mháithreachais.

An íoctar Sochar Máithreachais nó Liúntais Oiliúna liom agus mé ar saoire mháithreachais?

Ní íocann muid Sochar Máithreachais ná Liúntais Oiliúna le linn thréimhse na saoire máithreachais. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an oifig áitiúil den Roinn Coimirce Sóisialaí a luaithe agus is féidir le plé a dhéanamh ar aon teidlíochtaí a d’fhéadfá a bheith i dteideal a fháil le linn do shaoire máithreachais. Seans go molfadh muid duit agus go dtabharfadh muid am duit le cuairt a thabhairt ar an oifig áitiúil den Roinn Coimirce Sóisialaí a luaithe agus a thugann tú fógra dúinn go bhfuil sé ar intinn agat saoire mháithreachais a ghlacadh.

An dtig liom am saor a ghlacadh le haghaidh coinní leighis?

Mar bhean atá ag iompar, tig leat am réasúnach a ghlacadh saor le haghaidh coinní leighis a bhaineann leis an toircheas. Níl aon uasmhéid nó íosmhéid am saor sonraithe do na cuairteanna sin. Tá tú i dteideal an oiread am saor agus is féidir le freastal ar gach cuairt. Áiríonn sé sin an t-am atá de dhíth le taisteal chuig an choinne agus ón choinne agus an t-am atá de dhíth le freastal ar an choinne í féin. Caithfidh tú, a oiread agus is féidir, fógra dhá sheachtain a thabhairt maidir le do choinní leighis. Ba chóir duit do chárta coinne a thaispeáint má iarrann ETB Dhún na nGall ort déanamh amhlaidh ag am ar bith i ndiaidh do chéad choinne. Má fhaigheann tú liúntas oiliúna, tá tú i dteideal íocaíocht a fháil agus tú ag coinneáil na gcoinní leighis sin ar feadh fhad an chúrsa.

An dtig liom am saor a ghlacadh le haghaidh ranganna réamhbhreithe?

Tá tú i dteideal am saor a ghlacadh le freastal ar aon sraith iomlán de ranganna réamhbhreithe le linn do thoirchis seachas an trí rang dheireanacha den tsraith. Tá athair atá ag súil le páiste i dteideal am saor a ghlacadh fosta, ar bhonn aon uaire, le freastal ar an dá rang réamhbhreithe dheireanacha.

Sláinte agus Sábháilteacht

Seans go n-iarrfadh muid ort deimhniú ó do dhochtúir a thabhairt dúinn, deimhniú a léiríonn go bhfuil sé sábháilte duit leanúint ar aghaidh le do chuid oiliúna. Braithfidh sé sin ar an chineál cláir oiliúna atá tú a dhéanamh. Má thagann sé chun solais go bhfuil riosca ann, b’fhéidir go gcuirfeadh muid do chuid oiliúna nó cuid di ar ceal.

Cén tacaíocht atá ar fáil le haghaidh cúram leanaí?

Cuirtear soláthar cúraim leanaí ar fáil faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (SNCL).

Tá dhá chineál fóirdheontais cúraim leanaí ann do leanaí idir 24 seachtain agus 15 bliana d’aois:

  • Fóirdheontas uilíoch nach ndéantar tástáil acmhainne ina leith agus a sholáthraíonn €1.40 in aghaidh na huaire suas le 45 uair an chloig sa tseachtain;
  • Fóirdheontas ioncam-mheasúnaithe a bhíonn bunaithe ar thástáil acmhainne agus a ríomhtar de réir dhálaí aonair an teaghlaigh.

Braithfidh na rátaí ar leibhéal ioncaim do theaghlaigh, ar aois agus céim oideachais do linbh, agus ar líon na leanaí atá sa teaghlach.

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar cibé fóirdheontas is mó a théann chun sochair duit féin agus do do theaghlach. Tá áireamhán fóirdheontais ar fáil anseo a chabhróidh leat meastachán a dhéanamh ar an tsuim a bhféadfá a bheith incháilithe di sula ndéanfaidh tú d’iarratas.

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh ar an SNCL?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an bhfóirdheontas ar líne anseo trí MyGovID fíoraithe a úsáid. Má theastaíonn treoir uait, féach ar líne an Treoir ar Líne maidir le hIarratas a Dhéanamh anseo.

De rogha air sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Ionad Tacaíochta do Thuismitheoirí ar 01 906 8530 chun iarratas poist a iarraidh. Is iad na huaireanta oscailte ná Luan go hAoine ó 9r.n go 5i.n. Cliceáil anseo chun ár n-uaireanta oscailte don Nollaig agus don Athbhliain a fheiceáil.

Nuair a bheidh d’iarratas faofa, is féidir leat d’fhóirdheontas a úsáid le haon soláthraí cúraim leanaí atá rannpháirteach, feighlithe leanaí san áireamh, atá cláraithe le Tusla.

Tá liosta iomlán de sholáthraithe seirbhíse cúraim leanaí SNCL ar fáil anseo.

Le níos mó eolais a fháil, féach le do thoil ar shuíomh Gréasáin na Scéim Náisiúnta um ChúraIm Leanaí anseo.

Cad atá i gceist leis an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí

Dearadh an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) le ligean do mhic léinn comparáid a dhéanamh idir cáilíochtaí agus iad a rangú trasna deich leibhéal ó chéimeanna tosaigh na foghlama go dtí na céimeanna is airde. Tá gach leibhéal bunaithe ar chaighdeáin atá aontaithe go náisiúnta maidir lena bhfuiltear ag súil le bheith ar eolas ag duine aonair, cad ba chóir do dhuine aonair a thuiscint agus a bheith ábalta a dhéanamh i ndiaidh dó clár foghlama a chríochnú go sásúil. 

Is éard is foras cáiliúcháin ann comhlacht náisiúnta a bhfuil an t-údarás aige cáilíocht a bhronnadh le haitheantas a thabhairt d’fhoghlaim a tharla. Tá roinnt foras cáiliúcháin náisiúnta ann a bhfuil a gcuid dámhachtainí san áireamh sa NFQ ar nós Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC) a chreidiúnaíonn an Teastas Sóisearach agus an Ardteistiméireacht. Cuireadh forais cháiliúchain ar nós City & Guilds agus saincháilíochtaí gairmiúla tionscail in Éirinn agus sa RA san áireamh sa NFQ fosta.

Tig leis an NFQ cuidiú leat cinntí stuama a dhéanamh faoi cén leibhéal de chúrsa is fearr a oireann duit agus le hé a dhéanamh níos fusa duit míniú a thabhairt ar na cáilíochtaí atá agat agus iad siúd a bhfuil tú ag staidéar fána choinne. Éiríonn sé sin an-tábhachtach má tá tú ag smaoineamh ar fhoghlaim bhreise a dhéanamh nó ar dhul i mbun fostaíochta in Éirinn agus thar lear.  Le níos mó eolais ar an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí a fháil, cliceáil anseo le do thoil.