Dearbhú Cáilíochta

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall tiomanta do chultúr cáilíochta a fhorbairt, agus dá chinntiú go mbíonn eispéireas foghlama ar cháilíocht dhearbhaithe ag rannpháirtithe a ghlacann páirt i gclár breisoideachais agus oiliúna leis an eagraíocht.

Dearbhú Cáilíochta sa Bhreisoideachas agus Oiliúint

Tá ETB Dhún na nGall tiomanta dá chuid polasaithe agus nósanna imeachta nua um dhearbhú cáilíochta (DC) a fhorbairt ar aon dul lena spriocanna agus tosaíochtaí straitéiseacha mar a leagtar amach ina Ráiteas Straitéise agus i gcomhréir le ceanglais Chroí-Threoirlínte Reachtúla DCCÉ maidir le DC.

Beartais agus Nósanna Imeachta

Tá ár mBeartais agus Nósanna Imeachta Oidhreachta agus ár mBeartais agus Nósanna Imeachta Athbhreithnithe maidir le DC ar fáil anseo.

Faigh amach níos mó

Rialachas agus Bainistíocht

Is féidir teacht ar eolas anseo maidir lenár Struchtúr Rialachais agus Bainistíochta, forbairt cláir, bainistíocht faisnéise, agus earcaíocht agus forbairt foirne.

Faigh amach níos mó

Teagasc & Foghlaim

Tá eolas ar fáil anseo maidir le dearbhú a dhéanamh ar cháilíocht an phróisis measúnaithe agus ar aistear an mhic léinn, mar aon le tacaíochtaí do mhic léinn.

Faigh amach níos mó

Féinmheasúnú agus Monatóireacht

Tá ár dtuarascálacha féinmheasúnaithe agus pleananna gníomhaíochta ar fáil anseo, mar aon le sonraí maidir lenár rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara.

Faigh amach níos mó