Polasaí maidir le Príobháideachas & Fianáin

Polasaí maidir le Príobháideachas & Fianáin

Ní úsáidfidh ETB Dhún na nGall aon eolas pearsanta ar bhealach ar bith seachas don chuspóir ar cuireadh ar fáil é. Má chuireann tú sonraí pearsanta isteach ar ár láithreán gréasáin m.sh. trí fhoirm teagmhála a chomhlánú, caithfear le haon eolas mar sin a chuirtear ar fáil leis na caighdeáin is airde de shlándáil agus de rúndacht agus muid ag cloí lenár bpolasaithe Cosanta Sonraí. Is féidir leat na polasaithe sin a léamh ina n-iomláine anseo. 

Má bhíonn aon eolas breise de dhíth ort, úsáid na sonraí thíos le teagmháil a dhéanamh linn;

Oifigeach Cosanta Sonraí
Oifigí Riaracháin ETB Dhún na nGall
Ard Uí Dhomhnaill
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall 
F92 DP98

Guthán: 074 9161560
Ríomhphost: dataprotection@donegaletb.ie

Polasaí maidir le Fianáin

Úsáideann ár láithreán gréasáin fianáin, mar a dhéanann beagnach gach láithreán gréasáin, le cuidiú  linn an t-eispéireas is fearr agus is féidir a thabhairt duit. Is éard is fianáin ann comhaid bheaga téacs a chuirtear ar do ríomhaire nó ar d’fhón póca nuair a bhrabhsálann tú láithreáin ghréasáin.

Cuidíonn ár bhfianáin linn:

  • A chinntiú go bhfuil ár láithreán gréasáin ag obair mar a bheifeá ag súil leis
  • Cuimhne a dhéanamh ar do chuid socruithe le linn agus idir cuairteanna
  • Luas/slándáil an láithreáin a fheabhsú
  • Ligean duit leathanaigh a roinnt le líonraí sóisialta cosúil le Facebook
  • Feabhas leanúnach a chur ar ár láithreán gréasáin duit
  • Ár gcuid margaíochta a dhéanamh níos éifeachtúla (ag cuidiú linn sa deireadh an tseirbhís a chuireann muid ar fáil a thairiscint ag an phraghas a iarrann muid)

Ní úsáideann muid fianáin le:

  • Aon eolas a bhailiú a shainaithneodh thú go pearsanta (gan do chead dearfa)
  • Aon eolas íogair a bhailiú (gan do chead dearfa)
  • Sonraí a thabhairt do líonraí fógraíochta
  • Sonraí inaitheanta phearsanta a thabhairt do thríú páirtithe
  • Coimisiúin díolacháin a íoc

Tig leat níos mó a fhoghlaim faoi na fianáin uilig a úsáideann muid thíos

Cead a thabhairt dúinn le fianáin a úsáid

Má athraítear na socruithe ar na bogearraí atá in úsáid agat le hamharc ar an láithreán gréasáin seo (do bhrabhsálaí) le glacadh le fianáin, glacann muid leis, agus le d’úsáid leanúnach dár láithreán gréasáin, go gciallaíonn sé sin go bhfuil tú sásta leis sin.   Dá mba rud é gur mhaith leat fianáin ónár láithreán gréasáin a bhaint nó gan iad a úsáid, tig leat foghlaim an dóigh leis sin a dhéanamh. Mar sin féin, seans gur dócha nach n-oibreoidh ár láithreán gréasáin chomh maith agus a bheifeá ag súil leis.

Níos mó faoinár bhFianáin

Ár bhfianáin féin

Úsáideann muid fianáin lenár láithreán gréasáin a chur ag obair lena n-áirítear:

  • Do shocruithe cuardaigh a chuimhneamh
  •  Ár láithreán gréasáin a chur ag obair sa dóigh a mbeifeá ag súil leis

Níl bealach ar bith ann le cosc a chur ar na fianáin sin a bheith socraithe seachas gan ár láithreán a úsáid.

Feidhmeanna tríú páirtithe

Áiríonn ár láithreán, cosúil le beagnach gach láithreán, feidhmiúlacht atá curtha ar fáil ag tríú páirtithe. Sampla coitianta is ea físeán leabaithe de chuid YouTube, Google Maps agus Fothaí Leabaithe Twitter. 

Má dhíchumasaítear na fianáin seo is dócha go mbrisfear na feidhmeanna atá á dtairiscint ag na tríú páirtithe seo.

Fianáin Láithreán Gréasáin Shóisialta

Ionas go dtig leat “Is maith liom” a chur in iúl maidir leis an ábhar s’againn nó é a roinnt ar leithéidí Facebook agus Twitter tá cnaipí roinnte curtha san áireamh againn ar ár láithreán.

Fianáin Staitisticí Cuairteora Anaithnid

Úsáideann muid fianáin le staitisticí maidir le cuairteoirí a chur le chéile ar nós líon na ndaoine a thug cuairt ar ár láithreán gréasáin, cén cineál teicneolaíochta atá in úsáid acu (m.sh. Mac nó Windows, rud a chuidíonn linn a aithint nuair nach bhfuil ár láithreán gréasáin ag obair mar a ba chóir do theicneolaíochtaí áirithe), cé chomh fada agus a chaitheann siad ar an láithreán, cén leathanach a n-amharclann siad air srl. Cuidíonn sé sin linn feabhas a chur ar ár láithreán gréasáin ar bhonn leanúnach. Insíonn na cláracha “anailísíochta” seo dúinn cé acu, ar bhonn anaithnid, cá mhéad duine a bhain an suíomh amach (m.sh. ó inneall cuardaigh) agus cé acu a bhí siad anseo roimh ré, rud a chuidíonn linn níos mó airgid a chur isteach i bhforbairt ár gcuid seirbhísí duitse seachas é a chaitheamh ar mhargaíocht.

Úsáideann muid: Google Analytics

Fianáin a Chur As

Tig leat fianáin a chur as de ghnáth trí do shocruithe brabhsálaí a athrú le hé a stopadh ó ghlacadh le fianáin (Foghlaim an dóigh leis sin a dhéanamh anseo). Má dhéanann tú é sin, áfach, is dócha go gcuirfear srian ar fheidhmiúlacht ár láithreáin gréasáin agus lear mór de láithreáin ghréasáin an domhain ós rud é gur gnáthpháirt d’fhormhór na láithreán gréasán nua-aimseartha iad. 

Seans go mbaineann d’ábhair imní maidir le fianáin le rud a dtugtar “earraí spiaireachta” air. Seachas fianáin a chur as i do bhrabhsálaí d’fhéadfá a fháil amach go mbaineann earraí frithspiaireachta an sprioc chéanna amach trí fhianáin a mheastar a bheith ionrach a scriosadh. Foghlaim níos mó faoin dóigh le fianáin a bhainistiú le hearraí frithspiaireachta. 

Tháinig an t-eolas maidir le fianáin ar an láithreán seo ó ábhar atá curtha ar fail ag Attacat Internet Marketing http://www.attacat.co.uk, gníomhaireacht margaíochta atá lonnaithe i nDún Éideann. Má tá eolas cosúil leis sin de dhíth ort do do láithreán gréasáin féin tig leat a n-uirlis iniúchóireachta fianán saor in aisce a úsáid.