Oifigeach Rochtana

 

Oifigeach Rochtana

Éilíonn Alt 26 den Acht um Míchumas, 2005 ar gach Comhlacht Poiblí ball foirne amháin ar a laghad a ainmniú le feidhmiú mar Oifigeach Rochtana le socruithe agus comhordú a dhéanamh i dtaca le cúnamh agus treoir a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas ionas gur féidir leo rochtain a fháil ar a chuid seirbhísí.
Is féidir le daoine atá ag lorg cúnaimh teagmháil a dhéanamh le Christina McEleney, Oifigeach Rochtana ETB Dhún na nGall tríd an ríomhphost ag: 
access.officer@donegaletb.ie 

 

 

An tOifigeach Fiosrúchán

Tá Oifigeach Fiosrúchán ceaptha ag ETB Dhún na nGall chun fiosrúchán a dhéanamh ar ghearáin a rinneadh faoi Roinn 38 den Acht um Míchumas.

Déanfaidh an tOifigeach Fiosrúchán fiosrúchán neamhspleách go príobháideach agus cuirfidh siad tuarascáil ar fáil a chuirfidh in iúl

  • má tá do ghearán bailí
  • má bhí teip ann ó thaobh an ETB de i dtaca le do ghearán.
    AGUS
  • I gcás ina raibh teip, tabharfar le fios na céimeanna a ghlacfar chun comhlíontacht amach anseo a chinntiú

Is gá gearán a dhéanamh i scríbhinn, r-phost san áireamh. Ba cheart gach sonra teagmhála an duine atá ag déanamh an ghearáin a bheith mar chuid de.

Ba cheart cuir in iúl sa ghearán gur gearán é faoi Roinn 38 den Acht um Míchumas 2005. Ba cheart ábhar an ghearáin i dtaca le teip an ETB chun rochtain a chur ar fáil faoi Ranna 25 go 28 den Acht, a leagan amach, chomh soiléir agus is féidir.

Ba cheart an gearán a dhéanamh faoin Acht um Míchumas 2005 chuig an Oifigeach Fiosrúchán, Seirbhísí Corparáideacha, ETB Dhún na nGall, Ard Uí Dhónaill, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

Ríomhphost – inquiry.officer@donegaletb.ie

 

 

Achomhairc faoin Acht um Míchumas (Oifig an Ombudsman) 

I gcás nach bhfuil tú sásta lenár bhfreagra, is féidir achomharc maidir le cinneadh ar bith i dtaca le gearán faoin Acht um Míchumas 2005 a chur i scríbhinn chuig:

Oifig an Ombudsman
6 Ardán Phort an Iarla,
Baile Átha Cliath 2 D02 W773
R-phost gearán: complaints@ombudsman.ie
Suíomh gréasáin: htts://www.ombudsman.ie

An Oifig Rochtana

Christina McEleney                                                           
Oifigeach Rochtana
24 Arda Pháirc an Mhuilinn
Bun Cranncha
Co. Dhún na nGall
F93 YT99

Guthán: 0879369312 
Ríomhphost: access.officer@donegaletb.ie

 

An tOifigeach Fiosrúchán

                                                          
Oifigeach Fiosrúchán
Seirbhísí Corparáideacha
ETB Dhún na nGall
Ard Uí Dhónaill
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall

Ríomhphost: inquiry.officer@donegaletb.ie